‘Comharthaí soiléire go bhfuil an galar seo ag dul sa treo mícheart’ agus 431 cás nua fógartha

Deir an Dr Tony Holohan go léiríonn a bhfuil tarlaithe i dtíortha eile cé chomh sciobtha is a imíonn an galar ó smacht

‘Comharthaí soiléire go bhfuil an galar seo ag dul sa treo mícheart’ agus 431 cás nua fógartha

Tá 431 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte. Seisear eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

Deir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan gur údar imní na comharthaí soiléire go bhfuil “an galar seo ag dul sa treo mícheart”.

Ba léir sin, a dúirt sé, ó líon na gcásanna, ráta an ghalair agus céatadán na ndaoine a mbíonn toradh dearfach ar a dtástálacha.

Deir an Dr Tony Holohan go léiríonn a bhfuil tarlaithe i dtíortha eile cé chomh sciobtha is a imíonn an galar ó smacht.

Is mó an imní atá air faoin ardú sna cásanna toisc a “leochailí” is bheidh cúrsaí aimsir na Nollag, tráth a mbeidh sean agus óg ag teacht le chéile.

Bhain 53 den 431 cás nua inniu le Dún na nGall.  22 cás a bhí i Maigh Eo, 18 cás a bhí i gCorcaigh agus 17 cás a bhí i gCiarraí. 12 cás a bhí i gcontae na Mí, naoi gcás a bhí i nGaillimh agus bhí níos lú ná cúig chás i gceist i bPort Láirge.

134 cás nua a bhí i mBaile Átha Cliath.

207 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus 30 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Tá ráta coicíse an Covid-19 sa stát anois imithe suas go dtí 87.9 cás in aghaidh gach 100,000.

Ráta 246 atá i nDún na nGall, beagnach a thrí oiread an mheánráta náisiúnta.

Ráta 105 atá i Maigh Eo, 79 atá i bPort Láirge agus 66 atá i gcontae na Mí. Ráta 50 atá i nGaillimh, 42 atá i gCiarraí agus 27 atá i gCorcaigh.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce inniu go raibh ochtar eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. 510 cás nua a bhí le fógairt acu tráthnóna.

457 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 32 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 105% de na leapacha ansin lán inniu.

Tá sé ráite ag an Aire Sláinte go gcaithfear fanacht go bhfeicfear cén tionchar a bheidh ag na vacsaíní ar scaipeadh an Covid-19 sula n-eiseofar teastais a dhearbhóidh go bhfuil an vacsaín faighte ag duine.

“Is cuid de phlean an rialtais na teastais vacsaínithe ach caithfear a fheiceáil ar dtús cén tionchar a bheidh ag na vacsaíní sin,” a dúirt an tAire Sláinte ar Morning Ireland ar RTÉ ar maidin inniu.

Dúirt sé go raibh aerlínte ag scrúdú ar cheart teastas vacsaínithe a bheith riachtanach dá bpaisinéirí.

Dúirt Donnelly go mbeadh vacsaín faighte ag aon duine a bheadh á hiarraidh faoin tráth seo an chéad bhliain eile.

3,283 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,140 duine ó dheas den teorainn agus 1,143 duine ó thuaidh di.

136,318 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 77,197 cás ó dheas agus 59,121 ó thuaidh.

Fág freagra ar '‘Comharthaí soiléire go bhfuil an galar seo ag dul sa treo mícheart’ agus 431 cás nua fógartha'