Níor thug páipéar an t-eiteachas do dhúch riamh, a dúirt aire rialtais leis an scríbhneoir seo cúpla bliain ó shin. Ní raibh leagan níos nua-aimseartha aige (níor dhiúltaigh ríomhaire do chló riamh, b’fhéidir) ach bhí a bhrí soiléir.
Teastaíonn ábhar nua i gcónaí ó na meáin agus deimhníonn dúthracht iriseoirí agus díograis eagarthóirí nach dtéann an soláthar riamh i ndísc.
Bhí an t-aire ag déanamh beag is fiú de scéal nár thaitin leis, mar a dhéanann airí go minic, ach bhí aird á tarraingt aige ar ghné den iriseoireacht nach féidir a shéanadh.
Ní théann Tuairisc ná na meáin nuachta de chineál ar bith ar saoire riamh. Is dlúthchuid dá gcúram é a bheith ag fiosrú agus ag cíoradh agus ag foilsiú nó ag craoladh ábhair i mí Lúnasa mar a dhéanann siad i ngach mí eile.
Sin ráite, má fhágtar mórscéalta (Gaza mar shampla, nó aimsiú iarrthóirí uachtaránachta) as an áireamh, níl dualgas dáiríre ar pholaiteoirí glaonna nó téacsanna ó iriseoir a fhreagairt go bhfillfidh siad óna laethanta saoire.
Is deacra a bheith tostach agus stuama áfach má bhraitheann do thuarastal ar vótaí an phobail. Go háirithe má thugann tú ró-aird ar chainteacht leithéid Simon Harris a chuir 17 teachtaireacht ar X, nó Twitter mar a tugadh air tráth, idir tús na míosa agus am lóin Dé hAoine.
Nó ar cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald (15 teachtaireacht ar X sa tréimhse chéanna), nó príomhchainteoir Phobal Seachas Brabús Paul Murphy (26 teachtaireacht, chomh maith le haseoladh ar 95 postáil ó dhaoine eile).
Ní chun Teachtaí Dála a lochtú toisc gur mian leo a bheith feiceálach ar na meáin shóisialta nó glórach ar mheáin eile a rinneadh an comhaireamh thuas. Comhaireamh dála an scéil a thug le fios nár chuir an Taoiseach Micheál Martin ach ocht dteachtaireacht ar X ó thús Lúnasa go dtí inné.
“Cén fáth gur féidir leo bailiú leo ar saoire ar feadh coicíse ar a laghad i mí Lúnasa?”
Fear gnó as Baile Átha Cliath a chuir an cheist agus saoire bhliantúil na bpolaiteoirí á plé againn.
“Cén fáth go mbíonn cead a gcinn acu gan puinn oibre a dhéanamh agus riar an stáit a fhágáil ina stad go bhfilleann siad?”
“Ní théimse ar saoire ach ar feadh seachtaine. Coinním an siopa ar oscailt gach lá oibre sa bhliain, fiú agus mise in easnamh. Ach tig le polaiteoir stop a chur lena ghnó, ár ngnó, ar feadh míosa. Tá sé craiceáilte.”
Bhí gearán an fhir ghnó sothuigthe ach míréasúnta. Ní chuireann saoire an tsamhraidh stop le gnáthfheidhmiú ranna agus oifigí rialtais. Ceart go leor, fágtar socruithe móra i leataobh go Meán Fómhair ar a luaithe ach cén dochar? Ní bheidh gnáthchinneadh ar bith níos drochthomhaiste toisc gur chaith aire seal ar saoire roimh ré.
Deir rúnaithe agus preasoifigigh airí rialtais le hiriseoirí go minic i mí Lúnasa go bhfuil airí ar saoire agus nach bhfuil siad i dteagmháil leo. Bí cinnte mar sin féin go gcoinnítear gach aire ar an eolas maidir le mórscéal ar bith a bhaineann lena roinn nó, i gcás na gceannairí, le leas an rialtais agus le leas a bpáirtithe.
Bí cinnte freisin go gcoinníonn formhór na mball sinsearach de pháirtithe an rialtais agus an fhreasúra súil laethúil ar na príomhfhoinsí nuachta agus ar sciar de na meáin fhrithshóisialta. Ar fhaitíos na bhfaitíos b’fhéidir?
Ní hionann spéis intuigthe áfach agus dualgas rud éigin a rá go poiblí toisc go bhfuil scéal i gceannlínte an lae.
Is tábhachtaí an riachtanas go mbainfeadh ceannairí ar an dá thaobh den Dáil, airí agus urlabhraithe sinsearacha an fhreasúra go háirithe, leas as saoire an tsamhraidh chun a scíth a ligean nó chun machnamh ar na fadhbanna agus ar na dúshláin atá rompu.
Mar shampla: beidh an ganntanas tithíochta, idir cheannach agus chíosáil, chomh dona i mí Mheán Fómhair agus a bhí i mí Iúil nó níos measa. Ní léir fós toil ná cumas inchreidte ar cheachtar taobh den Dáil an fhadhb a réiteach go luath ná go deo.
Dá ndéanfadh polaiteoirí dianmhachnamh ar mhór-fhadhbanna dá leithéid, b’fhéidir go rachadh sé chun tairbhe dóibh agus chun tairbhe don tír amach anseo.
Fág freagra ar 'Cuir uait an fón ar feadh tamaill a Theachta – is binn béal ina thost i mí Lúnasa'