Cuairt le tabhairt ag Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt ar Choimisinéir Teanga an Deiscirt

Tabharfaidh Pól Deeds cuairt ar Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta, Oifig an Choimisinéara Teaga, agus Ollscoil na Gaillimhe agus é i nGaillimh an tseachtain seo

Cuairt le tabhairt ag Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt ar Choimisinéir Teanga an Deiscirt

Tabharfaidh Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt, Pól Deeds, cuairt ar Choimisinéir Teanga an Deiscirt, Séamus Ó Concheanainn, sa Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe an tseachtain seo.

Dúirt Deeds ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste go mbeidh sé ag casadh le hÓ Concheanainn le “comhoibriú tairbheach idir an dá oifig agus idir an dá dhlínse a phlé”.

Tabharfaidh an Coimisinéir Gaeilge cuairt ar oifigí Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta sna Forbacha a fhad is a bheidh sé san iarthar an tseachtain seo agus tá cruinnithe ar an sceideal aige in Ollscoil na Gaillimhe freisin.

Tá turas eile eagraithe aige go dtí an Bhreatain Bheag an tseachtain seo chugainn. Beidh toscaireacht ó Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus ó Ollscoil Uladh ag dul anonn chuig an tír Cheilteach in éineacht leis an gCoimisinéir Gaeilge le cuairt a thabhairt ar Oifig Choimisinéir na Breatnaise, Efa Gruffudd Jones.

Tabharfaidh an toscaireacht cuairt ar an Senedd, parlaimint na Breataine Bige, agus ar ollscoil “le foghlaim faoin dóigh a bhfeidhmíonn an dátheangachas” ar champais agus ar shráideanna “i gcathair mhór eile de chuid na Ríochta Aontaithe”. Dúirt Deeds go bhfuil an dátheangachas i réim in Caerdydd, príomhchathair na Breataine Bige, “gan conspóid ar bith”.

Dúirt sé go bhfuil súil aige, nuair a thiocfaidh an toscaireacht ón Tuaisceart abhaile, go mbeifear in ann “labhairt faoi bhearta gníomhacha chun feiceálacht na Gaeilge inár n-ollscoileanna a mhéadú”.

Luaigh Deeds ina aitheasc mar aoichainteoir ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge go mbeidh tús á chur “gan mhoill” ag a oifig leis an bpróiseas chun na caighdeáin dea-chleachtais maidir le cothú agus úsáid na Gaeilge sna húdaráis phoiblí ó thuaidh a fhorbairt.

Dúirt sé go mbeidh “taighde agus tréimhse comhairliúcháin” le déanamh ar dtús sula suífidh sé féin agus a fhoireann síos “chun [na caighdeáin] a dhréachtú sa samhradh”. Mhaígh sé go raibh sé mar aidhm aige na caighdeáin a bheith réidh le cur faoi bhráid an Chéad-Aire, Michelle O’Neill, agus an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly, “ag deireadh na bliana seo”.

“I rith an ama, beidh mé ag tabhairt comhairle, tacaíocht, agus treoir do na húdaráis phoiblí agus beidh mé ag obair le Conradh na Gaeilge, le Foras na Gaeilge, agus leis na saineolaithe eile inár n-earnáil le cinntiú go mbogfaidh rudaí chun cinn ar bhealach atá céimnitheach agus a chinnteoidh gur athruithe buana a chuirfear in áit, ionas nach mbeidh aon dul siar ann,” a dúirt sé.

Dúirt Deeds go gcreideann sé go bhfuil sé, mar Choimisinéir Gaeilge, ina “chosantóir” ar an Acht Féiniúlachta agus Teanga agus gur ar an mbonn sin a bheidh sé ag feidhmiú ina ról agus é ag iarraidh “aidhmeanna uile an Achta” a chur chun cinn, seachas na cinn a bhaineann le cúrsaí teanga amháin.

Ba é téama na hArd-Fheise i mbliana ‘An Ghaeilge in Éirinn Aontaithe’, agus cé go ndúirt Pól Deeds nach bhfuil “tuairim” aige mar Choimisinéir “ar an treo ina rachaidh muid maidir le socruithe bunreachtúla amach anseo” go n-ardaíonn an téama ceist ina intinn “atá le cíoradh againn uilig mar Ghaeil”.

“Cén cineál tíre, cén cineál náisiúin, nó sochaí, atá muid ag iarraidh a thógáil dár bpáistí? Cén chuma a bheas air? Caithfidh muid mar Ghaeilgeoirí in 2026 dianmhachnamh a dhéanamh air seo.

“Beidh áit ann sa ré úr don Ghaeilge, is féidir talamh slán a dhéanamh de sin, cé nach léir ar chor ar bith go fóill cén áit go díreach nó cén leibhéal measa a bheidh ann di, ó thuaidh nó ó dheas,” a dúirt sé.

Chuir sé sraith ceisteanna ar an slua a dúirt sé a gcaithfí machnamh a dhéanamh orthu agus ceist na teanga á plé i gcomhthéacs athaontú na tíre. Dúirt sé gur chóir cuimhneamh ar na féiniúlachtaí eile atá in Éirinn agus an áit a bheadh acu ann.

“An ndéanfaidh sibhse mar cheannródaithe na féiniúlachta in Éirinn áit a chinntiú don Bhriotanachas, don traidisiún Albanach Ultach, don dílseachas agus don Oráisteachas fiú? Más meas atá uainn – agus nach é sin an bhunchúis ár streachailte le blianta fada – an gciallaíonn sé sin meas do chách?

“An é sin an rud a chinnteoidh todhchaí gheal shona shíochánta dár bpáistí chomh maith lenár gcearta féin a chinntiú?” a dúirt Deeds leis an lucht féachana.

Dúirt sé freisin, áfach, go mbeidh daoine ann a bheidh i gcoinne na Gaeilge i gcónaí ach nár chóir “barraíocht airde” a thabhairt ar na daoine sin, nach bhfuil buartha faoin teanga í féin, dar leis, ach faoin bpolaitíocht.

“Ná tugaimis barraíocht airde ar na daoine sin, ní hí an Ghaeilge féin atá ina húdar imní acu – tá siad buartha go bhfuil an pholaitíocht ag bogadh ar aghaidh gan iad. Is fusa agus is fearr leo an troid ná an tsíocháin, an choimhlint ná an chomhthuiscint. Ligimis leo, mar tá dlí againn anois,” a dúirt sé.

Agus é faoi agallamh ag an iriseoir Máirín Ní Ghadhra ó RTÉ RnaG i ndiaidh a óráide, dúirt Deeds go bhfuair sé comhairle dlí gan baint a bheith aige le ceist na comharthaíochta Gaeilge i Stáisiún Lár Bhéal Feirste go fóill.

Mhol an Breitheamh Gerry McAlinden ag éisteacht an cháis faoin gcomharthaíocht dhátheangach go lorgódh na hairí comhairle an Choimisinéara Gaeilge, agus rinne sé féin teagmháil dhíreach le Deeds.

“Níl mé ag rá go bhfuil mé ag diúltú don iarratas sin, ach fuair mé comhairle dlí ag rá nár chóir dom é sin a dhéanamh. Níl mé ag rá go bhfuil mé ag diúltú don iarratas sin ach níor iarradh orm ó shin. Tá an cás le bheith ar ais sa chúirt i mí na Bealtaine, gach seans go mbeidh baint agam leis an uair sin,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Cuairt le tabhairt ag Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt ar Choimisinéir Teanga an Deiscirt'