Thug mé faoi thástáil liteartha bheag.
Nuair a bhí mé in Busboys and Poets san fhómhar, an siopa leabhar is ansa liom in Washington DC, cheannaigh mé How to Write about Africa, bailiúchán den chuid is fearr de scríbhneoireacht Binyavanga Wainana (1971 – 2019), údar ficsin agus neamhfhicsin ón gCéinia.
Aoir chlúiteach dá chuid atá san aiste as ar ainmníodh an cnuasach sin, racht feirge a foilsíodh fiche bliain ó shin agus a bhí dírithe go príomha ar údar iomráiteach ón bPolainn, Ryszard Kapuściński (1932 – 2007), fear a chaith cuid mhór dá shaol ina chónaí san Afraic agus a scríobh faoin mhór-roinn chéanna.
Tharla go raibh cóip de The Shadow of the Sun, an bailiúchán aistí is cáiliúla le Kapuściński faoin Afraic, ag fanacht liom ar an mbord caife sa bhaile le nach mór bliain anuas, agus an mhí seo shocraigh mé an dá leabhar a léamh i ndiaidh a chéile, leabhar Kapuściński ar dtús agus leabhar Wainana ina dhiaidh sin.
Ní haon ionadh gur i siopa dara láimhe a tháinig mé ar The Shadow of the Sun; tá blas rud beag seanaimseartha faoin am seo ar shaothar Kapuściński. Cén chaoi nach mbeadh: baineann an leabhar le heachtraí a thit amach idir na 1960idí agus na 1990idí. Ach stíl na scríbhneoireachta is mó a shíl mé a bheith as dáta: máistir scoile a mheabhraigh fear na Polainne dom go minic, ag tabhairt léacht do dhream daltaí dúra – muide san Iarthar nár chuir cos san Afraic riamh.
Mar sin féin, sárscéalaí atá ann agus in ainneoin ualach comharthaí uaillbhreasa agus glac íomhánna a mbaineann sé úsáid astu arís is arís eile, léigh mé The Shadow of the Sun d’aon anáil amháin, meallta go háirithe ag na portráidí a tharraing sé, i bhfocail, de na scórtha daoine a casadh air le linn a chuid aistear.
An charachtracht sin go díreach an ghné is mó a chuir as do Binyavanga Wainana faoi scríbhneoireacht Kapuściński.
Gonzo orientalism a chuireann fear na Céinia i leith fhear na Polainne: claonadh é féin a chur i lár an scéil agus ‘aduainiú’ a dhéanamh ar mhuintir na hAfraice – agus ginearálú a dhéanamh orthu ag an am céanna, amhail is gur dream amháin iad seachas na céadta pobal éagsúil, roinnte thar 54 tír. Tá pointe maith ag an gCéiniach maidir leis an rud deireanach sin: is iomaí uair a tháinig mé ar nathanna ar nós ‘anseo san Afraic’ agus ‘an tAfracach’ i scríbhneoireacht Kapuściński.
Ach spéisiúil go leor, is í an dúil sa stíl gonzo an ghné is mó atá i gcoitinne ag an mbeirt scríbhneoirí seo. Ach oiread le Kapuściński, is maith le Wainana an insint sa chéad phearsa, an neamhoibiachtúlacht, agus áit lárnach a thabhairt dó féin san eachtraíocht. Agus cé a chuirfeadh locht orthu: modh scéalaíochta seanbhunaithe agus éifeachtach atá sa chur chuige ‘préachán i measc na bpéacóg’ – is agamsa atá a fhios, sin í mo rogha féin nuair a théim amach ag tuairisceoireacht in áit éigin i gcéin, nó go deimhin i gcóngar.
Ach ní dhéanann Wainana aduainiú ar na daoine a bhíonn faoi chaibidil aige; ní ar na codarsnachtaí idir é féin agus na daoine a chastar air a dhíríonn sé, ach ar na rudaí atá i gcoiteann acu leis, agus aige leo.
Níl rud ar bith a spreagann oiread cantail sa duine ach gné phearsantachta dá chuid féin nach dtaitníonn leis a aithint i nduine eile, agus cá bhfios nach é an claonadh chun gonzo a bhí i gcoitinne aige le Kapuściński a chuireadh Wainana le báiní. Tá sé le brath ar shaothar fhear na Céinia, áfach, gur amharc sé go grinn ar an modh oibre sin agus go ndearna sé breis is a dhóthain machnaimh faoi sular leag sé méar ar an méarchlár. Scríbhneoireacht ‘préachán i measc na bpéacóg’, ach nach gcuireann cuma áibhéalach ar na péacóga céanna, an toradh.
Fág freagra ar 'Conas scríobh faoin Afraic (agus faoi aon áit eile)'