Cúigear a d’fhéadfadh a bheith ina máistrí in Augusta

Cé gurb iad Rory McIlroy agus Jordan Spieth laochra óga an ghailf faoi láthair, níl duine den bheirt ag imirt i mbarr a maitheasa faoi láthair. Cé hiad na hiomaitheoirí eile a d’fhéadfadh a bheith ina máistrí ag na Masters an deireadh seachtaine seo

Jason Day. INPHO/Getty Images
Jason Day. INPHO/Getty Images

Jason Day – 13/2

An t-imreoir is fearr ar domhan faoi láthair, bhí bliain den scoth ag an Astrálach go nuige seo. Bhuaigh sé faoi dhó an mhí seo caite agus ní haon iontas é gurb é rogha na coitiantachta faoi láthair.

Chríochnaigh Day sa dara agus sa tríú háit ag na Masters roimhe seo, in 2011 agus 2013, agus is léir go bhfuil sé go maith in ann don chúrsa seo. Tá mórchomórtas buaite cheana aige ag an PGA Championship anuraidh, gach seans gur ar Day a bheidh an seaicéad glas Dé Domhnaigh.

Adam Scott. INPHO/Getty Images
Adam Scott. INPHO/Getty Images

Adam Scott – 11/1

Astrálach eile a bhfuil dhá chomórtas buaite aige i mbliana ach, murab ionann is Day, tá an seaicéad glas buaite cheana ag Adam Scott. Nuair a cuireadh bac ar na hamasáin fhada ag tús na bliana, cheap daoine go mbeadh fuar ag Scott. A mhalairt a tharla agus é curtha ar a súile aige do lucht a cháinte go bhfuil sé chomh héifeachtach céanna leis an maide gearr is a bhí leis an gceann fada.

Bhuaigh Scott an Honda Classic agus an Cadillac Championship níos luaithe sa bhliain agus leis an taithí atá aige ar an gcúrsa seo, níor cheart go mbeadh sé i bhfad as marc agus an comórtas ag teacht chun deiridh.

Phil Mickelson. INPHO/Getty Images
Phil Mickelson. INPHO/Getty Images

Phil Mickelson – 18/1

Níl mórán déanta aige ar an gcúrsa le cúpla bliain anuas, ach tá teacht aniar déanta ag Phil Mickelson in 2016. Tá cóitseálaí nua ag an Meiriceánach i mbliana agus tá i mbarr a mhaitheasa arís leis an amasán. Trí huaire i mbliana a d’éirigh leis an cúigiú háit nó níos fearr a bhaint amach agus má sé i ndán dó comórtas a bhuachan, is dócha gurb é Augusta é.

Ó 1995 i leith, chríochnaigh Mickelson i measc an deichniúr is fearr 15 uair sa chomórtas seo, agus bhuaigh sé é trí huaire. Cé go bhfuil Mickelson aosta go maith i gcomparáid le boic mhóra an ghailf, níor chóir beag is fiú a dhéanamh den taithí sin uile.

Hideki Matsuyama
Hideki Matsuyama

Hideki Matsuyama – 33/1

Is é Y. E. Yang, a bhuaigh an PGA Championship in 2009, an t-aon Áiseach a bhfuil mórchomórtas gailf buaite aige. Dá mbeadh duine ag iarraidh airgead a chur ar an gcéad fhear eile ón mór-roinn sin a dhéanfaidh an beart, b’fhearr duit é a chur ar Matsuyama.

Chríochnaigh an Seapánach sa chúigiú háit sa Masters anuraidh agus, i mí Feabhra, bhuaigh sé ar an PGA Tour den dara huair. Má thagann feabhas ar Matsuyama agus é ag imirt timpeall na plásóige, cá bhfios?

Matthew Fitzpatrick. INPHO/Getty Images
Matthew Fitzpatrick. INPHO/Getty Images

Matthew Fitzpatrick – 250/1

Agus é ag 250/1 don chomórtas a bhuachan, caolseans atá ann go mbeidh Fitzpatrick ag caitheamh an tseaicéid ghlais oíche Dé Domhnaigh ach ná bíodh iontas ar aon duine má bhíonn sé i mbéal an phobail Dé Domhnaigh agus taispeántas maith tugtha uaidh. Níl an Sasanach ach 21 bliain d’aois ach tar éis dó a chéad chomórtas a bhuachan anuraidh, tá ag teacht in inmhe go tapa mar imreoir gairmiúil.

éiríonn leis an liathróid a thiomáint chomh fada ón tí agus a éiríonn le himreoirí eile, ach ní íocfadh sé praghas ró-ard air sin ar ghalfchúrsa Augusta. Má léiríonn sé an cumas céanna leis an amasán agus atá léirithe aige go dtí seo i mbliana, d’fhéadfadh go mbeidh áit aige i measc an deichniúr is fearr ar an Domhnach.

Fág freagra ar 'Cúigear a d’fhéadfadh a bheith ina máistrí in Augusta'

  • Bearnaí Ó Doibhlin

    Nach Áiseach é Tiger Woods?