CORN AN DOMHAIN 2022: Cluiche géar iomaíoch eile roimh an Airgintín agus an Chróit

Tháinig an dá fhoireann slán ó chiceanna éirice sna babhtaí ceathrú ceannais ach dhá chluiche éagsúla a bhí iontu a léirigh laigí agus láidreachtaí na bhfoirne

CORN AN DOMHAIN 2022: Cluiche géar iomaíoch eile roimh an Airgintín agus an Chróit


7.00in

Tabharfaidh dhá fhoireann a bhfuil taithí acu ar chluiche ceannais Chorn an Domhain a bhaint amach aghaidh ar a chéile sa chéad chluiche leathcheannais sa Chatar tráthnóna. D’imir an Airgintín i gcluiche ceannais 2014 agus bhí an Chróit ann ceithre bliana ó shin sa Rúis. Chaill an dá fhoireann ar an lá mór agus tá díocas orthu agus iad ag iarraidh dul céim níos faide an uair seo.

Bhain an dá fhoireann áit amach sna babhtaí leathcheannais nuair a tháinig siad slán ó chiceanna éirice ach dhá chluiche an-éagsúil óna chéile a bhí acu.

Géarchoimhlint a bhí idir an Chróit agus an Bhrasaíl. Is ag an mBrasaíl a bhí na deiseanna is fearr agus bhí an chuma ar an scéal gurbh iadsan a rachadh tríd nuair a scóráil Neymar cúl iontach díreach roimh leath ama in am breise. Ach tá teacht aniar dochreidte i bhfoireann seo na Cróite agus scóráil Bruno Petković cúl trí nóiméad roimh dheireadh na himeartha agus bhí an cúl báire, Dominik Livaković, ina laoch arís tráth ciceanna éirice.

Níl aon chluiche de na cúig cinn atá imeartha acu go dtí seo sa Chatar caillte ag an gCróit ach, aisteach go leor, ní rabhadar chun tosaigh ach i gceann amháin acu, an ceann a bhuadar ar Cheanada sa dara cluiche i nGrúpa F. Tharla nach mór an rud céanna sa Rúis in 2018, nuair a bhí ar an gCróit teacht aniar a dhéanamh sna trí chluiche roimh an gcluiche ceannais agus ní chuirfidh sé tada as dóibh má théann siad cúl chun deiridh in aghaidh na hAirgintíne anocht chomh fada is go bhfuil am acu a gcúl féin a scóráil.

Tá cosantóirí na Cróite ag imirt ar fheabhas. Tá caidreamh maith i lár na cosanta idir Dejan Lovren, a bhfuil beagnach ceithre scór cluiche imeartha aige dá thír, agus Joško Gvardiol, nach bhfuil ach 20 bliain d’aois ach atá ar dhuine de na himreoirí is fearr atá feicthe againn go dtí seo sa Chatar.

Bhí an-chuid den chaint go dtí seo sa chomórtas ar Lionel Messi agus Cristiano Ronaldo agus conas mar a bhí ag éirí leis na seanfhondúirí ach tá a bhfuil á dhéanamh ag Luka Modrić sa Chatar dochreidte ar fad.

Cé nach gcuireann Messi agus Ronaldo iarracht isteach anois ach amháin nuair a bhíonn seilbh na liathróide, bíonn Modrić seasta ag rith i lár na páirce cé go bhfuil sé ar comhaois leis an bPortaingéalach agus dhá bhliain níos sine ná laoch na hAirgintíne.

Baineadh Modrić den pháirc in am breise sa chluiche in aghaidh na Seapáine ach d’imir sé an cluiche agus an t-am breise uile in aghaidh na Brasaíle agus ba é a chuir tús leis an ionsaí a chríochnaigh le cúl Bruno Petković théis 117 nóiméad.

Feicfimid linn an mbeidh tionchar ar bith ag na hiarrachtaí sin ar chluiche na hoíche anocht. Chuaigh cluichí na Cróite agus na hAirgintíne go dtí ciceanna éirice Dé hAoine ach tharla an rud céanna don Chróit i mBabhta an 16 freisin. Sa Rúis in 2018, chuaigh na cluichí a bhí ag an gCróit i mBabhta an 16, sna babhtaí ceathrú ceannais agus sna babhtaí leathcheannais chomh fada le ham breise agus tháinig siad slán ó na trí cinn acu. Ach tá an fhoireann seo níos sine agus na cluichí ag teacht níos tapa.

Cluiche crua lán cantail a bhí sa cheann idir an Airgintín agus an Ísiltír oíche Dé hAoine seo caite. Tháinig na hAirgintínigh slán faoi dheireadh ach rinne siad obair chrua den chluiche in aghaidh na hÍsiltíre.

Sa chéad 80 nóiméad den chluiche, is ar éigean gur chruthaigh an Ísiltír seans ar bith chun cúl a scóráil. Cé nach raibh na hAirgintínigh féin ag cruthú mórán ach an oiread, bhí siad i gceannas ar an imirt agus cuma na maitheasa orthu.

Is léir, áfach, go bhfuil laige ann ó thaobh mheon na foirne. Bhuail scaoll iad nuair a thosaigh an Ísiltír ag lascadh na liathróide i dtreo na bhfathach, Wout Weghorst agus Luuk de Jong, agus scóráil an Ísiltír an dá chúl chun an cluiche a thabhairt chomh fada le ham breise.

Seachas sa tréimhse 15-20 nóiméad sin agus tréimhse ceathrú uaire eile in aghaidh na hAraibe Sádaí sa chéad bhabhta, chruthaigh cosantóirí na hAirgintíne go maith ach ní bheifeá go hiomlán cinnte go bhfuil an beart déanta ag an bhfoireann nó go mbeidís trí nó ceithre chúl chun tosaigh.

Is beag seans go dtarlóidh sin in aghaidh na Cróite anocht agus cluiche géar iomaíoch eile atá romhainn.

Fág freagra ar 'CORN AN DOMHAIN 2022: Cluiche géar iomaíoch eile roimh an Airgintín agus an Chróit'

  • SéamusÓ Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    $$$$$$ Corn Fola an Domhain sa Chatar $$$$$$

    Is mithid deireadh a chur leis an ‘Sorcus Nero’ seo.

    Nollaig Shona do na daoine faoi leatrom
    nach bhfuil ar a n-achmainn go dti na cluichí agus a scéal a insint

    Mo cheol thú a Phádraic Uí Chiardha ,

    As an alt den scoth seo NACH gcuireann sinn ar an eolas faoin easpa cearta daonna do mhuintir na tíre sin agus do na himircigh, do na mná do na daoine aeracha áta á gceilt ag FIFA agus lucht rachamais caipitiligh an Domhain lena gcuid bolscaireachta náireach.

    Is mithid deireadh a chur leis an ‘Sorcus Nero’ seo atá ag iarradih an Dubh a chur ina Gheal orainn go bhfuil sochaí cothrom i gCatar.

    Is mise le dóchas
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    An Ghaeltacht/Jailteacht
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

    Focal Scoir :—

    ( Gabh mo leithscéal as an Clampar, mar tá mé ag obair ó mo chillín
    ar láthair thógála ‘Bloc E‘ agus braon den ‘Asbestos’ agus deanach anuas orm i gcónaí )

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************