Córas nua sórtála ag An Post do litreacha in iarthar Chonamara

Beidh 12 oibrí poist ag obair in oifig nua sa gClochán, agus ní dhéanfar sórtáil ar bith sna hoifigí áitiúla níos mó

Córas nua sórtála ag An Post do litreacha in iarthar Chonamara

Is sa gClochán in iarthar na Gaillimhe a bheidh litreacha agus bearta a sheolfar chuig ceantair Ghaeltachta in iarthar Chonamara á sórtáil as seo amach.

Tá oifig nua sórtála le hoscailt sa gClochán, in aice leis an siopa Lidl sa bhaile seirbhíse Gaeltachta, agus is ansin a bheifear ag plé leis an bpost a sheolfar go Carna, an Sraith Salach agus áiteanna eile in iarthar Chonamara.

Beidh 12 oibrí poist ag obair san oifig nua, agus ní dhéanfar aon sórtáil sna hoifigí áitiúla níos mó. Tá ceantar mór fairsing i gceist leis an limistéar nua sórtála – ó bhaile an Chlocháin thiar soir níos faide ná an Teach Dóire, achar 40km.

Maíonn An Post go dteastaíonn tuilleadh spáis agus áiseanna níos fearr ó na hoibrithe leis an bpost a shórtáil sa lá atá inniu ann. Tá imní ar an bpobal, áfach, go mbeidh moill ar sheachadadh an phoist in áiteanna áirithe mar gheall ar an gcóras nua sórtála.

Thug urlabhraí de chuid An Post le fios do Tuairisc.ie ar maidin, áfach, nach gcuirfear isteach ar an tseirbhís.

“Ní chuirfear isteach ar sheirbhísí áitiúla poist agus tá seans maith ann gur feabhas a thiocfaidh ar chúrsaí in áiteanna áirithe mar cuirfidh an lárnú seirbhísí le héifeacht na sórtála, agus beidh an post á sheachadadh níos luaithe i gcásanna áirithe dá bharr,” a dúradh.

Tugadh le fios go bhfuil an t-uasghrádú ar áiseanna sórtála á dhéanamh ag An Post le tamall de bhlianta anuas. Bhíodh an sórtáil á déanamh ar chúl oifigí áitiúla, ach mhaígh An Post go dteastaíonn áiseanna níos fearr mar gheall ar a mhéid bearta agus pacáistí atá anois ag teacht tríd an gcóras poist agus a laghad litreacha i gcomparáid le blianta eile.

“Tá méadú tagtha ar líon an phostais a sheoltar le 10-15 bliain anuas. Tá méadú freisin ar mhéid na gclúdach litreach agus ar líon na mbeart agus na bpacáistí, mar gheall ar fhás na siopadóireachta ar líne. Luíonn sé le réasún áiseanna nua-aimseartha, saintógtha a thógáil agus a úsáid,” a dúradh.

An mhí seo caite, cuireadh deireadh leis an gconradh a bhí ag An Post leis an máistreás poist i gCarna. D’fhógair An Post go mbeifear ag cuardach duine nua leis an bhfolúntas in Oifig an Phoist i gCarna atá dúnta ó thús na Bealtaine, a líonadh.

Tá seirbhísí á gcur ar fáil do chustaiméirí i láthair na huaire i gCill Chiaráin agus beidh na seirbhísí sin fós ar fáil fad is a bheidh an próiseas earcaíochta ar bun don fholúntas i gCarna.

Fág freagra ar 'Córas nua sórtála ag An Post do litreacha in iarthar Chonamara'