Comóradh ar bhunú Chumann Chapaillíní Chonamara ag doras an bhunaitheora i Ros Muc

Bhí baint mhór ó thús ag an nGaeltacht le caomhnú agus le forbairt chapaillíní Chonamara

Comóradh ar bhunú Chumann Chapaillíní Chonamara ag doras an bhunaitheora i Ros Muc

D’fhág Micheál Ó Máille as Ros Muc oidhreacht iontach ag muintir Chonamara, a deir Mary Uí Chadhain, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, agus í ag labhairt ag ócáid a d’eagraigh Cumann Lucht Chapaillíní Chonamara i Ros Muc tráthnóna Dé Sathairn seo caite.

Dúirt sí nár cheart go ligfí i ndearmad go brách gur duine as Conamara, agus as an nGaeltacht, a chuir teannadh leis an iarracht go mbunófaí Cumann Lucht Chapaillíní Chonamara 100 bliain ó shin.

Tá eolas ar thréithe agus ar ábaltacht chapaillíní Chonamara ar fud an domhain anois, a deir Mary Uí Chadhain. Is gariníon í Mary Uí Chadhain le duine de bhunaitheoirí an Chumainn, Willie Roe.

Bhíothas ag nochtadh plaice ag doras tí Mhichíl Uí Mháille – san áit a bhfuil Teach an Phosta, siopa agus stór feilméarachta Tigh Mháille go dtí an lá inniu. Aithnítear Micheál Ó Máille go forleathan mar phríomh-cheannródaí bhunú Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara i 1923.

Rugadh Micheál Ó Máille in 1884 agus cé nach raibh sé ach sna fichidí bhí sé ag triail le Cumann Lucht Chapaillíní Chonamara a bhunú chomh fada siar le 1911 agus 1912. Scríobh sé litreacha chuig na nuachtáin agus é ag iarraidh aird a tharraingt ar an gcontúirt, dar leis, a bhí ann go n-imeodh mianach chapaillíní Chonamara i léig uilig mura gcuirfí ord agus eagar orthu.

Thug sé féin, agus Pádraig Breathnach as Ros Muc a chúnamh dó, péire capaillíní de mhianach Chonamara chuig an Seó idirnáisiúnta i Londain in 1912 agus thug léargas ansin ar mhianach agus ar ábaltacht na gcapaillíní.

Agus é ag nochtadh an phlaic ómóis agus chuimhneacháin ar bhalla theach na Máilleach i Ros Muc, dúirt Dave Sheedy, Uachtarán Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara, go mb’fhear fadbhreathnaitheach é Micheál Ó Máille.

Ach, lena chois sin, b’fhear gnímh a bhí ann, a deir Dave Sheedy, agus bhí sé ag iarraidh an Cumann a bhunú chomh fada siar le 1911.

Ach bhí corraíl sa tír agus sa domhan sna blianta sin. Choinnigh an Máilleach leis an iarracht nó go raibh am níos tráthúla ann i 1923.

Ghlac Séamus Ó Máille, garmhac le Micheál Ó Máille, buíochas thar ceann theaghlach Uí Mháille, agus thar ceann phobal Ros Muc le Cumann Lucht Chapaillíní Chonamara, agus leis an slua a chruinnigh ar shráid Tigh Mháille ag an ócáid. Tháinig an slua le chéile aríst ina dhiaidh sin i Halla Cuimhneacháin na bPiarsach.

Thug an ócáid seo léargas aríst ar an mbaint a bhí ag an nGaeltacht le caomhnú agus le forbairt chapaillíní Chonamara. Fuarthas tuilleadh eolais air sin í gCarna le gairid nuair a labhair Tomás Mac Lochlainn, iarUachtarán ar Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara ag ócáid in Ionad na nImirceach. Dúirt Tomás gur féidir an ceangal mianaigh atá sna capaillíní is fearr de phór Chonamara a bhfuil ag éirí leo i gcomórtais idirnáisiúnta na gcapaillíní, a leanacht siar go ceantar Chaladh Mhaínse i gCarna. Bhí cáil i bhfad agus i ngearr ar na capaillíní a bhí sna dúichí sin.

Capaillíní de mhianach Chonamara – agus Chaladh Mhaínse – ba mhó a bhí ar na foirne idirnáisiúnta a bhuaigh craobhacha léimní na hEorpa le dhá bhliain anuas.

Fág freagra ar 'Comóradh ar bhunú Chumann Chapaillíní Chonamara ag doras an bhunaitheora i Ros Muc'