Conradh na Gaeilge agus Éire Aontaithe – cén fáth go bhfuil sé i mbéal an phobail?

Tugtar spléachadh san alt mínithe seo ar rún conspóideach faoi Éirinn Aontaithe a ritheadh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine

Conradh na Gaeilge agus Éire Aontaithe – cén fáth go bhfuil sé i mbéal an phobail?

Cén fáth go bhfuil caint ann faoi dhearcadh Chonradh na Gaeilge i leith ‘Éire Aontaithe’?

Ritheadh rún stairiúil ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine a thug cuspóir nua don eagraíocht teanga atá os cionn 130 bliain ar an bhfód – ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe’.

Ba é an chéad rún é ar chlár na hArd-Fheise, agus pléadh an cheist ar feadh breis agus uair an chloig. Bhí formhór na dtoscairí i bhfách leis an rún agus gan ach tuairim is ceathrar nó cúigear a chaith vóta ina aghaidh.

Cé gur glacadh leis an rún beagnach d’aon ghuth, labhair cuid de na daoine a vótáil in aghaidh an rúin go láidir ina choinne, agus bhí plé paiseanta ann in amanna faoi.

Céard a tharlaíonn ag Ard-Fheiseanna Chonradh na Gaeilge?

Is í Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ‘cruinniú cinn bliana’ na heagraíochta. Bíonn pléphainéil, seimineáir, agus ócáidí eile ar siúl i gcaitheamh an deireadh seachtaine ach is iad príomhghnó na hArd-Fheise toghcháin Chonradh na Gaeilge agus an vótáil ar rúin a chuireann baill na heagraíochta chun cinn.

Is féidir leis na rúin athruithe a dhéanamh ar Bhunreacht Chonradh na Gaeilge (mar a tharla i mbliana), treoir a thabhairt do choistí éagsúla nó do bhaill an Chonartha, nó teachtaireacht nó tacaíocht na heagraíochta a léiriú do rudaí éagsúla.

Cén rún a ritheadh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2026 faoi Éirinn Aontaithe?

Ritheadh trí rún faoi leith a bhain le hathaontú na hÉireann ag an Ard-Fheis.

Mhol Coiste Ceantair Bhéal Feirste Rún 1(a):

Faoi Alt 3 (i), cuir isteach an cuspóir nua seo a leanas: (j) Gníomhú i dtreo Éire aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta

Mhol Craobh 1916 i Rún 1(b): ‘…aontaíonn an Ard-Fheis seo go nglacfaidh Conradh na Gaeilge seasamh oscailte agus dearfach i leith Éire aontaithe mar rogha a d’fhéadfadh tairbhe shuntasach a thabhairt don Ghaeilge’.

Agus mhol Craobh Liú na Laoi Rún 1(c):

‘Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur cheart do Chonradh na Gaeilge seasamh soiléir a thógaint ar Éire Aontaithe…’ 

Cén fáth a raibh easaontú ann faoi na rúin seo?

Bhí formhór thoscairí na hArd-Fheise go mór i bhfách leis na rúin thuasluaite. Vótáil a dtromlach ar a son agus ritheadh na rúin gan aon leasú. Ach labhair dornán daoine ina n-aghaidh.

Bhain an cur i gcoinne le trí mhórphointe, den chuid is mó. Dúradh nár cheart go mbeadh seasamh polaitiúil ag an gConradh.

Dúradh go gcuirfeadh a leithéid de rún daoine ó chúlraí áirithe ó dhoras agus maíodh go bhféadfadh sé go mbeadh maoiniú an Chonartha ón eagraíocht trasteorann, Foras na Gaeilge i mbaol dá nglacfaí leis an gcuspóir nua. 

Bhí tuairisc iomlán ar an bplé faoi na rúin againn anseo.

An raibh seasamh polaitiúil ag Conradh na Gaeilge cheana?

Deir roinnt daoine gur bunaíodh Conradh na Gaeilge mar eagraíocht chultúrtha neamhpholaitiúil, gur iompaíodh ina eagraíocht pholaitiúil roimh Éirí Amach na Cásca é agus go ndearnadh dípholaitiú arís air ag tús na mílaoise seo.

Cé gur bunaíodh an Conradh de thoradh ar aiste a scríobh Dubhghlas de hÍde dar theideal ‘The Necessity for De-Anglicising Ireland’, ní raibh baint dhíreach ag an eagraíocht le cúrsaí polaitíochta ar feadh fiche bliain i ndiaidh a bunaithe.

Ní hin le rá nach mbíodh baill na heagraíochta ag feachtasaíocht agus ag dul i mbun stocaireachta le polaiteoirí. Ba é Conradh na Gaeilge a chinntigh, mar shampla, go raibh an Ghaeilge lárnach in Acht Ollscoileanna na hÉireann 1908. Deirtear go raibh an ‘náisiúnachas cultúir’ seachas an ‘náisiúnachas polaitiúil’ sa treis san eagraíocht sna blianta tosaigh sin.

Cén uair a rinneadh eagraíocht pholaitiúil de?

Bhí teannas polaitíochta i gConradh na Gaeilge ó thart ar an mbliain 1912 ar aghaidh. Tharla athrú i dtreo an mhíliteachais san eagraíocht agus bhí lámh mhór ag leithéidí Phádraig Mhic Phiarais agus Tomás Ó Cléirigh san athrú sin.

Sa bhliain 1913, rinne an Piarsach cás sa Claidheamh Soluis ar son na láimhe láidre gan aon fhiacail a chur ann:

‘Whenever Dr Hyde, at a meeting which I have had a chance of speaking after him has produced his dove of peace, I have always been careful to produce my sword; and to tantalise him by saying that the Gaelic League has brought in Ireland ‘Not Peace but a Sword’,’ a scríobh sé.

Faoin am a raibh Ard-Fheis 1915 ar siúl, bhí go leor ball den IRB tar éis clárú leis an gConradh agus d’éirigh leo roinnt mhaith rún a rith a laghdaigh an stádas ‘neamhpholaitiúil’ a bhí ag an gConradh. D’éirigh Dubhghlas de hÍde as uachtaránacht na heagraíochta mar agóid. Ar ndóigh, bliain dár gcionn d’éirigh Óglaigh na hÉireann – a raibh go leor ball de Chonradh na Gaeilge ina measc – amach Seachtain na Cásca 1916.

Bhí saoirse pholaitiúil na tíre ar fad mar chuspóir ag Conradh na Gaeilge ar feadh beagnach céad bliain i ndiaidh imeachtaí Ard-Fheis 1915 i nDún Dealgan.

Céard a tharla sna 1990idí?

Bhí an próiseas síochána faoi lán seoil nuair a bhí Ard-Fheis 1996 ar siúl i mBéal Feirste agus dóchas ag muintir na hÉireann, thuaidh agus theas, go gcuirfí deireadh leis na Trioblóidí. Nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta n 1998, fuarthas réidh leis an tagairt i mBunreacht na hÉireann do ‘oileán na hÉireann’ ina iomlán mar ‘chríocha náisiúnta’ na Poblachta. Ag Ard-Fheis na bliana sin, chuir Coiste Gnó an Chonartha rún chun cinn “go seasann Conradh na Gaeilge le hAirteagal 1, le hAirteagal 2, agus le hAirteagal 3 de Bhunreacht na hÉireann’ mar a bhí.

Cén uair ‘a fuarthas réidh’ leis an bpolaitíocht i gConradh na Gaeilge, mar sin?

Tugadh bunreacht nua isteach in 2008. Glacadh leis an mbunreacht sin, nach raibh tagairt ann d’athaontú na tíre, ag an Ard-Fheis an bhliain sin agus deirtear gurb é an uair sin ‘a fuarthas réidh’ leis an bpolaitíocht san eagraíocht. Tá baill ann freisin, áfach, a deir gur ‘obair pholaitiúil’ a bhí ar bun ag Conradh na Gaeilge san fheachtasaíocht agus sa stocaireacht eile a bhí ar siúl ag an eagraíocht le hocht mbliana déag anuas.

Cén uair a thosaigh an chaint seo sa Chonradh ar Éirinn Aontaithe?

Ritheadh an chéad rún inar luadh ‘Éire Aontaithe’ ag Ard-Fheis 2019 i Muineachán. Mhol Craobh Ghlór na Móna, an chraobh i mBéal Feirste as a dtáinig uachtarán reatha na heagraíochta, Ciarán Mac Giolla Bhéin gur cheart ‘tús a chur le plé ar an áit a bheadh ag an nGaeilge i sochaí nua uile-Éireann’.

Ó shin i leith, luadh Éire Aontaithe, bealach amháin nó bealach eile ag nach mór gach Ard-Fheis.

Cén fáth ar cuireadh na rúin seo chun cinn in 2026?

Is iad na baill féin a mholann na rúin, agus mar sin ní féidir tada a rá ach gur bhraith na craobhacha gur anois an fhaill Éire Aontaithe a chur ar chlár oibre Chonradh na Gaeilge. Pléadh na rúin go hoscailte ag an bhfóram daonlathach, tugadh cead cainte do na baill ar theastaigh uathu rud a rá ar an ábhar, agus caitheadh vótaí go poiblí i ndiaidh an phlé. Glacadh leis na rúin.

Céard a tharlóidh anois?

Rún bunreachtúil a bhí i Rún 1(a), agus mar sin déanfar leasú ar Bhunreacht Chonradh na Gaeilge agus luafar an cuspóir nua i ngach eagrán den bhunreacht a fhoilseofar feasta. Tugadh treoir sa dá rún eile don eagraíocht agus dá baill. Ní leagtar aon dualgas ná aon oibleagáid ar leith ar Chonradh na Gaeilge faoi na rúin seo, agus glactar leis go mbeidh spiorad na rún i ngníomhartha na heagraíochta amach anseo.

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge agus Éire Aontaithe – cén fáth go bhfuil sé i mbéal an phobail?'