Cuimhnigh ar líon na ndaoine atá beo inniu nach mbeadh d’uireasa an Chomhaoantaithe

Cibé na lochtanna líonmhara atá ar an bpróiseas polaitiúil agus d’ainneoin an tsíocháin a bheith easnamhach tá an saol athraithe ó bhonn

Cuimhnigh ar líon na ndaoine atá beo inniu nach mbeadh d’uireasa an Chomhaoantaithe

‘B’fhiú go mór é. Cuimhnigh ar líon na ndaoine atá beo inniu nach mbeadh dá uireasa.’ Tá na daoine a bhí bainteach le Comhaontú Aoine an Chéasta cúig bliana is fiche ó shin buíoch bródúil as an tsíocháin a baineadh amach. Cibé na lochtanna líonmhara atá ar an bpróiseas polaitiúil agus d’ainneoin an tsíocháin a bheith easnamhach tá an saol athraithe ó bhonn.

Tá cúrsaí sa cheathrú céid ó rinneadh an Comhaontú i 1998 chomh difriúil ón scór go leith blianta roimhe sin, tréimhse na dTrioblóidí, gur furasta a thuiscint go bhfuil daoine óga dall ar an gcodarsnacht eatarthu. Tá suas le 600,000 de phobal Thuaisceart Éireann faoi bhun 25 agus níos mó fós ó dheas, timpeall 625,000. Tá sé d’ádh ar an milliún agus ceathrú sin gur mhair siad a saol ar fad faoi shíocháin.

Is maith atá a fhios go bhfuil go leor den aos óg abhus, daoine sna ceantair is boichte nach bhfuair díbhinn eacnamaíochta na síochána ach feabhsaíodh an saol do gach éinne. Tá eolas ar a stair ag daoine óga sa Tuaisceart, bíodh sé cruinn nó claonta. Cloiseann siad na scéalta óna muintir agus bíonn cuntais ar na meáin chumarsáide go léir, meáin shóisialta san áireamh. Gnáthchuid den dioscúrsa laethúil is ea stair an chéid seo caite.

Ní hionann an cás ó dheas, ní nach ionadh. Baineadh siar as daoine nuair a nocht suirbhé a foilsíodh san Sunday Times gur beag eolas faoi na Trioblóidí a bhí ag aos óg an deiscirt. Léirigh suirbhé Behaviour & Attitudes don Sunday Times go raibh 90% de dhaoine faoi bhun 35 aineolach faoi líon na ndaoine a maraíodh le linn na dTrioblóidí, 25% dall ar na heachtraí na mheasa le linn na coinbhleachta agus nach raibh a fhios ag duine as ceathrar cérbh iad pearsana móra phróiseas na síochána.

Ní raibh ach líon beag eolach faoi bhuamáil Dhomhnach na bPoipíní in Inis Ceithleann nó an t-ionsaí pléisce ar chomhdháil na gCaomhach agus Margaret Thatcher in Brighton Shasana. Bhí a fhios ag sciar níos lú fós faoi mharú na gceoltóirí ón Miami Showband.

An cúis iontais é seo i ndáiríre? Luíonn aineolas nó díchuimhne le réasún nuair nach bhfuil ábhar ar fáil ach ina ghiotaí fánacha neamhiontaofa. Níl stair na dTrioblóidí ar shiollabas scoileanna dara leibhéal sa Tuaisceart go dtí an t-ardrang do dhaltaí atá ag tabhairt faoin scrúdú A-leibhéil. Admhaíonn oideachasóirí abhus gur ghnó dúshlánach é stair na dTrioblóidí a phlé le rang ar fhaitíos go mbeadh dalta íogair i measc na scoláirí. Ní léir go bhfuil cúrsa aimsithe go fóill chun tabhairt faoin saothar cigilteach ach tábhachtach sin.

Más fíor do shuirbhé an Sunday Times is ó mheáin shóisialta a fhaigheann formhór na n-óg ó dheas eolas faoi na Trioblóidí. Níor dhúirt ach 7% gur ar scoil a d’fhoghlaim siad fúthu. Bheadh sé sin ag teacht leis an fhad a thóg sé ar an gcóras oideachais ó dheas Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad a chur ar chúrsa na meánscoile, thart ar leathchéad bliain ina ndiaidh.

Ní hiontas i bhfianaise na bhfoinsí eolais gur mheas roinnt gur mharaigh Arm na Breataine i bhfad níos mó daoine ná an tIRA Sealadach. Lucht bolscaireachta cumasach iad na poblachtánaithe. Seans nach iontas é ach an oiread go gceapann daoine gur le siamsaíocht a bhaineann ‘ooh ah up the ra’, iad dall ar chomh maslach mailíseach is atá sé sin do na daoine ón dá thraidisiún ó thuaidh agus ar dhá thaobh na teorann a d’fhulaing foréigean an IRA.

Beifear ag argóint faoi athscríobh na staire lá is faide anonn ná inniu. Chun a seasamh féin a chosaint leanfaidh Sinn Féin ag maíomh nach raibh an dara rogha ag poblachtánaithe ach dul i muinín an fhoréigin, seasamh nár tairgeadh fianaise ar bith mar thaca leis ariamh. Léiríonn forás Shinn Féin ó d’éirigh gluaiseacht na poblachta as an lámh láidir chun iompú ar bhealach na polaitíochta gur fearrde iad an modh síochánta.

Ní miste ag an tráth seo bunsonraí faoi na Trioblóidí a roinnt.  Maraíodh os cionn 3,700 duine agus gortaíodh os cionn 50,000 duine. Ba é an tIRA Sealadach a mharaigh 1,781 (48% den iomlán); bhí mionghrúpaí poblachtánacha eile, an INLA, IRA Oifigiúil agus easaontóirí freagrach as daoine a mharú freisin, suas le 400 ar fad. Bhí paraimíleataigh dhílseacha freagrach as 1,115 a mharú, 315 duine a mharaigh Arm na Breataine (UDR agus SAS san áireamh) agus 50 a mharaigh an RUC.

Tá cuid de na daoine a maraíodh i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta i measc an 3,700 sin, cásanna atá fós á bhfiosrú mar atá sléacht na hÓmaí ar an 15 Lúnasa 1998. Bhí dalladh fianaise againn le laethanta beaga anuas go bhfuil crá croí na dTrioblóidí mar thairne sa bheo i gcónaí. Cuireadh tús in athuair leis an gcuardach i bportach an Bhragáin i gcontae Mhuineacháin do thaisí Columba McVeigh duine den cheathrar de na Disappeared nár frítheadh fós.

D’fhuadaigh an tIRA an déagóir as contae Thír Eoghain nuair a bhí sé naoi mbliana déag d’aois i 1975, maraíodh é agus cuireadh é i ngan fhios dá mhuintir agus don saol. Tá súil go spreagfaidh comóradh 25 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta cuimhne agus coinsias éigin le go gcuirfear clabhsúr ar an éagóir uafásach sin.

Fág freagra ar 'Cuimhnigh ar líon na ndaoine atá beo inniu nach mbeadh d’uireasa an Chomhaoantaithe'