Corcaigh in ísle brí fad is atá €80m á chaitheamh ar staid nua agus saineolaithe thar teorainn amach

Tá obair mhaith ar bun faoi aois i gCorcaigh ach seans go mbeidh tamall ann sula mbeidh foireann na sinsear i measc na gcontaetha is láidre arís

Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan

Cuireadh tosach díomách le craobhacha sinsear iomána Laighean agus Mumhan seachtain ó shin.

Rinne Baile Átha Cliath a ndóthain chun Loch Garman a chur de dhroim seoil ach is deacair léamh cruinn a dhéanamh orthu bunaithe ar an dtaispeántas seo. Ach ba chluiche craoibhe é agus seasfaidh sé leo agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chill Chainnigh i gceann coicíse.

Chaith cuid de na meáin an tseachtain ar fad agus scrúdú iarbháis á dhéanamh acu ar thaispeántas lag iománaithe Chorcaí i nDurlas. Níor thánadar ar aon seoid eolais ná aon mhíniú nach raibh againn cheana.

cuid mhaith cainte agus iniúchta déanta agam féin ó shin. Faraor tá sé deacair teacht ar réiteach na bhfadhbanna acu, go háirithe réiteach gearrthéarmach. Tá sé ráite le tamall anseo sa chontae go bhfuil easpa imreoirí ar ardchaighdeán ann. Tá cuid mhaith den fhírinne ansin. Ach níl aon leithscéal as an taispeántas gan spiorad a thug an fhoireann uathu ar an nDomhnach. Agus ní hí seo an chéad uair dom i mbliana é sin a rá.

Tá daoine ag gearán freisin faoin mbainistíocht agus faoi bhord an chontae. Tá cuid den fhírinne ansin freisin. Ach is iad na himreoirí a théann chun páirce agus is fúthu atá sé ar an lá féin. Agus faraor bhí na himreoirí céanna leamh gan spiorad sa chluiche sin. 

Lig Bord an Chontae na maidí le sruth ag tosach na mílaoise ó thaobh forbairt faoi aois de. Tá a thoradh san le feiceáil i láthair na huaire. Ach tá feabhas tagtha ar an scéal sin le tamall anois. Tá daoine cumasacha fadradharcacha a bhfuil cur chuige nua-aimseartha acu i bhfeighil ar chúrsaí faoi aois.

Is fear ar leith é Oifigeach Cóitseála an Bhoird Kevin O Donovan a labhair amach go láidir ag cruinniú den bhord i lár na seachtaine. Tá an t-uafás oibre agus obair eagrúcháin á dhéanamh aige agus bhí toradh na dea-oibre sin le feiceáil anuraidh nuair a bhuaigh na foirne forbartha iomána na comórtais go léir a d’imríodar. Tugann sé sin seans agus dóchas éigin do Chorcaigh don todhchaí ach tógfaidh sé tamall eile sula mbeidh foireann na sinsear i measc na bhfoirne is láidre sa tír.

Beidh sé deacair orthu i gcónaí gan na daoine is fearr sa chontae a bheith ag stiúradh cúrsaí. Is trua go bhfuil Ger Cunningham agus Dónal Óg Cusack ag obair le contaetha eile agus bí cinnte go mbeidís beirt sáite sa chúram i gCorcaigh dá mbeadh fáilte rompu. Faraor, níl. Fadhb eile a chuirfidh isteach ar fhorbairt foirne ná easpa airgid chun na háiseanna is fearr a chur in áit.

 Is deacair a thuiscint cén fáth go bhfuil Bord an Chontae ag caitheamh €80 milliún nó níos mó ar staid amháin. Agus sin staid nach bhfeicfear mórán cluichí móra inti in aon bhliain ar leith agus nach bhfuil ach páirc traenála amháin inti.

 I mo thuairimse bheidís i bhfad níos fearr as a leath den airgead a chaitheamh ar Pháirc Uí Chaoimh agus an leath eile ar láthair traenála cheart ar aon dul leis an gceann nua atá á forbairt ag Ciarraí.

Ach sin mar a sheasann cúrsaí agus contae atá i measc sheanríthe na hiomána gan mórán muiníne ann agus daoine ann in ísle brí.

Focail Scoir: Bhí brón orm nuair a chuala mé go raibh an Gaillmheach Joe McDonagh imithe ar shlí na fírinne. B’fhear speisialta é, lán de bheocht agus spiorad. Rinne sé an t-uafás le linn na dtrí scór bliain a thug sé ar an saol seo.

Comhbhrón lena chlann. Braithfidh siad uathu go mór an duine uasal seo.

Fág freagra ar 'Corcaigh in ísle brí fad is atá €80m á chaitheamh ar staid nua agus saineolaithe thar teorainn amach'

  • padraig

    An-alt go deo e sin ag John. Bionn an fhirinnne searbh agus nochtann John anseo i go seimh, macanta neamhshoiniciuil. Ta fadhbanna CLG i gCorcaigh bainteach le deachtoir amhain agus fad a bheidh seisean ann ni bheifear in ann moran dul chun cinn a dheanamh. Ego chomh mor leis an gContae aige agus ‘a bhouldha’ fein a thogaint aige/againn. Na toscairi ina maidrini lathai aige. Is ainnis an sceal e agus caithfear e a athru, ni ghlacaim afach le ‘sin mar a ata/a beidh’…bhfuil na reibiliunaithe i dtamh-neal chodlata? Ni bheadh an Ego seo sasta glacadh le daoine misniula neamhspleac amahil Cusack agus Cunningham, an ionann sin is a ra gur meatachain an chuid eile acu?