Chuaigh an tír ar aistear an tseachtain seo nach raibh mórán ag súil leis roinnt seachtainí ó shin. Ní hí ‘An bhfuair tú aon tuairisc fós ar vacsaín?’ an cheist feasta agus daoine ag comhrá sa siopa ach “An dtógfaidh tú an ceann sin má thairgtear duit é?”
Tá amhras agus imní níos mó le brath anois i measc an phobail ná mar a bhí aon uair ón am seo anuraidh nuair nach raibh muid ach i dtús na paindéime. An tráth sin dúradh linn go mbeadh na heolaithe ag obair agus ag obair go dian agus a luaithe agus a bheadh vacsaín acu go mbeadh muid in ann aghaidh a thabhairt ar Covid-19.
Dúradh sin ar fad, ach dúradh freisin nach mbeadh aon tuairisc ar vacsaín go ceann tamall maith – suas le dhá bhliain. De bharr infheistíocht mhór mhillteach agus feachtais ar nós Operation Warp Speed sna Stáit Aontaithe tháinig an dea-scéala faoi vacsaín i bhfad níos túisce ná mar a bhí súil leis.
Faoi mhí na Nollag 2020 bhí muid ag caint ar an dóchas, ar chlár dáilte agus ar phróiseas táirgiúlachta na gcomhlachtaí a bhí i gceist. Agus ba chuma linn ar fad ach vacsaín a fháil. Chuir muid ar fad ár muinín sna vacsaíní agus sna polaiteoirí a bhí i mbun margáintíochta le soláthar de na vacsaíní sin a fháil.
Go dtí an tseachtain seo.
Tá na treoracha faoi dháileadh na vacsaíní athraithe anois. Is cuma cé mhéad uair a deirtear gur baol an-bheag a bhaineann le AstraZeneca , ní chloiseann daoine ach an focal baol. Tá an imní chéanna anois faoi Johnson agus Johnson agus tá tuilleadh tástálacha le déanamh ar an táirge sin. Tá athmhachnamh á dhéanamh ag go leor daoine ar a ndearcadh i leith na vacsaíne seo. Daoine nach mbíonn amhras acu faoi vacsaíní de ghnáth. Ní mór smaoineamh go bhfuil sciar suntasach den phobal nach raibh mórán fonn orthu vacsaín a thógáil fiú sular labhraíodh ar vacsaín ar bith.
Ainneoin ar thug polaiteoirí, go háirithe, le fios níl aon draíocht ag baint leis na vacsaíní. Go dtí seo tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil na cinn atá á dtáirgeadh ag Pfizer agus Moderna sábháilte go leor. Vacsaín nó gan vacsaín, tá an víreas fós inár measc.
Ta líon na gcásanna ag laghdú go han-mhall ach tá muid fós ag caint ar os cionn trí chéad cás sa lá. D’éirigh daoine níos sleamchúisí agus níos míchúramaí nuair a cheap siad gur ghearr go mbeadh vacsaín acu. Agus cé a thabharfadh orainn é?
Faraor níl deireadh ráite faoi Covid-19 agus beidh sé linn go ceann i bhfad. Níl aon bhealach gur féidir an víreas seo a cheansú gan na treoracha a fuair muid ón tús a leanacht. Fan amach ó dhaoine eile, nigh do lámha, caith do mhasc, bí cúramach.
Tiocfaidh an lá go mbeidh vacsaín againn ar fad ach go dtí sin bímis cúramach agus airdeallach.
antóin
Dá gcloisfeadh na daoine a fuair vacsaín Pfizer go mbeadh orthu an tríú dáileog a fháil roimh dheireadh na bliana agus ansin ceann in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin an mbainfí creathadh eile astú?