Cúig scoil Ghaeltachta nach spéis leo stádas Gaeltachta ag maíomh gur trí Ghaeilge a ritear iad

Deir Príomhchigire na Roinne Oideachais gur ‘ait’ an scéal é go bhfuil scoileanna a dhiúltaigh cur isteach ar scéim aitheantas Gaeltachta na Roinne ag maíomh gur trí Ghaeilge amháin a bhíonn siad ag feidhmiú

Cúig scoil Ghaeltachta nach spéis leo stádas Gaeltachta ag maíomh gur trí Ghaeilge a ritear iad

Tá sé á mhaíomh ag cúig cinn den 27 scoil Ghaeltachta atá ag diúltú cur isteach ar stádas mar scoil Ghaeltachta gur trí Ghaeilge amháin a bhíonn siad ag feidhmiú.

Príomhchigire na Roinne Oideachais Harold Hislop a thug an méid sin le fios i dTithe an Oireachtais inné agus dúirt sé gur “ait” an scéal é go mbeadh a leithéid á mhaíomh ag scoileanna a dhiúltaigh cur isteach ar scéim aitheantas Gaeltachta na Roinne.

Tá 10 gcinn de na scoileanna atá ag diúltú cur isteach ar aitheantas Gaeltachta ag maíomh gur ag feidhmiú i mBéarla agus i nGaeilge a bhíonn siad.

Admhaíonn an 12 bunscoil Ghaeltachta eile gur i mBéarla amháin a bhíonn siad ag feidhmiú.

Tá aird tarraingthe athuair ag cás na scoileanna sa Ghaeltacht nach suim leo stádas Gaeltachta a bhaint amach ar cheist theorainneacha na Gaeltachta oifigiúla agus a bhailí is atá siad.

Tugadh le fios ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán inné go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Oideachais leanúint orthu ag iarraidh na scoileanna seo a mhealladh chun an polasaí oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm.

Ní hamháin sin ach dúradh ag an gcruinniú go rachfaí i mbun cainte leis na scoileanna seo chun a fháil amach cén leasú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an bpolasaí chun iad “a mhealladh”. 

Dhéanfaí é sin, a dúradh, ach tuilleadh anailíse a bheith déanta ar na cúiseanna gur dhiúltaigh siad d’aitheantas mar scoileanna Gaeltachta.

Ghéill Príomhchigire na Roinne, Harold Hislop, gur dhiúltaigh cuid den 27 scoil cur isteach ar an scéim aitheantais Gaeltachta toisc “nach raibh Gaeilge ar bith sa cheantar” nó ag tuismitheoirí na scoile nó toisc nach raibh aon “spéis” sa Ghaeilge ann.

Cuireadh ceist ag an gcruinniú chomh maith ar chóir liúntas Gaeltachta a bheith á íoc le múinteoirí áirithe sna scoileanna nach mian leo a bheith aitheanta mar scoileanna Gaeltachta, ach ba léir nach raibh aon fhonn rómhór ar na polaiteoirí ná ar oifigigh na Roinne a bhí i láthair dul i ngleic leis an gceist sin.

Pléadh chomh maith ag an gcruinniú le hionadaithe ón Roinn Oideachais agus ó COGG an easpa i soláthar múinteoirí atá oilte chun múineadh i scoileanna Gaeltachta agus na beartais atá ag an Roinn chun cur leis an soláthar sin. Dúradh go dteastaíonn taighde ceart a thabharfadh le fios cé mhéid múinteoir a theastódh as seo go ceann deich mbliana agus conas iad sin a chur ar fáil.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG, go raibh “feabhas as cuimse” tagtha ar an soláthar téacsleabhar Gaeilge agus gur leis na cúrsaí nua don Teastas Sóisearach is mó a bhain aon bhearna anois.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana bhí easpa Gaeilge múinteoirí agus gan aon chainteoir dúchais a bheith i gceantar na scoile ar na cúiseanna a luaigh scoileanna áirithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht gan cur isteach ar stádas mar scoil Ghaeltachta.

Faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, tugadh deis do gach scoil sa Ghaeltacht cur isteach ar aitheantas mar scoil Ghaeltachta.

Rinne gach ceann den 29 iarbhunscoil agus 105 den 132 bunscoil sa Ghaeltacht  amhlaidh.

Chomh maith le heaspa Gaeilge, luaigh scoileanna áirithe cultúr agus traidisiún fada a bheith ag teagasc trí Bhéarla i measc na gcúiseanna nach dteastaíonn uathu a bheith áirithe mar scoileanna Gaeltachta faoi pholasaí na Roinne Oideachais.

Dúradh chomh maith nach raibh  dóthain “muiníne” ná cumas sa Ghaeilge ag múinteoirí chun tumoideachas, atá éigeantach faoin bpolasaí, a chur i bhfeidhm.

Thug scoileanna le fios freisin nach raibh suim acu in aitheantas Gaeltachta mar nach raibh ‘pobal Gaeltachta’ i gceantar na scoile. Luadh i gcásanna áirithe nach raibh ach líon beag cainteoirí dúchais sa cheantar nó nach raibh aon chainteoir dúchais fágtha i gceantar na scoile.

Dúirt scoileanna a dhiúltaigh cur isteach ar an scéim aitheantais go raibh roinnt ábhar imní ag daoine fúithi.

Dúradh go raibh easpa tuisceana ar mhúinteoirí agus ar thuismitheoirí maidir leis an luath-thumoideachas agus go raibh imní orthu go gcuirfeadh a leithéid isteach ar chaighdeán Béarla na ndaltaí.

Bhí sé ina imní chomh maith go gcuirfeadh an tumoideachas as do dhul chun cinn daltaí le riachtanais speisialta oideachais.

Bhí imní ar mhúinteoirí sna scoileanna nach spéis leo stádas Gaeltachta go dtiocfadh laghdú ar líon na ndaltaí sa scoil dá gcuirfí an polasaí oideachais i bhfeidhm.

Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh sa Dáil gur chinn a Roinn gan ainmneacha na scoileanna nár roghnaigh páirt a ghlacadh sa scéim aitheantais go fóill a fhoilsiú. Cinneadh amhlaidh, a dúirt an tAire, mar go mbeadh deiseanna eile á dtabhairt do na scoileanna a n-intinn a athrú.

Tá liosta de na scoileanna nach bhfuil ag glacadh páirte sa scéim foilsithe ag Tuairisc.ie.

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais cheana, áirítear 21 den 29 iarbhunscoil sa Ghaeltacht mar scoileanna lán-Ghaeilge agus 100 bunscoil as an 132 bunscoil ar tugadh cuireadh dóibh cur isteach ar stádas Gaeltachta atá áirithe mar scoileanna lán-Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Cúig scoil Ghaeltachta nach spéis leo stádas Gaeltachta ag maíomh gur trí Ghaeilge a ritear iad'

  • Gaeltachtaí bhréagacha a cothaíonn siniciúlacht

    Ba chóir na ceantair sa Ghaeltacht Oifigiúil ina bhfuil na scoileanna ag teagasc tré Bhéarla a chur amach as an Ghaeltacht Oifigiúil.
    Ba chóir an liúntas Gaeltachta a bhaint ó múinteoirí atá ag teagasc tré Bhéarla sa Ghaeltacht.

  • GH

    …agus an liúntas Gaeltachta a bhaint de phríomhoidí a fhostaíonn múinteoirí ar bheagán Gaeilge nuair a bhí múinteoirí le Gaeilge ar fáil.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Aon seans ar léarscáil a léiríonn na scoileanna Gaeltachta seo leis na cinn ar mian leo stádas Gaeltachta i ndath amháin agus iadsan nach mian i ndath eile?

  • Mac an Mheiriceánaigh

    “Thug scoileanna le fios freisin nach raibh suim acu in aitheantas Gaeltachta mar nach raibh ‘pobal Gaeltachta’ i gceantar na scoile. Luadh i gcásanna áirithe nach raibh ach líon beag cainteoirí dúchais sa cheantar nó nach raibh aon chainteoir dúchais fágtha i gceantar na scoile.”

    Meas tú, cén fáth nach bhfuil ‘aon chainteoir dúchais fágtha’ sna ceantair seo… an é go bhfuil scoileanna an cheantair ag múineadh an Bhéarla amháin???

    Nach dúr an duine nach dtuigeann é…