Cuma na maitheasa ar na hIodálaigh agus iad ag iarraidh na Spáinnigh a chloí

Imreoidh An Iodáil agus An Spáinn in aghaidh a chéile in Wembley anocht chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais EURO 2020

Cuma na maitheasa ar na hIodálaigh agus iad ag iarraidh na Spáinnigh a chloí

An Iodáil v An Spáinn – 8pm

Aisteach go leor, is é seo an ceathrú comórtas EURO as a chéile ag na foirne seo a bheith in aghaidh a chéile. Dhíbir na hIodálaigh na Spáinnigh in 2016, d’imir siad a chéile faoi dhó in 2012 – an greadadh a thug na Spáinnigh don Iodáil sa chluiche ceannais, san áireamh – agus is ar comhscór a chríochnaigh na foirne in 2008 ach bhuaigh an Spáinn le ciceanna éirice.

Is iad na hIodálaigh rogha na coitiantachta anocht agus cuma na maitheasa orthu ó thús an chomórtais. Bhí bua den scoth acu in aghaidh na Beilge sa bhabhta ceathrú ceannais, bua a léirigh go soiléir go raibh deis iontach ag na hIodálaigh an comórtas seo a bhuachan.

Roimh an gcluiche ceathrú ceannais sin, bhí 31 cluiche imeartha ag foireann Roberto Mancini gan fiú ceann amháin acu a chailleadh ach, ó tharla nach raibh aghaidh tugtha acu ar aon cheann de na foirne is fearr ar domhan sa tréimhse sin, bhí beagán amhrais ann faoi fheabhas na nIodálach.

Cuireadh deireadh leis an amhras sin Dé hAoine seo caite agus is maith a thuill siad a mbua in aghaidh na Beilge, foireann atá sa chéad áit ar rangú domhanda FIFA. Ní raibh na Beilgigh in ann ag luas agus fuinneamh imreoirí na hIodáile.

D’fhéadfadh na tréithe sin a bheith cinniúnach arís anocht, go háirithe agus am breise imeartha ag foireann na Spáinne in aghaidh na hEilvéise agus i gcoinne na Cróite sa bhabhta roimhe sin.

Cailliúint ollmhór é an cúlaí clé Leonardo Spinazzola don Iodáil, áfach. Gortaíodh Spinazzola go dona in aghaidh na Beilge agus ní fheicfear ag imirt é arís sa chomórtas. Bhí an-tionchar aige ar chluichí na hIodáile go dtí seo agus bhíodh comhimirt mhaith le feiceáil idir é féin agus Lorenzo Insigne.

Tá 12 cúl scóráilte go dtí seo sa chomórtas ag na Spáinnigh, níos mó ná aon fhoireann eile, ach tá slám deiseanna eile curtha amú acu freisin agus fadhb atá san easpa cruinnis sin.

Níl ach dhá chúl géillte ag an Iodáil sna cúig chluiche a bhí acu go dtí seo ag EURO 2020 agus is ó chic éirice agus cic cúinne a tháinig siad sin. Níl cúl scaoilte isteach acu ón imirt le 13 cluiche anuas. Beidh sé níos deacra ag na Spáinnigh deiseanna a chruthú anocht ná mar a bhí le cúpla cluiche anuas ach is deacair muinín a bheith agat go ndéanfaidh Alvaro Morata agus na fir timpeall air an beart.

Ba cheart go mbeadh coimhlint den scoth ann idir dhá fhoireann a bhíonn ag iarraidh seilbh a choinneáil ar an liathróid ach bheifeá ag súil go dtiocfadh na hIodálaigh slán.

Fág freagra ar 'Cuma na maitheasa ar na hIodálaigh agus iad ag iarraidh na Spáinnigh a chloí'