D’fhógair rialtas na hUngáire inniu nach mbeadh cead ag Kneecap teacht isteach chun na tíre chun seinm ag Féile Sziget, ceann de na féilte ceoil is mó san Eoraip.
Tá sé curtha i leith Kneecap ag rialtas na hUngáire go raibh caint fhrith-Sheimíteach acu agus gur mhol siad an grúpa míleata Hamas.
Ba ar an ardán X a d’fhógair urlabhraí rialtais, Zoltán Kovács, an cinneadh inniu.
Lean sé air ag rá nach nglacann an rialtas “beag ná mór leis an bhfrith-Sheimíteachas,” agus gur “dualgas doshéanta é”, pobal na hUngáire, go háirithe an pobal Giúdach, a chosaint.
Tamall beag ina dhiaidh sin, phostáil Kovács litreacha oifigiúla ó na húdaráis inimirce, a thugann le fios nach mbeidh cead ag Kneecap cuairt a thabhairt ar an Ungáir go ceann trí bliana.
Mhaígh sé gur bhagairt mhór a bheadh ann do shlándáil náisiúnta na tíre dá mbeadh cead ag Kneecap teacht go dtí an Ungáir.
Tráthnóna inniu, d’eisigh Kneecap ráiteas ag rá go raibh brón orthu nach mbeadh siad i láthair ag an bhféile cheoil, a thosóidh ar an 6ú lá de Lúnasa.
Dúirt siad gur dhúirt rialtas Viktor Orban, gur bhagairt mhór iad féin do shlándáil náisiúnta na tíre, agus gur scannal amach is amach a bhí ansin ó tharla gur chuir an fear céanna “fáilte is fiche roimh an gcoirpeach cogaidh, Benjamin Netanyahu” roinnt seachtainí ó shin.
Dúirt siad go bhfuil sé soiléir go bhfuil rialtas na hUngáire ag iarraidh aird a tharraingt ar shiúl ón pholaitíocht, Dúirt siad gur iarracht eile é seo chun daoine a tharraingíonn aird ar an chinedhíothú i gcoinne mhuintir na Palaistíne a chiúnú.
Dúradh nach raibh “bunús dlíthiúil” ar bith leis an chinneadh agus nár ciontaíodh ball ar bith de Kneecap as “coir ar bith, i dtír ar bith”.
D’iarr rialtas na hUngáire roimhe seo ar lucht eagraithe Fhéile Sziget Kneecap a bhaint de chlár na féile a mheallann na céadta míle duine chuig oileán beag ar abhainn na Danóibe achan bhliain.
Dúirt lucht eagraithe na féile gur chúis aiféala a bhí ann dóibh nach mbeadh Kneecap ag seinm ag an cheolchoirm agus nach raibh aon ghá leis an chinneadh a rinne an rialtas.
I ráiteas a d’eisigh siad, dúirt siad go dtugann siad cead cainte d’achan cheoltóir.
Beidh Post Malone, Shawn Mendes agus Charli XCX, i measc na gceoltóirí eile a bheidh ag Féile Sziget i mbliana.
Fág freagra ar 'Cosc curtha ar Kneecap teacht go dtí an Ungáir le ceol ag féile'