Cumann Lúthchleas Gael ag moladh go bhforbrófaí polasaí náisiúnta do chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht

I dtuarascáil ar an athrú déimeagrafach in Éirinn, deir CLG go bhfuil dúshláin mhóra roimh phobal na Gaeltachta agus aithnítear an tábhacht atá le ceist na tithíochta maidir le todhchaí na teanga

Cumann Lúthchleas Gael ag moladh go bhforbrófaí polasaí náisiúnta do chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht

Tá Cumann Lúthchleas Gael ag tacú le héilimh go bhforbrófaí Beartas Náisiúnta Tithíochta don Ghaeltacht chun déileáil leis an ngéarchéim thithíochta agus chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge.

I dtuarascáil atá foilsithe ag CLG faoin athrú déimeagrafach in Éirinn, luaitear cás na Gaeilge agus na Gaeltachta agus déantar tagairt don tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge don eagraíocht.

“̌Tá gaol speisialta idir CLG agus an Ghaeilge, agus tá áit lárnach aici sa Chumann,” a deirtear.

Deir údair na tuarascála go raibh “ról tábhachtach” ag na cumainn atá lonnaithe sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre “cabhrú le caomhnú na teanga náisiúnta do na glúnta atá le teacht” ach aithníodh na dúshláin a chruthaigh easpa tithíochta sna ceantair sin don sprioc sin.

“Tá dúshláin mhóra roimh phobal na Gaeltachta in Éirinn de bharr an athrú atá tagtha ar staid dhéimeagrafach na hÉireann le tamall de bhlianta anuas. Aithnítear go bhfuil ról lárnach ag cúrsaí pleanála maidir le todhchaí inmharthana a chinntiú don Ghaeilge agus do phobail na Gaeltachta,” a deirtear sa tuarascáil.

“Tá an-chuid deacrachtaí ag pobal na Gaeltachta cead pleanála a fháil le go bhféadfaidís fanacht sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, tá méadú mór tar éis teacht ar phraghas na dtithe, rud a chiallaíonn go bhfuil siad róchostasach dóibh agus nach féidir leo iad a cheannach.”

Déantar tagairt sa tuarascáil freisin don laghdú atá tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa nGaeltacht le roinnt blianta anuas agus an titim atá tagtha ar líon na gcainteoirí sa stát trí chéile.

Moltar go dtabharfadh an rialtas faoi pholasaí náisiúnta don tithíocht sa nGaeltacht, mar atá éilithe ag leithéidí Chonradh na Gaeilge le roinnt blianta anuas.

“Tacaíonn CLG leis na heagrais Ghaeilge atá ag éileamh Beartas Náisiúnta Tithíochta don Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh beartas den chineál sin dírithe ar chinnteacht a thabhairt do phobail na Gaeltachta le go mbeidís in ann maireachtáil ina gceantair dhúchais féin agus leanúint orthu ag tacú le caomhnú na Gaeilge.

I measc na n-éileamh atá ag an gConradh do pholasaí tithíochta don Ghaeltacht, tá srianta ar fhorbairtí mórscála tithíochta agus ar thithe saoire, go ndéanfaí measúnú ar chumas teanga duine ó lasmuigh den Ghaeltacht a bheadh ag iarraidh teach a cheannach sa nGaeltacht, agus go mbeadh tuilleadh tithe sóisialta tógtha do mhuintir na Gaeltachta

Déanann an tuarascáil de chuid CLG mionscrúdú ar an athrú déimeagrafach in Éirinn agus an tionchar atá aige ar chlubanna tuaithe agus uirbeacha ar fud na tíre.

Deirtear go bhfuil breis is seacht milliún duine anois ina gcónaí in Éirinn, an méid is mó ó 1861, agus gur i gcathracha agus i mbailte is mó atá cónaí ar dhaoine.

I measc phríomhthorthaí na tuarascála, deirtear go bhfuil 78% de chlubanna CLG lonnaithe i gceantair thuaithe ina bhfuil laghdú ag teacht ar an daonra.

Tá duine as gach triúr in Éirinn anois ina gcónaí i mBaile Átha Cliath nó i mbaile satailíte i bhfoisceacht uair an chloig den phríomhchathair. Mar sin féin, níl ach 18% de na clubanna lonnaithe sa gceantar céanna agus gá le tuilleadh a bhunú, dar le CLG.

Deirtear go nach bhfuil ach 50 club ag freastal ar cheantair ina bhfuil breis is 25% de na gasúir ar fad idir 0-5 bliain d’aois sa tír ina gcónaí agus go bhfuil os cionn leath leanaí na tíre atá idir 0-5 bliain d’aois ina gcónaí i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste, i gcontae an Dúin, Cill Dara, Gaillimh agus Corcaigh.

I measc na moltaí atá luaite sa tuarascáil, tá scéimeanna píolótacha le cur ar bun i gCiarraí agus i gCill Dara chun na dúshláin atá ann do chumainn tuaithe agus uirbeacha a aithint. I measc na gceantar a mbeidh na scéimeanna ag díriú orthu beidh Uíbh Ráthach.

Tá fodhlíthe le forbairt chun é a dhéanamh níos éasca d’imreoirí aistriú ó chumann uirbeach go dtí cumann tuaithe a bhfuil nasc acu leo agus freisin chun srian a chur ar aistrithe chuig cumainn mhóra uirbeacha.

Táthar freisin ag iarraidh tacú le cumainn a mbíonn deacrachtaí acu foirne fásta a chur chun páirce agus cláracha nua a fhorbairt chun go bhféadfaí comórtais 11 nó naoi imreoir an taobh a imirt.

I measc na moltaí eile, tá Aonad Tacaíochta Club le bunú a oibreoidh ag an leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal an chúige.

Dúirt Uachtarán CLG, Jarlath Burns, gurb í ceist an daonra an bhagairt is mó atá ar Chumann Lúthchleas Gael le 100 bliain anuas.

“Níl smacht ag CLG ar go leor de na dúshláin a bhaineann le cúrsaí daonra. Mar sin féin, caithfidh muid labhairt le chéile fán dóigh is fearr le cinntiú go bhfuil láithreacht agus croí againn inár gcathracha, inár mbailte, inár sráidbhailte agus inár bpobail tuaithe,” a dúirt Burns.

“Tréith láidir i stair iontach CLG ná an diongbháilteacht a bhaineann linn; an cumas atá ag an Chumann dúshláin a shárú agus fanacht i gcroílár shaol na hÉireann. Deirim é sin toisc go sílim go dtig linn cosán a leagan amach romhainn féin.”

Dúirt Benny Hurl, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Déimeagrafaicí CLG, go dtugann an tuarascáil “deis athnuachana” don eagraíocht.

“Creidimid go gcruthaíonn an tuarascáil seo pictiúr an-soiléir dúinn de na contúirtí atá romhainn agus an gá práinneach atá le gníomh. Ní rud é an t-aistriú daonra seo a bhaineann leis an todhchaí – baineann sé leis an lá inniu.”

Fág freagra ar 'Cumann Lúthchleas Gael ag moladh go bhforbrófaí polasaí náisiúnta do chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht'