Cumhachtaí bronnta ar an gCoimisinéir Gaeilge ó thuaidh agus stádas oifigiúil don Ghaeilge sa dlí

Chuir Státrúnaí na Breataine, Hilary Benn, ordú um thosach feidhme os comhair Theach na dTeachtaí i Londain inniu chun cumhachtaí a bhronnadh ar an gCoimisinéir Gaeilge

Cumhachtaí bronnta ar an gCoimisinéir Gaeilge ó thuaidh agus stádas oifigiúil don Ghaeilge sa dlí

Státrúnaí na Breataine, Hilary Benn i dTeach na dTeachtaí i 2024. Pictiúr: Flickr/House of Commons

Tá ordú curtha os comhair Pharlaimint Westminster chun stádas oifigiúil don Ghaeilge sa Tuaisceart agus chun cumhachtaí a thabhairt don Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh.

Chuir Státrúnaí na Breataine, Hilary Benn, ordú um thosach feidhme os comhair Theach na dTeachtaí i Londain inniu chun feidhm a thabhairt do roinnt forálacha a leagadh amach sa reachtaíocht teanga ó thuaidh.

I ráiteas scríofa, dúirt Benn gur chuir sé fáilte roimh cheapachán na gcoimisinéirí i mí Dheireadh Fómhair, ceapacháin Phól Deeds mar Choimisinéir Gaeilge agus Lee Reynolds ina choimisinéir Ultaise, agus dúirt sé go raibh sé ag bronnadh cumhachtaí orthu mar thoradh ar iarratas ó oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire.

I measc na bpríomhfhorálacha ar tugadh feidhm dóibh inniu, tá ceann a thugann stádas oifigiúil sa dlí don Ghaeilge ó thuaidh, “cloch mhíle stairiúil eile” dar le Conradh na Gaeilge.

Baineann formhór na bhforálacha le hobair na gcoimisinéirí agus cumhachtaí bronnta orthu faoi dheireadh.

Tá cead anois ag Pól Deeds tabhairt faoin gcúram is mó atá air, sin scríobh agus leagan síos na gcaighdeán teanga trína riarfar cearta teanga chainteoirí Gaeilge an Tuaiscirt.

An Coimisinéir Gaeilge, Pól Deeds.

Mar chuid de na caighdeáin nua, beidh sraith polasaithe “dea-chleachtais” maidir le cumarsáid, soláthar seirbhísí, comharthaíocht, comhfhreagras, oiliúint foirne, agus nithe eile nach iad.

Faoin gCoimisinéir a bheidh sé na caighdeáin teanga sin a dhréachtú, ach faoin gCéad-Aire agus an LeasChéad-Aire a bheidh sé iad a cheadú. Sa chás nach n-aontódh ceannairí Stormont faoi na caighdeáin, fágfar faoi Státrúnaí na Breataine iad a cheadú.

Beidh na caighdeáin teanga bunaithe ar mhúnla na gcaighdeán atá i bhfeidhm sa mBreatain Bheag cheana féin, cé go ndeir lucht feachtais agus saineolaithe cearta teanga gur “laige i bhfad” a bheidh na caighdeáin a bheidh i bhfeidhm in Éirinn.

Chomh maith leis na cumhachtaí a bhaineann le forbairt na gcaighdeán, tá cumhachtaí bronnta ar an gCoimisinéir Gaeilge maidir le ‘comhairle, tacaíocht agus treoir’ a thabhairt d’údaráis phoiblí maidir le húsáid na Gaeilge.

Tá sé maíte ag Conradh na Gaeilge nach bhfuil beannacht ón gCéad agus ón LeasChéad-Aire ag teastáil ón gCoimisinéir chun an fheidhm sin a chur i gcrích. Deirtear sa reachtaíocht, áfach, go dtabharfaidh Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire “treoir” don Choimisinéir maidir leis na feidhmeanna go léir, an fheidhm sin san áireamh.

Tá sé ráite cheana féin ag breitheamh de chuid na hArd-Chúirte i mBéal Feirste gur chóir comhairle an Choimisinéara Gaeilge a lorg faoi chás na comharthaíochta dátheangaí i Stáisiún Láir Bhéal Feirste, cás atá os comhair na cúirte faoi láthair.

Tá feidhm fós le tabhairt d’fhorálacha sa reachtaíocht faoina gcuirfear dualgas ar údaráis phoiblí cloí leis na caighdeáin teanga agus faoina dtabharfar cead don Choimisinéir Gaeilge gearáin ón bpobal a fhiosrú maidir le haon teip ó thaobh chur i bhfeidhm na gcaighdeán – feidhm atá cosúil le cumhachtaí an Choimisinéara Teanga ó dheas.

Chuir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, fáilte roimh ordú an Státrúnaí.

“Níl aon amhras ach gur cloch mhíle stairiúil eile í seo agus forálacha tosaithe inniu a aithníonn stádas na Gaeilge ó thuaidh go foirmiúil sa dlí. Den chéad uair riamh, tá aitheantas oifigiúil agus dlíthiúil don Ghaeilge i bhfeidhm sa dlí.

“Is toradh é sin uilig ar ghníomh agus ar fheachtasaíocht phobal na Gaeilge a d’éiligh cearta, cothromas agus cóir riamh anall. Níl anseo ach an tús,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.

“Cuireann muid fáilte ar leith fosta roimh na forálacha a cuireadh i bhfeidhm inniu mar a bhaineann le cumhachtaí agus feidhmeanna an Choimisinéara Gaeilge. Tugann na forálacha seo cumhacht don Choimisinéir na caighdeáin dea-chleachtais don Ghaeilge a fhorbairt agus a fhoilsiú.

“Beidh na caighdeáin sin le cur i bhfeidhm ag achan uile cheann de bhreis agus 100 údarás poiblí ó thuaidh san am atá romhainn.”

Fág freagra ar 'Cumhachtaí bronnta ar an gCoimisinéir Gaeilge ó thuaidh agus stádas oifigiúil don Ghaeilge sa dlí'