Cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 38 cás nua deimhnithe

2,199 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,664 duine ó dheas den teorainn agus 535 ó thuaidh di

Cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 38 cás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil 38 cás nua den ghalar deimhnithe.

2,199 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,664 duine ó dheas den teorainn agus 535 ó thuaidh di.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil ardú beag tagtha ar ráta scaipthe an ghalair atá anois idir 0.4-0.7. Tá an galar á choinneáil faoi chois i gcónaí ó tharla an ráta scaipthe a bheith fós go maith faoi bhun a haon.

Is ionann sin agus a rá, as gach beirt a tholgann an Covid-19, ní thabharfaidh duine amháin acu d’aon duine eile é agus ní thabharfaidh an dara duine do níos mó ná duine amháin eile é.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, gur léir ón ráta scaipthe nach raibh aon tionchar ag scaoileadh na srianta trí seachtaine ó shin ar scaipeadh an ghalair.

De réir an eolais is déanaí tá ráta atáirgthe an ghalair sa Tuaisceart ag idir 0.7 agus 0.9.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos luaithe inniu go raibh duine amháin eile a bhí buailte ag an ngalar básaithe.

Dúirt an tOllamh Nolan go raibh an líon othar atá á gcur in aonaid dianchúraim gach lá, líon na gcásanna sna hospidéil agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis de dheasca an ghalair ag titim i gcónaí.

36 duine a bhí in ICU inniu an líon céanna a bhí ann inné.

Dlús le cur le scaoileadh na srianta agus siopaí móra agus páirceanna spraoi le hoscailt

29,915 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,142 cás ó dheas den teorainn agus 4,773 cás ó thuaidh.

Tá ardú tagtha arís ar líon na ndaoine a bhí ina gcónaí i dtithe altranais a fuair bás. D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí,(NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1,056 den 1,664 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63.5%. Bhain 924 de na cásanna sin, nó 55.5% acu, le tithe altranais.

Bhí cruinniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí inniu ag ar pléadh na srianta atá le scaoileadh Dé Luain seo chugainn faoi Chéim 2 de phlean díchuibhrithe cúig thréimhse an Rialtais.

Fógróidh an Rialtas amárach go mbeifear ag bogadh ar aghaidh go dtí Céim a 2 den phlean chun na srianta dianghlasála a scaoileadh.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 25,104 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Máirt, an 2 Meitheamh:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,311 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 410 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim.
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 8,025 cás, 32%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,109 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,517 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,521 cás, nó 6%
  • 481 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 477 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 152 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 802 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 570 cás (2.3%) a bhí deimhnithe i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 39% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 58% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%

Fág freagra ar 'Cúigear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 38 cás nua deimhnithe'

  • Áine Ní Fhiannusa

    Táim ag eirí bréan tuirseach de Chovid-19 – níl aon rud eile ar na scáileáin nó na meáin go laethúil. Tá fhios agam go bhfuil sé fíor-thábhachtach í a lua ach is mó duine atá ag athrú ón nuacht agus aon fógra eile faoin Chovid-19,mé fhéin san áireamh. Tá dea scéal ag teacht i dtaobh na srianta an tseachtain seo chughainn buíochas mór le Dia.
    Tá rudaí eile tábhachtacha nárbh féidir a rith de dheasca an Chovid. Seo seachtain eolaise Idirnáisiúnta agus Domhanda ar Haemachomatóis Oidhreachta, neamhórd géiniteach atá níos coitianta i measc na nGael ná aon tír eile ar domhan. Cuireadh ar ceal an feachtas náisiúnta i mbliana a bheadh sna hionaid siopadóireachta ag caint le daoine agus ag roinnt billeoga eolaise. Tá eolas agus tacach faoi “Mallacht na gCeiltigh” ar an suíomh idirlinn http://www.haeomochomatosis-ir.com. Bígí ar an eolas.