FÉILTE
Féile na Máthairtheangacha i mBaile Átha Cliath
Cuirfear tús inniu le Féile na Máthairtheangacha, a bheidh ar bun i dTamhlacht i mBaile Átha Cliath, agus beidh sí ar siúl arís amárach. Bunaíodh an fhéile seo le plé agus ceiliúradh a dhéanamh ar na teangacha a bhíonn daoine ag labhairt sa mbaile. Seo an naoú bliain ag an bhféile a bunaíodh in 2018 ar mhaithe leis an ilchultúrachas agus an éagsúlacht a cheiliúradh agus le deis a chur ar fáil do dhaoine plé a dhéanamh ar chuid de na ceisteanna agus na dúshláin atá ann.
Is é téama na bliana seo ná ‘The Power of Story’ agus beidh clár imeachtaí ar bun do pháistí idir 3-10 mbliana d’aois. Cuirfear ceardlanna, cainteanna agus léirithe ar bun mar chuid den fhéile sna hionad Red Rua agus Amharclann an Civic.
Tá clár na féile agus tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Sean-nós na Fearsaide i mBéal Feirste
Inniu an lá deireanach le cur isteach ar chomórtais Shean-Nós na Fearsaide a bheidh ar bun in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste ón 26-28 Feabhra. Is féidir cur isteach ar na comórtais anseo.
Cuirfear tús le féile na bliana seo maidin Déardaoin an 26 Feabhra le Corn an Oireachtais, comórtas amhránaíochta do chóir Ghaelscoileanna. Beidh Barrscéalta ag craoladh beo ón bhféile maidin Dé hAoine agus cuirfear Léacht na Féile ar bun an tráthnóna sin agus an t-ábhar ‘Cé as a dtáinig an Sean-Nós?’ á phlé ag Doiminic Mac Giolla Bhríde agus Siobhán Armstrong.
Cuirfear an oscailt oifigiúil ar bun ina dhiaidh sin agus is í Máirín Mhic Dhonnchadha, Ceannasaí Oireachtas na Gaeilge, a sheolfaidh féile na bliana seo, agus is í Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail a bheidh ina bean an tí.
Tá gach eolas agus clár na féile le fáil anseo.
CEOL
Céilí House beo as Amharclann Chois Fharraige
Beidh an clár raidió Céilí House ag taifeadadh in Amharclann Chois Fharraige Dé Luain an 23 Feabhra agus tá fáilte á cur roimh an bpobal a bheith sa lucht féachana don taifeadadh. Níl aon táille ar an doras ach tá líon teoranta spásanna ann. Doirse ag 6.45pm.
Is é Tristan Rosenstock a chuirfidh an t-eagrán i láthair agus beidh scoth na gceoltóirí ag casadh ceoil ar an oíche. I measc na gceoltóirí a bheidh ann, tá Mary Bergin, Conor Connolly, John Blake, Síle Denvir, Barry Kerr, Pádraic Keane, Cathal Ó Curráin, Aisling agus Luisne Ní Neachtain, Brian Terry Mac Donncha, Mícheál Darby Ó Fátharta agus Neansaí Ní Choisdealbha.
Beidh Foinn Cois Farraige ar ais an mhí seo chugainn san amharclann freisin agus sraith seacht gceolchoirm á cur ar bun ag tosú ar an Satharn an 14 Márta.
Is iad Paudie O’Connor, Aoife Ní Chaoimh, John Blake agus aíonna speisialta eile a chuirfidh tús le Foinn na bliana seo agus iad ar stáitse in Amharclann Chois Fharraige ar an Satharn an 14 Márta ón 8pm. An Satharn dár gcionn, an 21 Márta, beidh Liam O’Connor agus Paddy McEvoy ar stáitse. Is iad Saileog, Muireann agus Eoghan Ó Ceannabháin a bheidh ann ar an Satharn an 28 Márta.
Leanfar ar aghaidh leis an tsraith ceolchoirmeacha Foinn Cois Farraige 2026 i mí Aibreáin freisin agus na Friel Sisters agus Cuas i measc na gceoltóirí a chuirfidh ceolchoirmeacha i láthair.
Gach eolas agus ticéid le fáil anseo.
Emer O’Flaherty ar camchuairt le Go dtí seo i rith Sheachtain na Gaeilge
Beidh Emer O’Flaherty agus buíon ceoltóirí ar camchuairt lena halbam nua Go dtí seo i rith mhí an Mhárta mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge. In éineacht le Emer ag na ceolchoirmeacha beidh ceoltóirí éagsúla atá le cloisteáil ar an albam, ina measc Edel Vaughan, Therese McInerney, Gráinne Cotter, Philip Fogarty agus Etain McCooey.
Is é Go dtí seo a céad albam agus i measc na gceoltóirí eile atá le cloisteáil air, tá Edel Vaughan (guth, feadóg mhór agus feadóg stáin), Therese McInerney (fidil), Gráinne Cotter (fidil), Philip Fogarty (bosca ceoil), Paddy Mulcahy (dord) agus Angelo Heart (drumaí). Tá an t-albam ar fáil mar dhlúthdhiosca agus go digiteach. Tá tuilleadh eolais anseo.
Deich dtraic atá ar an albam agus an cur síos a dhéanann sí féin air ná an t-aistear ceoil atá déanta aici go dtí seo (as sin a thagann an teideal), óna fréamhacha san amhránaíocht ar an sean-nós (‘Cúirt Bhaile Nua’ agus ‘Amhrán na Leabhar’) go dtí an ceol nua-chumtha atá ar an albam.
Beidh ceolchoirmeacha san Aonach, i Lios Tuathail, i mBaile Bhuirne, i nGaillimh agus in Inis mar chuid den chamchuairt. Tuilleadh eolais anseo.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Emer O’Flaherty ar camchuairt le ‘Go dtí seo’, Féile na Máthairtheangacha, Sean-Nós na Fearsaide, Céilí House beo as Amharclann Chois Fharraige.'