Cúig cinn de na comhraic is tábhachtaí a bheidh i gcluiche ceannais na hÉireann

Agus Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais iomána na hÉireann Dé Domhnaigh, caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na comhraic is tábhachtaí a bheidh i bPáirc an Chrócaigh

Tá gaisce déanta ag Séamus Callanan i gcraobh na bliana seo agus cúl scóráilte aige i ngach ceann de na seacht gcluiche atá imeartha ag Tiobraid Árann go dtí seo in 2019. Beidh an lántosach ar a mhíle dícheall cúl amháin eile ar a laghad a fháil sa chluiche ceannais chun a n-ainm a chur sa Táin. Ar Huw Lawlor a bheidh sé an cúram stop a chur le Callanan.

Bhí lánchúlaí maith de dhíth ar Chill Chainnigh ag tús na bliana agus tá cruthaithe go maith ag Lawlor ó tugadh isteach é. Ní raibh sé gan locht agus bhí sé go mór faoi bhrú ar feadh tréimhsí sna cluichí i gcoinne Chorcaí agus Luimnigh. Mar sin féin, bhí sé ag marcáil beirt de na lántosaithe is fearr sa tír, Patrick Horgan agus Aaron GIllane.

Bhí Lawlor ar fheabhas sa dara leath den chluiche leathcheannais i gcoinne Luimnigh agus beidh air a bheith i mbarr a mhaitheasa arís Dé Domhnaigh. Rinne Callanan scrios ar Chill Chainnigh nuair a chas na foirne ar a chéile i gcluiche ceannais 2016, cluiche inar aimsigh fear Thiobraid Árann 0-13, agus má thugtar cead a chinn dó dó arís, beidh rás Chill Chainnigh rite.

Duine eile de ghlúin nua Chill Chainnigh, d’imir Deegan a chéad chluiche craoibhe do na Cait cúpla bliain ó shin agus is maith mar atá sé luite isteach ar an obair ó shin. Thosaigh sé amach ag imirt sa líne lánchúil ach is mar leathchúlaí ar chlé a d’imir sé den chuid is mó i mbliana agus is iontach na taispeántais atá tugtha aige d’fhoireann Brian Cody. Mheabhródh sé diongbháilteacht Tommy Walsh do dhuine uaireanta, cé go bhfuil neart le déanamh ag an bhfear óg le go mbeifí á lua mar oidhre Walsh.

Beidh Deegan ag tabhairt aghaidh ar dhuine de na himreoirí is cumasaí sa tír Dé Domhnaigh, John  O’Dwyer. Ní raibh ‘Bubbles’ i mbarr a mhaitheasa go dtí seo i mbliana ach d’fhág sé a rian ar chluichí Thiobraid Árann. Tá 0-17 aimsithe aige sa chraobh agus d’aimsigh sé scóranna tábhachtacha sa teacht aniar a rinne a chontae i gcoinne Loch Garman sa chluiche leathcheannais. Nuair nach mbíonn lánmhuinín aige, ní bhíonn an tionchar céanna aige ar an imirt agus beidh a choimhlint le Deegan ag tús an chluiche cinniúnach.

Tá Noel McGrath ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí ar fhoireann Thiobraid Árann. Tar éis dó na blianta a chaitheamh sa líne lántosach, tá saoirse tugtha dó anois i lár na páirce. Tá 1-19 aimsithe ag McGrath go dtí seo sa chraobh, 1-15 ón imirt san áireamh, ach tá an cumas atá ann deiseanna a chruthú dá leathbhádóirí chomh tábhachtach céanna.

Tá Conor Fogarty ag imirt ar fheabhas do Chill Chainnigh i mbliana agus é idir an líne leathchúil agus lár páirce de réir mar is gá agus b’fhéidir gurb é a bheidh ag marcáil McGrath. D’fhéadfadh gur ar Conor eile, Conor Browne, a chuirfí an cúram sin sa chluiche ceannais. Fuair Browne an ceann is fearr ar iománaí na bliana 2018, Cian Lynch sa bhabhta leathcheannais agus tá sé ag dul ó neart go neart ó tháinig sé isteach ar fhoireann Chill Chainnigh anuraidh. Is í Angela Downey a mháthair, bean a bhuaigh 12 bonn uile-Éireann le Cill Chainnigh sa chamógaíocht, agus beidh Conor ag súil go mbeidh a chéad bhonn acu sin aige féin Dé Domhnaigh.

Beirt de na himreoirí is mó taithí a bheidh ag imirt Dé Domhnaigh, beidh iomaíocht ghéar idir TJ Reid agus Pádraic Maher i bPáirc an Chrócaigh. Cé go raibh sé ar fheabhas i rith na sraithe agus i gcraobh Laighean, níl scór ón imirt faighte ag Reid le cúpla cluiche anuas agus beidh sé ag iarraidh é sin a chur ina cheart ag an deireadh seachtaine.

Ar an gcliathán a bhíodh sé ag imirt anuraidh, ach tá Maher bogtha isteach i lár na cosanta agus is maith ann é. Is beag imreoir is láidre ná fear Thiobraid Árann agus is minic a spreagann a thaispeántas na fir a bhíonn ina thimpeall.

Tiocfaidh beirt fhathach le chéile ar an gcliatháin Dé Domhnaigh nuair a thabharfaidh Walter Walsh agus Ronan Maher aghaidh ar a chéile. Gortaíodh Walsh i rith an tsamhraidh ach rinne sé go maith nuair a tháinig sé isteach sa dara leath i gcoinne Chorcaí sa bhabhta ceathrú ceannais agus thug sé taispeántas láidir eile uaidh i gcoinne Luimnigh cúpla seachtain ina dhiaidh sin.

Tar éis dó seal a chaitheamh ag imirt mar leathchúlaí láir do Thiobraid Árann, tá Ronan Maher ar ais ag imirt ar an gcliathán anois agus é ag déanamh go maith. Bhí sé ar fheabhas ar fad sa chluiche i gcoinne Loch Garman sa bhabhta leathcheannais. Nuair a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá, rug Maher ar chúpla pas tábhachtach agus beidh an choimhlint idir é féin agus Walsh thar a bheith suimiúil.

Fág freagra ar 'Cúig cinn de na comhraic is tábhachtaí a bheidh i gcluiche ceannais na hÉireann'