Conradh €9 milliún fógartha d’fhorbairt ionad óige agus oideachais i gConamara

Agus é in Indreabhán ar maidin, dheimhnigh Aire na Gaeltachta Dara Calleary go bhfuil tús curtha leis an gcéad chéim eile sa togra ar fiú na milliúin euro é

Conradh €9 milliún fógartha d’fhorbairt ionad óige agus oideachais i gConamara

Tá tús curtha leis an bpróiseas tairisceana chun forbairt a dhéanamh ar an Ionad Óige agus Oideachais atá beartaithe ar shuíomh Choláiste Lurgan i gConamara.

Agus é in Indreabhán ar maidin, dheimhnigh Aire na Gaeltachta Dara Calleary go bhfuil tús curtha leis an gcéad chéim eile sa togra ar fiú na milliún euro é.

Tá sé i gceist go mbeidh halla ilfheidhmeach, seomraí ranga, cistin agus oifigí san ionad nua agus spás spraoi agus áit pháirceála ar fáil taobh amuigh.

Dúirt an tAire Calleary go raibh an togra ina thosaíocht dó agus go gcuirfeadh an t-ionad nua “spás atá de dhíth go géar” ar fáil do ghrúpaí agus do ghníomhaíochtaí pobail i gCois Fharraige. Dúirt sé freisin go gcuirfear fáilte ann roimh fhoghlaimeoirí Gaeilge “ó gach cearn den tír”.

Beidh an t-ionad faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht Údarás na Gaeltachta ach beidh Coláiste Lurgan mar phríomhthionónta ann le linn cúrsaí Gaeilge an tsamhraidh. An chuid eile den bhliain beidh sé ina áis oideachais, óige, spóirt agus pobail.

De réir an tairiscint atá déanta ag Údarás na Gaeltachta, beidh costas suas le €9 milliún leis an obair tógála. Tá an foirgneamh ina bhfuil Coláiste Lurgan lonnaithe faoi láthair le leagan mar chuid den fhorbairt agus mórfhoirgneamh nua, foirgneamh ceardlainne agus droichead coisithe nua trasna Abhainn na Ruibhe le tógáil, chomh maith le háiseanna eile.

Dúradh cheana go gceapfaidh an tÚdarás bainisteoir don ionad agus bunófar coiste comhairleach chomh maith.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go raibh súil áiseanna den scoth a chur ar fáil do dhaoine óga na Gaeltachta san ionad agus go léiríonn an infheistíocht atá déanta “ár dtiomantas dá riachtanais foghlama, forbartha agus shóisialta”.

“Beidh an áis ina hionad foghlama agus forbartha ar leibhéal réigiúnach agus náisiúnta freisin agus cuirfidh sé go mór le cumas Údarás na Gaeltachta freastal ar na héilimh a thiocfaidh chun cinn i ndiaidh Phlean Gníomhaíochta na Seirbhísí Poiblí don Ghaeilge a d’fhoilsigh Roinn an Aire Calleary,” a dúirt Ó Síocháin.

Fág freagra ar 'Conradh €9 milliún fógartha d’fhorbairt ionad óige agus oideachais i gConamara'