Comórtas fógartha ag an Aontas Eorpach d’aistritheoirí Gaeilge a bheidh lonnaithe sa Mhí

Tá an Coimisiún Eorpach sa Bhruiséil le haistritheoirí Gaeilge a fhostú a bheidh lonnaithe in Éirinn, an chéad uair go mbeidh socrú dá leithéid ag aon bhallstát

Comórtas fógartha ag an Aontas Eorpach d’aistritheoirí Gaeilge a bheidh lonnaithe sa Mhí

Tá próiseas earcaíochta nua fógartha ag an Aontas Eorpach d’aistritheoirí Gaeilge a bheidh ag obair sa Bhruiséil nó i gcontae na Mí.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, tá an Coimisiún Eorpach sa Bhruiséil le haistritheoirí Gaeilge a fhostú a bheidh lonnaithe in Éirinn, an chéad uair go mbeidh socrú dá leithéid ag aon bhallstát.

Léiriú an socrú neamhghnách é ar an dúshlán mór a bhaineann le hearcú dóthain aistritheoirí Gaeilge oilte san AE.

Fógraíodh go hoifigiúil inniu an comórtas earcaíochta a mbeidh sé mar aidhm aige painéal aistritheoirí a bhunú a bheadh ar fáil d’aonad Gaeilge an Choimisiúin.

Is leor líofacht iomlán sa Ghaeilge agus eolas maith ar an mBéarla do na postanna nua fad is saoránach de chuid an AE tú agus céim agat.

Bheadh na haistritheoirí a bheadh lonnaithe sa Ghráinse i gcontae na Mí agus ag obair don Choimisiún sa Bhruiséil fostaithe ar chonradh sealadach agus ag aistriú ó Bhéarla go Gaeilge a bheidís.


Folúntais eile d’aistritheoirí Gaeilge sa Bhruiséil… ach na poist lonnaithe in Éirinn an uair seo


Dúirt Aislínn McCrory, Ceann Aonad Gaeilge Choimisiún na hEorpa gur léirigh an cur chuige earcaíochta nua a thiomanta is atá Coimisiún na hEorpa agus institiúdí eile an AE teacht ar “bhealaí cruthaitheacha” a chinnteodh go mbeidh dóthain aistritheoirí Gaeilge acu nuair a thiocfaidh deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas ag deireadh na bliana seo chugainn.

Lá Fhéile Pádraig an spriocdáta d’iarratais ar na poist.

Ar na rudaí is mó a mheallann aistritheoirí Gaeilge chun dul ag obair san AE, tá na coinníollacha maithe pá agus oibre a bhíonn ar fáil acu san Eoraip agus tá sé i gceist na coinníollacha sin a thairiscint in Éirinn chomh maith.

Léirigh figiúirí a d’fhoilsigh an tAE anuraidh an dúshlán mór atá le sárú i gcónaí maidir le dóthain aistritheoirí le Gaeilge a fhostú in institiúidí na hEorpa.

Meastar go dtiocfaidh méadú 40% ar an méid oibre aistriúcháin go Gaeilge a bheidh le déanamh in 2022, tráth a bhfuil geallta go gcuirfear deireadh leis an mhaolú ar stádas na Gaeilge san AE.

Ach níor líonadh ach níos lú ná 25% de na folúntais d’aistritheoirí agus dlítheangeolaithe Gaeilge a fógraíodh idir 2016-2018.

Cuireadh tús le próiseas chun cur le líon na n-aistritheoirí Gaeilge san AE in 2015. 

Tharla sin nuair a d’iarr Rialtas na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh go gcuirfí deireadh leis an mhaolú ar stádas na Gaeilge.

Ceadaíonn an maolú don Aontas Eorpach gan na seirbhísí céanna a chur ar fáil i nGaeilge is a chuirtear ar fáil i dteangacha oifigiúla eile an Aontais. Tugadh isteach 15 bliain ó shin é mar gur measadh nach raibh dóthain daoine cáilithe chun na seirbhísí breise éagsúla a chur ar fáil i nGaeilge.

Fág freagra ar 'Comórtas fógartha ag an Aontas Eorpach d’aistritheoirí Gaeilge a bheidh lonnaithe sa Mhí'