Cuileachta, dúshláin agus comhluadar i measc na naíonán

Tugann sraith nua ó TG4 éachtaint ar bhlianta cinniúnacha an Naíonra

Cuileachta, dúshláin agus comhluadar i measc na naíonán

Faitíos, sceitimíní, cairdeas is dúshláin. Sin agat saol an naíonra, an chéad chéim amach sa saol ag leanaí óga. Is iad blianta na luathóige cuid de na blianta is cinniúnaí i saol an duine. Tugann sraith nua ó TG4, (Naíonra, TG4, Dé Céadaoin) éachtaint ar shó agus anó na mblianta seo. Trí chlár uair an chloig a bheidh sa tsraith agus í bunaithe ar théarmaí na scoilbhliana. Le Síle Seoighe mar thráchtaire againn thug clár na Céadaoin suas chomh fada leis an Nollaig sinn.

Scannánaíocht ar an láthair atá sa tsraith seo agus ceamaraí feistithe in dhá naíonra: Naíonra Chaitlín Maude i dTamhlacht agus Naíonra Thomáis Dáibhis i Mala. I gclár na seachtaine seo bhíomar in ann a bheith ag breathnóireacht ar an leanaí is iad i mbun cainte is spraoi lena chéile. Iad ag éirí níos muiníní de réir a chéile. Ag cumarsáid, ag fadhbhréiteach, ag léiriú comhbhá, ag déanamh cairde agus ag sárú ar a chéile ó thaobh aoise. Chonaiceamar forás na samhlaíochta sa súgradh agus chonaiceamar chomh maith céimeanna éagsúla an tsúgartha. Leanaí ag súgradh leo féin ar dtús, ansan in aice lena chéile agus ansan le chéile. Címid pearsantachtaí na ndaoine óga éagsúla ag teacht chun cinn agus á múnlú. Is iad a bhainfidh súp as an saothar seo i gceann blianta.

Fan na slí bhí ionchur eolgaiseach taitneamhach againn ó thriúr saineolaithe éagsúla: An Dr. Ciara O’Toole, léachtóir sinsearach i dteiripe urlabhra agus teanga, an tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir agus an Dr. Cáit Verling, síceolaí cliniciúil sinsearach.

Toise cumhachtach an-deas den saothar seo ná an dátheangachas agus an tumoideachas. Cuireadh buntáistí an dátheangachais abhaile orainn go caolchúiseach i gcaitheamh an chláir. Lena chois sin meabhraíodh éifeachtacht an tumoideachais dúinn. Leanaí ar bheagán Gaeilge, nó gan aon Ghaeilge, ag teacht ó theaghlaigh ar bheagán Gaeilge nó gan aon Ghaeilge, ag sealbhú na teanga go bríoch agus go nádúrtha. Iad ag tosnú amach ar aistear an dátheangachais.

I gcomparáid le go leor tíortha ar domhan tá an tír seo againne ana-aonteangach, sinn timpeallaithe agus gafa leis an mBéarla agus gan mórán tuisceana againn i ndáiríre ar an ilteangachas. Gan mórán dul chun cinn á dhéanamh againn maidir le caomhnú ár dteanga dhúchais lena chois sin. Sé scéal an Ghaeloideachais ceann d’fhíorbheagán scéalta dóchais na Gaeilge. Tá sé go hiontach go gcífeadh daoine, go mórmhór lucht na cáinte agus na soinciúlachta, conas mar a oibríonn an tumoideachas agus na féidearthachtaí a bhaineann leis. Na daltaí ag óga sú isteach na teanga mar is dual dóibh. Tá sé dúshlánach ach faoi mar a deir an tOllamh Ó Duibhir, is sárú dúshlán cuid de nádúr an tsaoil. Faoi mar a deir an Dr. O’Toole is bronntanas é an dátheangachas a bhronnann an tumoideachas ort.

Fág freagra ar 'Cuileachta, dúshláin agus comhluadar i measc na naíonán'