Conas an ghaoth a bhaint as seolta Mhamaí? Abair léi go bhfuil sí uafásach leamh

Tá ár gcolúnaí buailte go dona ag an ‘freagrarófhadachas’, ach níos measa fós is cosúil gur ag Daidí atá an leigheas

Conas an ghaoth a bhaint as seolta Mhamaí? Abair léi go bhfuil sí uafásach leamh

‘An bhfuil a fhios agat, Mamaí, scaití bíonn rudaí an-spéisiúla le rá agat,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga liom an lá cheana. D’ardaigh mo chroí. 

‘Ó, go raibh maith agat, bhuel, tá áthas orm go bhfuil suim agat sna rudaí a bhíonn mé ag insint duit,’ a d’fhreagair mé agus mo smig san aer agam le bród. 

Nach breá an rud é a bheith in ann an méid atá agam d’eolas ar an saol, dá laghad é, a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile, a chuimhnigh mé. 

Lean sí uirthi. ‘Scaití eile, bíonn sé uafásach leamh.’

‘Céard?’ a dúirt mé. 

‘Bhuel, an bhfuil a fhios agat, scaití, téann tú rófhada agus bíonn tú ag caint, is ag caint…,’ a dúirt sí chun cuidiú le mo thuiscint ar an scéal.

D’airigh mé an ghaoth ag imeacht as na seolta orm. Caithfidh mé a admháil go raibh tuairim agam go mb’fhéidir go dtugaim an iomarca eolais, nuair a chuireann siad ceisteanna fánacha orm. 

‘Bhuel, níl aon luach ag airgead ann féin,’ a mhínigh mé di an lá cheana nuair a chur sí ceist bheag orm, cén luach a bhí ag an airgead póca a bhí faighte aici. ‘Séard is airgead ann, dháiríre, ná bealach chun seirbhísí agus táirgí a aistriú ó dhuine go duine.’ 

‘Ach cé mhéid di a bheadh uaim chun twizzlers agus mála popping candy a cheannacht?’ a d’fhiafraigh sí díom go mífhoighdeach. 

‘Níl mé cinnte,’ a dúirt mé, ‘ach an dtuigeann tú an rud atá mé ag iarraidh a mhúineadh duit? Níl san airgead ach píosa miotail nó páipéar, ní féidir é a ithe ná a úsáid as féin.’ 

‘Tá a fhios agam é sin, Mamaí,’ a dúirt sí, ‘sin é an fáth go bhfuil mé ag iarraidh na twizzlers a cheannacht leis, is iad a ithe.’ 

Ba léir go raibh sí den tuairim gur mise a bhí cent nó dhó gann ar an euro.  Tá faitíos orm go mb’fhéidir go raibh an ceart aici. 

Ach, níl an cath caillte ar fad agam. Is cosúil go bhfuil a machnamh déanta ag Beainín na Naíonáin Bheaga ar an bhfadhb agus tá cur chuige molta aici dom chun dul i ngleic leis an ‘bhfreagrarófhadachas’ atá buailte go dona orm, is léir. 

‘D’fhéadfá a bheith níos cosúla le Daidí,’ a mhol sí dom an lá cheana. ‘Ó,’ a deir mé. ‘Cén chaoi?’ 

‘Bhuel, má chuirim ceist ar Dhaidí, ní bheidh sé fós á freagairt théis leathuair a’ chloig,’ a mhínigh sí. 

‘Ní bheidh?’ a dúirt mé. 

‘Nó, déarfaidh sé sea, nó hí hea agus fágfaidh sé aige sin é.’ 

‘Agus an ndeireann sé aon rud eile?’ a d’fhiafraigh mé di. 

‘Scaití, déarfaidh sé ‘stop a’ cur ceisteanna orm’.’ 

‘Agus b’fhearr leat é sin?’ a d’fhiafraigh mé di agus iontas orm.

‘B’fhearr,’ a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Conas an ghaoth a bhaint as seolta Mhamaí? Abair léi go bhfuil sí uafásach leamh'