Cuarbhóthar, creimeadh farraige agus cócaon ag cur as do lucht vótála Mhaigh Eo

Cúigear déag atá san iomaíocht agus cead vótála ag breis agus 98,000 duine sa toghcheantar is fairsinge sa tír

Cuarbhóthar, creimeadh farraige agus cócaon ag cur as do lucht vótála Mhaigh Eo

Seo an toghlach is mó sa tír ach de bharr an titim sa daonra níl ann ach ceithre shuíochán. Tá ceantar thart ar Bhaile an Róba ina bhfuil 5,000 vóta tagtha ar ais sa toghlach ó Ghaillimh Thiar an iarraidh seo. Cúigear déag atá san iomaíocht agus cead vótála ag breis agus 98,000 duine.

Cosúil leis an gcuid eile den tír tá an córas sláinte ag crá an phobail ach ní chloisfidh tú mórán tráchta ar an ngéarchéim tithíochta. Cloisfidh tú áfach faoi thithe atá loite ag pirít. Tá feilméaraí an chontae spréachta faoi cheist na mairteola agus dóibh siúd atá ar an gcósta tá creimeadh farraige agus ardú i leibhéal na farraige ina n-ábhar imní freisin.

Tá cloiste againn faoin gcuarbhóthar ó Chaisleán a’ Bharraigh go Cathair na Mart, nó an Ring Road, ach is bóthar eile, an R312 ó Bhéal an Mhuirthead go Caisleán a’ Bharraigh atá ag tarraingt agóide sa bhaile.

Turas i gcúl otharchairr ar an mbóthar ainnis seo an dúshlán atá tugtha ag an gCoiste Eagraithe do pholaiteoirí an chontae. Tá an leathanbhanda ina ábhar argóna freisin agus súil ag ceantracha atá faoi bhagairt ag díothú daonra go mbeidh siad in ann daoine a mhealladh abhaile nó a choinneáil sa bhaile mar chianoibrithe. Ar na doirse freisin tá roinnt cainte faoi phinsin, faoi choiriúlacht agus faoi dhíol agus úsáid cócaoin ar fud an chontae.

Sa toghchán deireanach toghadh Enda Kenny agus Michael Ring ó Fhine Gael agus Dara Calleary agus Lisa Chambers ó Fhianna Fáil. Bhí 50% den vóta ag Fine Gael ach toisc drochbhainistiú a bheith déanta ar an vóta sin chaill siad suíochán. Tá Michael Ring sábháilte go maith ach beidh sé ina chath idir Alan Dillon (iarpheileadóir contae) agus Michelle Mulherin agus argóintí ar siúl faoi dheighilt an toghlaigh eatarthu. Tá Enda Kenny ag tacú le Alan Dillon agus é amuigh ag stocaireacht leis i gCaisleán an Bharraigh. Cé gur chaill Michelle Mulherin a suíochán in 2016 agus os cionn 7,400 vóta céadrogha aici, tá próifíl ard aici sa toghlach óir d’ainmnigh Enda Kenny í mar Sheanadóir.

Ghnóthaigh Rose Conway-Walsh Sinn Féin 10% den vóta agus le dul chun cinn Shinn Féin sna pobalbhreitheanna ba cheart go ndéanfadh sí go maith arís an iarraidh seo. Níl ag Sinn Féin ach Comhairleoir Contae amháin (chaill siad beirt in 2019) agus tá Conway-Walsh suite in Iorras agus gan aon oifig i mBéal an Átha ná i gCaisleán a’ Bharraigh, rud a chruthóidh deacrachtaí di síltear. Saoirse McHugh ón gComhaontas Glas an t-iarrthóir eile ar chóir súil a choinneáil uirthi. Rinne sí fhéin go maith sna toghcháin Eorpacha ach níor chruthaigh iarrthóirí a páirtí sna toghcháin áitiúla go maith agus ní dócha go mbeidh sí san iomaíocht ag an deireadh. An cheist ná cé uaidh a dtógfaidh sí vótaí agus cá n-aistreofar iad.

Tá Gaeilge ag an Teachta Dála Dara Calleary agus go bhfios dom níl mórán di ag éinne de na hionadaithe poiblí anseo. Maidir leis na hiarrthóirí eile, deir Saoirse McHugh go bhfuil a cuid Gaeilge féin lag.

Beidh dhá shuíochán ag Fianna Fáil, Dara Calleary agus Lisa Chambers, ceann ag Fine Gael, agus an ceann eile idir Mulherin, Dillon agus Conway- Walsh.

Fág freagra ar 'Cuarbhóthar, creimeadh farraige agus cócaon ag cur as do lucht vótála Mhaigh Eo'