CULTÚR: Lón machnaimh Antain Mhic Lochlainn, samhradh Foals agus scéalta a chuirfidh cumha ar an gcroí meánaosta

Sa cholún nua seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

CULTÚR: Lón machnaimh Antain Mhic Lochlainn, samhradh Foals agus scéalta a chuirfidh cumha ar an gcroí meánaosta

CEOL

Foals – fuaimrian an tsamhraidh 

Foals – Life is Yours (albam)

Go ginearálta, aon rud ina luaitear an phaindéim… ní spéis liom aon bhaint a bheith agam leis. Gura fada uainn anois an drochshaol, is binn blasta an tsaoirse atá os ár gcomhair anois! Ceiliúradh atá san albam seo ar an tsaoirse chéanna sin. Tá Foals ar cheann de na racbhannaí ailtéarnacha is mó dá bhfuil ann sa lá atá inniu ann, agus ar an albam seo tá an fhuaim shainiúil a bhain lena gcéad albam indie-pop, ‘Antidotes’ (2008), agus na bailiúcháin leictreonacha, racbhunaithe a thaifead siad ó shin i leith. Tá fuaim fhuinniúil ag gabháil leis, agus deir sé linn gach deis a thapú – “life is yours, break away” – agus tugann sé íomhánna ildathacha dúinn den saol nua seo atá againn amuigh faoin aer – “violet skies, raspberry candy canes, blue tongues in summer rain” – fuaimrian an tsamhraidh agus muid fillte ar dhamhsa, féilte, saoire agus saoirse!

Emma Ní Chearúil

LEABHAIR

Scéalta a chuirfidh cumha ar an chroí mheánaosta

Battle Action (Rebellion) le Garth Ennis

De bhunadh chontae an Dúin é Garth Ennis agus clú air le fada as a chuid oibre i ndomhan na ngreannán. Scríobh sé scéalta do chuid de na carachtair is mó i ngreannáin na Breataine – Dredd de bhunadh 2000 AD, mar shampla – agus tá obair déanta aige d’fhathaigh mhóra an tionscail sna Stáit Aontaithe; DC agus Marvel. Rinne sé cúram de dhuine de na carachtair ba thábhachtaí a bhí ag Marvel, The Punisher.

Bhí dúil mhór ag Ennis i ngreannáin chogaíochta na Breataine agus é óg. Ní hiontas ar bith é, mar sin, é a bheith ag pilleadh ar an traidisiún sin leis an chnuasach nua seo, Battle Action (Rebellion), scéalta úra atá scríofa aige bunaithe ar sheancharachtair sna greannáin nach ann dóibh níos mó. 

Cibé faoi léitheoirí óga, is beag léitheoir greannáin (d’aois áirithe) nár chuala iomrá ar Johnny Red nó Hellman of Hammer Force. Seacht scéal ar fad atá ann, scéalta a chuirfidh cumha ar an chroí mheánaosta.

Achtung, Spitfeuer!

Pól Ó Muirí


Lón machnaimh Antain Mhic Lochlainn

An féidir leis an seanfhealsamh sinn ‘a threorú i dtreo na dea-bheatha’? Sin, a deirtear, ceann de mhórcheisteanna shaothar nua Antain Mhic Lochlainn, Tóraíocht na Dea-Bheatha: Comhairle Ó Shaoithe na Seanré (Leabhar Breac).

Is léir ón mborradh atá faoi leabhair a dhéanann beag is fiú den teorainn idir an litríocht fhéinchabhrach agus an fhealsúnacht go bhfuil saoithe na seanré breá oilte ar an gcúram. 

B’fhéidir gurb é Alain de Botton a chuir tús leis an rabharta lena shaothar móréilimh The Consolations of Philosophy a foilsíodh sa bhliain 2000 agus is mó leabhar breá éagsúil a tháinig ina dhiaidh, leabhair ar nós Hiking with Nietzsche: On Becoming Who You Are le John Kaag agus How to Live, or, A Life of Montaigne in One Question and Twenty Attempts at an Answer le Sarah Blackwell. Bíonn an-tóir go háirithe ar smaointeoireacht na Stóch, an dream is fearr, de réir dealraimh, ar éirigh leo éalú ó sheilfeanna lán deannaigh na fealsúnachta go dtí rannóg gheal na folláine.  

Ar ndóigh, is minic nach mbíonn sa rannóg sin ach smaointeoireacht na seansaoithe agus béarlagair baoth an lae inniu curtha uirthi agus is fearr i gcónaí creidiúint a thabhairt do do chuid foinsí. 

Tá Antain Mac Lochlainn imithe go dtí an tobar ag tóraíocht an fhíorbhraoin dá leabhar nua agus ní fhéadfá cuimhneamh ar dhuine níos fearr chun tabhairt faoi Ghaeilge a chur ar chomhairle na seanfhealsúna. Aistritheoir agus scríbhneoir fíorchumasach agus an-ghéarchúiseach é fear Dhoire agus is féidir talamh slán a dhéanamh de gur prós nádúrtha líofa gléineach atá romhainn.

Dream iad na seansaoithe a thuig go rímhaith an tábhacht a bhain le féith an ghrinn a bheith ag duine agus é ag broic leis an saol agus féith í atá go smior i Mac Lochlainn. Dúirt sé ar Twitter an tseachtain seo go raibh eagla air go mbainfeadh muintir an iarthair míbhrí as teideal a leabhair nua agus go gceapfaidís gur treoirleabhar bialann é. 

Seán Tadhg Ó Gairbhí

SCANNÁIN

An chrógacht atá ag teastáil chun labhairt amach sa Rúis

Navalny

Dá mba rud é gur saothar ficsin a bhí i Navalny, déarfá go raibh sé beagáinín thar fóir. Tagann laoch an scannáin slán ó iarracht de chuid a rialtais féin é a mharú, buaileann sé bob ar na feallmharfóirí chun an scéal uile a sceitheadh agus ansin tagann na mílte amach chun fáilte a chur roimhe agus é ag filleadh go dúshlánach ar an bhfód dúchas chun tabhairt faoi thíoránach.

Faraor, níl aon chríoch shona ar an scannán faisnéise seo agus Alexei Navalny, an fear is glóraí a chuir in aghaidh Vladimir Putin, gafa ag na póilíní chomh luath agus a bhaineann sé Moscó amach. An radharc deireanach a fhaigheann muid air ná i bpríosún éigin sa Rúis, áit a bhfuil sé fós sáinnithe.

Ní dhéantar naomh ar fad de Navalny agus tá beagán scrúdaithe déanta sa scannán ar an mbaint a bhí aige leis an ngluaiseacht náisiúnachais sa Rúis. Deir Navalny go gcaithfear an méid daoine agus is féidir a thabhairt le chéile chun cur i gcoinne Putin agus cé nach mbeidh gach duine sásta leis an bhfreagra sin, léirítear arís agus arís eile an chrógacht atá ag teastáil chun labhairt amach sa Rúis.

Pádraic Ó Ciardha

DRÁMAÍOCHT

Cleamhnas diamhair Dylan agus McPherson

Cad ab áil duit léirmheas a scríobh ar Girl From The North Country? Nach leor an méid a bhí le rá ag Bob Dylan féin faoina chleamhnas le Conor McPherson, duine de mhórdhrámadóirí na hÉireann? 

Dúirt Dylan gur mar ghnáthdhuine sa lucht féachana a chonaic sé an ceoldráma suaithinseach seo atá bunaithe ar a shaothar, agus ní mar dhuine a raibh aon bhaint aige leis.

“Ligeas liom féin féachaint cad a tharlódh. Bhí mé ag gol ag an ndráma ag a dheireadh,” arsa Dylan. 

“Níl aon mhíniú agam ar cad ina thaobh fiú. Faoi dhubh-iontas a bhí mé nuair a tháinig deireadh leis. Sin glan na fírinne. Ba thrua gur dúnadh Broadway mar bhíos a’ d’iarraidh é a fheiscint arís.” 

Dúirt sé chomh maith gur ceann de phribhléidí móra a shaoil ghairmiúil é a bheith luaite le McPherson. 

Bhí deor lenár súil uair nó dhó chomh maith ag Girl From The North Country san Olympia an oíche cheana. Déanann saothar McPherson cur síos ar scata beag daoine atá ag streachailt leis an saol agus iad ag cur fúthu i dtigh lóistín in Minnesota aimsir an Spealta Mhóir, ach is é an tslí iontach a cheanglaítear an ceol leis an ndrámaíocht is mó a chuirfidh faoi gheasa thú agus a fhágann go bhfuil ardú croí diamhair ag baint leis an scéal duairc nach bhfuil gan locht ar fad.

Chuaigh McPherson ag rómhar go grinneall shaothar Dylan agus an ceol á roghnú aige agus dhein gaisce brí agus anam a chur as an nua i seoda leathcheilte ar nós ‘Sign on the Window‘, ‘Tight Connection to My Heart (Has Anybody Seen My Love)’ agus ‘True Love Tends to Forget’. Tá na poirt is mó a bhfuil aithne orthu anseo leis, ag áireamh leagan mealltach de ‘Like a Rolling Stone’ agus leagan aoibhinn uaigneach de ‘I Want You’. 

Girl From the North Country ar siúl san Olympia i mBaile Átha Cliath go dtí an 30 Iúil.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Curtha in eagar ag Meadhbh Ní Eadhra

Fág freagra ar 'CULTÚR: Lón machnaimh Antain Mhic Lochlainn, samhradh Foals agus scéalta a chuirfidh cumha ar an gcroí meánaosta'