Conas atá ag éirí leo 100 lá ó bunaíodh Stormont arís?

Ní fheadar an bhfuil sé indéanta muinín in Stormont a chothú i measc gach aicme agus gach dream

Ré nua, cur chuige nua, cruthaitheacht, trédhearcacht agus freagracht. Bhí siad sin go léir – agus tuilleadh – i measc na gceangal a cuireadh ar pháirtithe an Fheidhmeannais is iad ag filleadh ar Stormont 100 lá ó shin.

Creatcháipéis uaillmhianach a bhí gann ar mhionsonraí a leag amach aidhmeanna don réimeas nua. Thar aon ní bhí sé le cinntiú nach bhfillfí ar na droch-chleachtais a bhain an bonn de Stormont in 2017 agus a chothaigh an phairilis ar feadh trí bliana.

Ní fheicfí feasta an cineál mífheidhmiúlachta a chuir alltacht ar dhaoine nuair a tháinig sé chun solais i bhfiosrú an RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite ar deineadh praiseach an-chostasach di. Chaithfí cód iompair a chur i bhfeidhm lena chinntiú nach mbeadh comhairleoirí speisialta neamhthofa níos cumhachtaí ná Airí.

Chaithfeadh Airí freagracht a ghlacadh as iompar a gcomhairleoirí. Bheadh deireadh le ceilt eolais ar Theachtaí, choinneofaí miontuairiscí ar chruinnithe agus ar chinntí agus d’aithneofaí gach Aire ar bhonn ionannais – ní bheadh máistreacht ag an dá pháirtí mhóra ar airí ó mhionpháirtithe.

Bhí comhoibriú agus comhchuspóirí mar idéil cé nach séanann éinne gur roinnt na cumhachta í idir páirtithe atá deighilte faoin gceist bhunreachtúil.

Cé go raibh trácht ar ráig niúmóine in Wuhan na Síne ag an am, ba bheag a tuigeadh faoina raibh i ndán dúinn ón gcoróinvíreas nuair a d’fhoilsigh Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Julian Smith agus an Tánaiste, Simon Coveney, a moltaí ‘New Decade New Approach’ ar an 9 Eanáir. Thug an foilsiú sin dúshlán na bpáirtithe agus fágadh iad gan an dara rogha ach deireadh a chur leis an tsáinn in Stormont.

Bhí brú millteanach thairis sin ar na polaiteoirí ón bpobal. Thug na vótóirí teachtaireacht lom dóibh in olltoghchán Westminster i mí na Nollag go raibh práinn le fuascailt na bhfadhbanna sóisialta, sláinte go háirithe.

I mí Eanáir chuaigh altraí ar stailc den chéad uair i gcaitheamh céad bliain. Bhí picéid ar ospidéil agus é á thuar go forleathan go raibh an tseirbhís sláinte poiblí abhus, an NHS, ar an dé deiridh.

Chuir plean an dá rialtas a bhí bunaithe ar chainteanna éagsúla idir na páirtithe ceangal ar an bhFeidhmeannas stailc na n-altraí a fhuascailt láithreach agus an scannal faoi liostaí feithimh le haghaidh ospidéil agus comhairliúcháin le speisialtóirí a mhaolú go mór taobh istigh de bhliain.

Rinneadh réiteach leis na haltraí go haibéil ach chuir fás agus leathadh na paindéime srian ar an-chuid den chlár oibre. Níl Stormont ina aonar sa gcás sin. Tá srianta curtha ag aicíd Covid-19 ar údaráis ar fud na cruinne.

Leagadh an-bhéim sa phlean athnuachana ar fhorbairt eacnamaíochta. Bhí na páirtithe ag dréim le hairgead mór ó Whitehall chun a gcuid oibre a chur ar bhonn teann ach bhí thiar orthu. Dheonaigh an Státchiste £2 billiún ach mhaígh an tAire Airgeadais, Conor Murphy Sinn Féin nach raibh ach £760 milliún d’airgead nua ansin agus nár leor é. Bhí £600 milliún riachtanach chun an tseirbhís sláinte a atheagrú gan trácht ar an méid a bheadh de dhíth leis na bearnaí móra a bhí sa mbuiséad infreastruchtúir, oideachais agus leasa shóisialaigh le blianta a chur ina gceart.

Comhartha sóirt ar chomh haduain is atá an pholaitíocht ar an aimsir seo ab ea gur ar éigean a tugadh faoi deara nuair a d’fhógair Conor Murphy a chéad bhuiséad. Buaicphointe na bliana de ghnáth ach faoin tráth sin, is ar an gcoróinvíreas a bhí an aird ar fad. Ba é an scéal céanna é le tuarascáil an fhiosraithe faoin RHI. Cé gur chinn an fiosrú nach raibh Stormont in ann ag an ngnó agus go bhféadfadh a leithéid de phraiseach tarlú arís, ba scéal aon lae é. Tá cód iompair do na comhairleoirí neamhthofa curtha i bhfeidhm, tá a líon agus a bpá laghdaithe agus na rialacha d’airí i leith na gcomhairleoirí curtha i bhfeidhm.

Tá an chéad chéim glactha faoi Choimisinéir Gaeilge a cheapadh sa mhéid is gur eisigh Arlene Foster agus Michelle O’Neill comhráiteas á gheallúint ach cá bhfios cathain a dhéanfar forbairt.

Tá Coiste Parlaiminte Thuaisceart Éireann in Westminster ag bailiú fianaise – ar líne nó i litreacha- faoin gcreatcháipéis agus faoi fheidhmiú Stormont. I measc a gceisteanna tá – an leor £2 billiún chun soláthar seirbhísí poiblí a chur ar bhonn teann agus céard a cuireadh san áireamh chun a theacht ar an tsuim sin? Tá siad ag lorg barúlacha freisin faoi Chomhairle Fhioscach Neamhspleách a bhunú le monatóireacht a dhéanamh ar conas a láimhseálann an Feidhmeannas airgead poiblí.

Teastaíonn uathu New Decade New Approach a mheas féachaint an gcuidíonn sé le hinbhuanaitheacht na n-institiúidí in Stormont agus an gá céimeanna eile chun dea-rialachas Thuaisceart Éireann a dhearbhú.

Is iomaí duine ar mhaith leis freagraí na gceisteanna sin a fháil.

Caithfear a chur san áireamh gur córas neamhchoitianta, achrannach é roinnt na cumhachta idir grúpaí a easaontaíonn go huile faoina gcroíphrionsabail.

Bheadh sé furasta a theacht ar chomhpholasaithe faoi shláinte (cé is moite den ghinmhilleadh agus an pósadh comhghnéis – a fágadh faoi Westminster) nó faoi fhorbairt eacnamaíochta, cuir i gcás.

Ach mar a léirigh na hargóintí faoin gcur chuige i leith Covid-19, téann sé rite leis an gcóras an luí le Londain atá ag aontachtaithe agus an luí le Baile Átha Cliath atá ag náisiúnaithe a thabhairt chun réitigh.

Ní léir gurb é leas an phobail an t-easaontas ach i bhfianaise na laige sin, ní fheadar an bhfuil sé indéanta muinín in Stormont a chothú i measc gach aicme agus gach dream.

Ní ribín réidh a bhí ann ar aon chuma ach tháinig Covid-19 idir an Feidhmeannas agus gnáthobair le dhá mhí anuas agus is gearr go gcaithfear a dhul i ngleic le dúshlán an Bhreatimeachta.

Fág freagra ar 'Conas atá ag éirí leo 100 lá ó bunaíodh Stormont arís?'

  • Poraic o'hEipicín

    An bhfuil sibh ar son an Ghinmhilleadh.