Cruinniú le reáchtáil faoi Bhéarlóirí a bheith brúite isteach i láthair champála ‘Gaeltachta’ an Electric Picnic

Rinne roinnt daoine a bhí ag campáil sa láthair Ghaeltachta i mbliana gearán ar na meáin shóisialta gur cuireadh daoine nach raibh Gaeilge acu ann

Cruinniú le reáchtáil faoi Bhéarlóirí a bheith brúite isteach i láthair champála ‘Gaeltachta’ an Electric Picnic

Tá cruinniú le reáchtáil ag fostaithe de chuid Chonradh na Gaeilge faoi thuairiscí gur cuireadh iachall ar lucht bainistíochta na láithreach campála ‘Gaeltachta’ ag Electric Picnic glacadh le campálaithe nach raibh cláraithe ansin.

Rinne roinnt daoine a bhí ag campáil sa láthair Ghaeltachta i mbliana gearán ar na meáin shóisialta gur cuireadh daoine nach raibh Gaeilge acu ann agus go raibh roinnt mhaith Béarla á labhairt ansin dá bharr. Bhí roinnt de lucht campála na láithreach Gaeltachta ar a labhair Tuairisc leo curtha amach gur osclaíodh an campa speisialta don ghnáthlucht freastail nuair a plódaíodh na gnáthláithraecha campála.

Dheimhnigh Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, do Tuairisc go raibh na tuairiscí cloiste aige agus go raibh cruinniú le reáchtáil leis na baill foirne a bhí ar an láthair faoin scéal. Tuigtear do Tuairisc gurbh iad foireann Raidió Rí Rá is mó a bhí ag plé leis an láthair ‘Ghaeltachta’.

Tá an láthair ‘Ghaeltachta’ á rith ag Electric Picnic ó bhí 2018 ann. Cuirtear spás campála ar leataobh do chainteoirí Gaeilge in aon láthair amháin ag an bhféile le go mbeidís in ann “a bpubaill a chrochadh in éineacht le Gaeil eile”.

Is í an Ghaeilge atá ceaptha a bheith ina teanga labhartha ar an láthair ‘Ghaeltachta’ sa chaoi is go mbeidh “deis [ag] lucht freastail na féile spás faoi leith a bheith acu lena gcuid Gaeilge a úsáid le linn an deireadh seachtaine”.

Nuair a cheannaítear ticéad campála Electric Picnic is féidir cur isteach ar áit ar roinnt láithreacha campála speisialta a fhreastalaíonn ar dhaoine éagsúla. Bíonn áiteanna teoranta ar fáil sna láithreacha breise seo agus ní mór iad a chur in áirithe i bhfad roimh an bhféile féin.

Chomh maith leis an láthair ‘Ghaeltachta’, tá an láthair ‘Glitterball’ ann do dhaoine trasinscneacha, neamhdhénártha agus a bhfuil féiniúlachtaí eile inscne acu; tá an láthair Eco ann atá dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis ar leith acu sa champáil gan lorg a fhágáil agus i gcúrsaí comhshaoil; agus tá an láthair ‘Poets’ ann do dhaoine ar mhaith leo críochnú den chóisireacht níos luaithe san oíche agus deireadh seachtaine níos suaimhní a chaitheamh.

Iarrann Conradh na Gaeilge ar dhaoine atá ag cur isteach ar áit sa láthair Ghaeltachta cloí leis an bpolasaí teanga a bhíonn i bhfeidhm ann.

“Iarraimid ar dhaoine meas a léiriú don teanga agus spás a chur in áirithe díreach má tá sé i gceist acu a bheith ag labhairt as Gaeilge amháin sa láthair thar an deireadh seachtaine ar fad,” a deirtear ar an bhfoirm iarratais.

Dúirt roinnt daoine a bhí ag campáil sa láthair ‘Ghaeltachta’ le Tuairisc nach mbíonn aon chóras ann cé is moite den achainí sin ar an bhfoirm iarratais lena chinntiú go mbíonn Gaeilge ag daoine a bhíonn ag campáil ar an láthair,” arsa campálaí amháin.

“Ní raibh le déanamh agam riamh ach m’ainm a chur síos agus glacadh liom. Seiceáladh m’ainm ag an mbealach isteach ach níor dheimhnigh aon duine go raibh an Ghaeilge agam.”

Dúirt an campálaí go raibh an láthair “go hiontach” mar sin féin. “Ba chainteoirí Gaeilge na daoine ar fad a casadh orm nuair a bhí mé ann ach ní fhaca mé go raibh córas ann le cainteoirí Béarla a choinneáil amach, seachas an fhoirm iarratais,” a dúradh.

Bhí díomá ar lucht freastail na láithreach Gaeltachta in 2022 freisin mar gheall ar an “easpa eagrúcháin” ar an láthair agus an “líon mór Béarlóirí” a bhí ag campáil ann. Níor glacadh an bhliain sin le roinnt daoine a chláraigh don láthair roimh ré agus bhí “an-chuid Béarlóirí” ann.

De réir na dtuairiscí, tá feabhas tagtha ar an eagrúchán ó shin agus bhain gearáin na bliana seo le foireann Electric Picnic féin a bheith ag brú Béarlóirí isteach ar an láthair ‘Ghaeltachta’ seachas le foireann na láithreach féin.

Fág freagra ar 'Cruinniú le reáchtáil faoi Bhéarlóirí a bheith brúite isteach i láthair champála ‘Gaeltachta’ an Electric Picnic'