Cúig cheantar Gaeltachta i measc na gceantar is lú ina bhfuil cásanna den choróinvíreas sa stát

Idir an 17-30 Samhain deimhníodh níos lú ná cúig chás nua den choróinvíreas i 16 den 166 toghcheantar sa stát agus ceantair Ghaeltachta ab ea cúig cinn acu

Cúig cheantar Gaeltachta i measc na gceantar is lú ina bhfuil cásanna den choróinvíreas sa stát

Tá ceantair Ghaeltachta i nGaillimh, Port Láirge agus Maigh Eo i measc na gceantar is fearr as sa tír ó thaobh an Covid-19.

Idir an 17-30 Samhain, deimhníodh níos lú ná cúig chás nua den choróinvíreas i 16 den 166 toghcheantar sa stát, cúig cheantar Gaeltachta ina measc.

I nGaillimh, aimsíodh níos lú na cúig chás i gConamara Theas le linn na tréimhse sin. Bhí an ceantar i measc na gceantar is measa sa tír a bhí buailte ag cásanna den víreas mí Mheán Fómhair ach tá laghdú mór tagtha ar na figiúirí ó shin.

Níos lú ná cúig chás a aimsíodh i gConamara Thuaidh chomh maith idir an 17-30 Samhain.

Tá titim shuntasach tagtha ar líon na gcásanna i dtoghcheantar Dhún Gharbhán chomh maith, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise. Suas le 14 cás a bhí sa cheantar ag tús mhí na Samhna ach níos lú ná cúig chás a bhí sa cheantar idir an 17-30 Samhain, de réir na staitisticí is deireanaí.

Níos lú ná cúig chás a bhí i gceist arís sa dá thoghcheantar ina bhfuil Gaeltacht Mhaigh Eo, Béal an Mhuirthead agus Cathair na Mart.

Ar an taobh eile den scéal, is i nDún na nGall go fóill atá na rátaí is airde sa tír. Mar sin féin, bhí laghdú i gceist sna ceantair Ghaeltachta sa chontae.

Thit ráta scaipthe an ghalair ó 180 go dtí 117 in imeacht seachtaine i dtoghcheantar na nGleanntach in iarthuaisceart Dhún na nGall, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Thír Chonaill.

I ndeisceart an chontae, thit an ráta i gceantar Bhaile Dhún na nGall ó 132 go dtí 92.

Is i gceantar Bhaile na nGallóglach, mar a bhfuil na Dúnaibh, Carraig Airt agus bailte Gaeltachta eile, a bhí an ráta is airde den choróinvíreas sa tír an tseachtain seo caite ach tá an ráta tite ó 337 go dtí 254. Is ann a bhí an ceathrú ráta is airde sa tír idir an 17-30 Samhain.

Is é Leitir Ceanainn an ceantar is measa sa tír atá buailte ag an gcoróinvíreas de réir na bhfigiúirí nua agus ráta 289 ann. Is i nDún na nGall atá ceithre cinn de na cúig thoghcheantar is measa sa tír atá buailte ag an Covid-19 – Leitir Ceanainn, Carn Domhnach (271), Baile na nGallóglach agus Bun Cranncha (250).

87 cás in aghaidh gach 100,000 duine an meánráta scaipthe a bhí sa stát idir 17-30 Samhain.

I gCiarraí, tháinig ardú ar an ráta i gCorca Dhuibhne don dara seachtain as a chéile. Aimsíodh seacht gcás sa cheantar le linn na tréimhse is déanaí, ardú a d’fhág gur 49 ráta an ghalair ann.

Tá an ráta i dtoghcheantar an Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, níos ísle ná an ráta i gCorca Dhuibhne. 24 an ráta sa Neidín agus sé chás aimsithe ansin le cúpla seachtain anuas.

Bhí ardú i gceist chomh maith i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. D’ardaigh an ráta ó 73 an tseachtain seo caite go dtí 81 an tseachtain seo agus 30 cás deimhnithe sa cheantar idir an 17-30 Samhain.

Laghdú suntasach a bhí i gceist sa dá thoghcheantar ina bhfuil Gaeltacht na Mí. I mBaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, thit an ráta ó 109 go dtí 61. Ráta 53 a bhí i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, sin laghdú ón 102 a bhí ann go deireadh.

Fág freagra ar 'Cúig cheantar Gaeltachta i measc na gceantar is lú ina bhfuil cásanna den choróinvíreas sa stát'