Cóta ‘leictreach’ a choinneoidh an teas ionat ar fáil anois

Ní fada uainn an lá go mbeidh ár gcuid éadaigh á lódáil againn le cumhacht san oíche le go mbeidh siad te, teolaí an lá dár gcionn

Desktop

Is dócha go gcaithfeadh sé tarlú, go smaoineodh duine éigin air – cóta faiseanta geimhridh a bhfuil córas inmheánach teasa dá chuid féin ann. Seoladh a leithéid le gairid ag ceann d’ócáidí móra faisin na bliana, Seachtain Faisin Pháras.

An comhlacht Courrèges a dhear an táirge nua seo – trí cinn de chótaí ar fad –  a dhéanann nasc idir an t-ardfhaisean agus an teicneolaíocht nua-aoiseach.

Tá cleachtadh maith againn ar phluideanna leictreacha agus is féidir gluaisteáin a cheannach anois a bhfuil a gcóras teasa féin ag na suíocháin.

Luíonn sé le ciall, mar sin, go smaoineofaí ar an teicneolaíocht sin a úsáid do chótaí geimhridh.

Bhí iarrachtaí áirithe déanta sa treo sin roimhe seo ach ba sheaicéid do dhreapadóirí sléibhe amháin a bhí i gceist agus ní raibh cáil mhór riamh orthu mar earraí faisin. Ach bheartaigh Sebastien Meyer agus Arnaud Vaillant, na príomhdhearthóirí ag Courrèges dua a chaitheamh leis an teicneolaíocht a cheangal leis an bhfaisean agus cótaí a dhearadh a bheadh iomlán praiticiúil ach nua-aimseartha agus galánta.

Maidir le dathanna, tá trí rogha ar fáil leis an gcóras teasa iontu – bándearg, dubh agus seicear dubh agus bán; ceallra a choinníonn an teas ar feadh sé huaire an chloig go dtí gur gá é a athlódáil arís.  Cótaí olla lánfhada iad ar fad.

Ní amháin gur smaoineamh nua é seo ó thaobh dearaidh de, ach bheartaigh Courrèges cur chuige nua a úsáid chun a gcuid earraí nua-dheartha a sheoladh; chinneadar go gcuirfí cuid dá mbaill éadaigh ar an margadh láithreach, beart as an ngnáth ag dearthóirí na seónna móra faisin. Is iondúil nach mbíonn táirgí na seónna móra sin ar fáil le ceannach go ceann ceathair nó cúig de mhíosa tar éis a seolta. Bhí fonn ar na dearthóirí dul in aghaidh an tsrutha agus gan géilleadh don nós seanbhunaithe sa tionscal. ‘See now, buy now’ an polasaí nua atá á fhorbairt ag Courrèges do chuid dá dtáirgí nua.

Ní ionadh ar bith é go bhfuil dearcadh neamhghnách agus nua-aimseartha ag an gcomhlacht áirithe seo. Bhí an bunaitheoir, André Courrèges, i bhfad chun cinn ar a chomhghleacaithe san tionscal ó thús aimsire. Mar innealtóir sibhialta a oileadh é ach thug sé aghaidh ar shaol an fhaisin le dearcadh cruthaitheach, nua-aoiseach. Glactar leis gurbh é a dhear an chéad mhionsciorta sna seascaidí cé gurbh í an dearthóir Mary Quant is minice a luaitear leis an gcineál sin stíle. D’admhódh na saineolaithe gurbh é Courrèges a d’fhorbair an coincheap ach gurbh í Quant a chuir i mbéal an phobail é lena cuid margaíochta cliste.

Deirtear faoi freisin gur chuir sé go mór le saoirse na mban agus gur threoraigh sé an smaointeoireacht ó éadach ‘banúil’ na gcaogaidí go dtí stíl níos ‘fearúla’ le cultacha treabhsair do mhná a bhí an-neamhchoitianta roimhe sin.

Tá an cheannasaíocht a thug sé don chomhlacht agus an dearcadh nua-aimseartha a bhí aige ina inspioráid fós ag a chomharbaí Sebastien Meyer agus Arnaud Vaillant. Fir óga iad a bhfuil sé ráite acu gur mian leo an comhlacht a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le dearadh agus dearcadh. Mholadar beirt cruthaitheacht André Courrèges le linn Seó Faisin Pháras agus iad ag tagairt dá bhás i mí Eanáir na bliana seo.

Is dócha gur féidir linn a bheith cinnte nach fada uainn an lá go ndéanfar forbairt bhreise ar an gcoincheap seo agus go mbeidh cótaí agus baill éadaigh lena gcóras teasa inmheánach ar fáil go coitianta ar phraghas réasúnta.

Samhlaigh an uair i lár an gheimhridh amach anseo go mbeidh ár gcuid éadaí á lódáil againn san oíche le go mbeidh siad te, teolaí orainn an lá dár gcionn!

Fág freagra ar 'Cóta ‘leictreach’ a choinneoidh an teas ionat ar fáil anois'