Cosc náisiúnta ar chuairteoirí chun an tí agus Leibhéal 4 le cur i bhfeidhm i nDún na nGall

Tá cosc náisiúnta á chur ar chuairteoirí chun an tí agus tá Leibhéal 4 a thabhairt isteach i dtí chontae cois teorann, Dún na nGall, Muineachán agus contae an Chabháin

Cosc náisiúnta ar chuairteoirí chun an tí agus Leibhéal 4 le cur i bhfeidhm i nDún na nGall

Chinn an Rialtas tráthnóna cosc náisiúnta a chur ar chuairteoirí chun an tí agus Leibhéal 4 a thabhairt isteach i dtrí chontae cois teorann, Dún na nGall, Muineachán agus contae an Chabháin.

Fágann an cinneadh go mbeidh cosc ar fud an stáit ón oíche amárach go dtí an 10 Samhain ar chuairt a thabhairt ar theaghlaigh eile ach amháin i ronnt bheag eisceachtaí amhail cúram leanaí. Bainfidh an cosc le cuairteanna ar ghairdín an tí chomh maith.

Phléigh an Rialtas cás na gcontaetha cois teorann anocht mar chuid de chruinniú rialtais faoi na beartais is déanaí atá tugtha isteach sa Tuaisceart in iarracht dul i ngleic le scaipeadh rábach an Covid-19.

Is iad na difríochtaí is mó idir Leibhéal 4 agus Leibhéal 3 nach bhfuil cead oscailte faoi Leibhéal 4 ach ag gnóthaí, siopaí agus seirbhísí atá riachtanach agus nach gceadaítear aon chuairteoirí chun an tí ná ócáid shóisialta ar bith.

Fógraíodh inniu go raibh scoileanna an Tuaiscirt le dúnadh ar feadh coicíse ón Luan seo chugainn mar chuid de na srianta nua atá á dtabhairt isteach le srian a chur le scaipeadh rábach an Covid-19 ó thuaidh.

Ón Aoine seo beidh na bialanna agus na tithe tábhairne dúnta ach amháin i gcomhair seirbhís tabhair leat. Mairfidh na srianta ar feadh ceithre seachtaine.

2,312 cás nua den choróinvíreas a fógraíodh in Éirinn inniu – 1,095 cás ó dheas agus 1,217 cás ó thuaidh — an líon is mó cásanna a fógraíodh sa tír in aon lá amháin ó thús na paindéime.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas go raibh cúigear eile básaithe de dheasca an víris sa stát.

128 cás eile a fógraíodh i gcás chontae an Chabháin tráthnóna.

Tá ráta coicíse an ghalair in aghaidh gach 100,000 duine ag 571 i gcontae an Chabháin, an ráta is airde sa stát. 360 an ráta i Muineachán, an dara contae is measa, agus 353 atá i gceist i nDún na nGall atá sa tríú háit.

190.7 an ráta náisiúnta.

 

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, gur “údar an-mhór imní” a bhí sa scéal i láthair nua huaire.

“Arís inniu tá breis is 1000 cás le fógairt againn. Údar an-mhór imní é sin agus tá rud le déanamh ag gach uile dhuine againn.

“Caithfidh gach uile dhuine againn an líon daoine a mbuailimid leo a laghdú chomh mór agus is féidir. Ciallaíonn sé sin gur chóir dúinn fanacht sa mbaile, obair ón mbaile más féidir, an scaradh sóisialta a chleachtadh agus comhluadar nach gá a sheachaint.”

D’iarr an Dr. Ronan Glynn, Leas-Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, ar dhaoine stopadh ag bualadh lena gcairde agus iarracht a dhéanamh srian a choinneáil ar scaipeadh an víris.

“Caithfidh daoine roghanna a dhéanamh. Caithfimid stopadh ag cruinniú le chéile i ngrúpaí, stopadh ag eagrú cuairteanna spraoi do pháistí, cóisirí agus imeachtaí sóisialta eile. Caithfidh daoine a thuiscint gur bagairt atá sa ngalar seo dóibh féin agus dá dteaghlaigh. Anois an t-am ag gach aon duine amháin againn beart a dhéanamh láithreach.”

Fág freagra ar 'Cosc náisiúnta ar chuairteoirí chun an tí agus Leibhéal 4 le cur i bhfeidhm i nDún na nGall'