Cultúr an Lucht Siúil agus plean lonnaíochta na Gaillimhe

Tá cultúr dá gcuid féin múnlaithe sa tír seo ag an Lucht Taistil ach tá an cultúr sin á athrú mar is léir i bpolasaí nua i gCathair na dTreabh

Cultúr an Lucht Siúil agus plean lonnaíochta na Gaillimhe

Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Tá teach agus lóistín de chineál nua á réiteach don Lucht Siúil i gcathair na Gaillimhe. Cóiríocht don lucht taistil a bheidh cuí ó thaobh cultúir de (Culturally Appropriate Traveller Accommodation) atá á thabhairt air. Beidh ceithre cinn de na scéimeanna cearta cóiriúla cultúrtha tithíochta don Lucht Siúil á gcur ar fáil in áiteanna éagsúla i gCathair na dTreabh. Tugadh eolas fúthu sa bPlean Lonnaíochta Cúig Bliana don Lucht Siúil a cuireadh faoi bhráid Chomhairleoirí na Cathrach an tseachtain seo.

Tá an leagan amach nua don chóiríocht don lucht taistil bunaithe ar na seacht bprionsabal seo:

  • Ní bheidh spás oscailte ar chúl na dtithe (ar eagla go gcothódh a leithéid drochiompar nó dumpáil)
  • Ní bheidh spás bán fágtha amach os comhair na dtithe
  • Ní bheidh aon chul de sac sna heastáit seo ná aon áit thart orthu nach mbeidh feiceáil maith air
  • Ní bheidh geataí ná fál timpeall ar na heastáit – is é an polasaí a bheidh ann ná an Lucht Taistil a nascadh isteach sa bpobal i leaba iad a chur s an mbealach
  • Ní rachfar thar sé nó ocht dteach in aon eastát
  • Beidh na heastáit seo gar go maith do thithe sóisialta eile – ní fhágfar an Lucht Taistil amuigh astu féin
  • Stór amháin a bheidh sna tithe i gcásanna áirithe – sin nó gan seomra codlata ar bith ar an urlár íochtair

Is iomaí sin léamh a d’fhéadfaí a dhéanamh ar pholasaí mar seo ach tá rud amháin soiléir – tá an Chomhairle Cathrach ag iarraidh go mbeifí in ann súil níos grinne a choinneáil ar eastáit mar seo ar eagla go dtarlódh trioblóid ná dumpáil. Ní chuirfear spás bán, cul de sac ná áiteanna cúlráideacha ar fáil.

Scéal fada é saol agus cúlra an Lucht Taistil agus tá cultúr dá gcuid féin múnlaithe acu sa tír seo. Is iomaí sin dearcadh atá ar an gcultúr sin i measc an chuid eile den phobal, cé go bhfuil cuid mhaith de diúltach.

Bhí an t-am ann nuair a bhíodh cuimse den Lucht Siúil amuigh faoin tuath an tráth seo bliana. Bhí daoine ann a bhíodh ag faire go dtiocfaidís sa gcaoi agus go gcuirfí caoi ar bhuicéid, ar channaí agus ábhair mar sin. Scríobh Sigerson Clifford an dán breá faoin leaid den Lucht Siúil a chaith píosa den bhliain sa suíochán scoile céanna le mac an fheilméara agus a d’imigh leis ansin aríst ag taisteal ar bhóithre Chiarraí agus na Mumhan – ‘The Red Haired Tinker’s Son’. Dán é seo a léirigh an-mheas ar an Lucht Siúil agus mac an fheilméara ag cur síos ar na bóithre difriúla a thugadar beirt orthu féin sa saol mór:

‘He went to the life of the ribbon roads and the lore of the tinkers’ bands

But they chained me to an office stool and my soul to the clock’s cold hands

But I often thought of my tinker friend and I cursed my smirking luck

That didn’t make me a tinker man as I fought the road to Puck

With a red haired wife and a piebald horse and a splendid caravan.’

Bhí lorg na rómánsaíochta ar an saol sin, tae agus tine, comhluadar agus comhrá ar thaobh an bhóthair. Ba fhada é ón gcóiríocht ‘culturally appropriate’ istigh sa gcathair. Ach bhí an fliuchán agus an t-anró ag baint leis freisin. Is beag den taisteal sin a fheictear anois agus níl Plean Cúig Bliana Chomhairle Chathrach na Gaillimhe dírithe ar an gcultúr taistil sin a chaomhnú. Ní bheadh sé ‘culturally appropriate’ ar chuimse bealaí.

Táthar le deireadh a chur leis na hionaid champála shealadacha i gcathair na Gaillimhe – na háiteanna a bhféadfá fanacht ar feadh scaithimh nó go dtabharfá d’aghaidh ar ionad sealadach éicint eile. Chuile sheans nach amuigh faoin tír a bheadh an t-ionad sealadach na laethanta seo, ach é istigh i mbaile mór nó i gcathair amhail Gaillimh.

Ar nós go leor eile, tá compás an Lucht Taistil dírithe ar na cathracha anois, is fada seanbhuicéid stáin na tuaithe caite amach le huisce na bhfataí. I nGaillimh féin tá 588 teaghlach de phobal an Lucht Siúil anois, 278 teaghlach a bhí ann cúig bliana déag ó shin.

Tuige an méadú seo?

Ní raibh freagra na ceiste sin ag feidhmeannaigh shinsearacha na Comhairle Cathrach. Ach thug an Comhairleoir Collette Connolly buille faoi thuairim: “Arb é an chaoi go bhfuil teaghlaigh de phobal an Lucht Siúil ag teannadh isteach anseo go dtí an chathair as contae na Gaillimhe agus as Maigh Eo mar gheall nach bhfuil na Comhairlí Contae ag cur dóthain tithe ar fáil dóibh i réigiún an iarthair?” Ní raibh aon fhreagra ar an gceist sin.

Ach tá saol an Lucht Siúil á mhúnlú. Cuirfear cóiríocht ‘a bheidh cuí ó thaobh cultúir de’ ar fáil dóibh ach cuirfidh sin srian ar na deiseanna a bhíodh acu taisteal ó áit go háit, fiú laistigh den chathair féin.

Meastar i gComhairle Cathrach na Gaillimhe gurb é an cineál seo cóiríochta an rogha is ciallmhaire agus is fearr i bhfad na haimsire.

Fág freagra ar 'Cultúr an Lucht Siúil agus plean lonnaíochta na Gaillimhe'