Coiste Gaeilge an Oireachtais ag filleadh agus críoch le cur lena bplé faoin bhfoilsitheoireacht

Beidh ÁIS, an dream a bhíonn ag dáileadh leabhar Gaeilge ar na siopaí leabhar ar fud na tíre, ag tabhairt fianaise ag cruinniú i dTeach Laighean tráthnóna

Coiste Gaeilge an Oireachtais ag filleadh agus críoch le cur lena bplé faoin bhfoilsitheoireacht

Cuirfear deireadh tráthnóna le sraith cruinnithe a d’eagraigh polaiteoirí chun cúrsaí foilsitheoireachta agus léitheoireachta na Gaeilge a phlé.

Tá na cruinnithe á reáchtáil ag Coiste Gaeilge an Oireachtais ó thús na bliana agus meastar gurb é cruinniú an lae inniu an ceann deireanach sula bhfoilseoidh an coiste a dtuarascáil ar an ábhar. Tá an Coiste ag filleadh inniu i ndiaidh shos an tsamhraidh.

Beidh ÁIS, an dream a bhíonn ag dáileadh leabhar Gaeilge ar na siopaí leabhar ar fud na tíre, ag tabhairt fianaise ag an gcruinniú i dTeach Laighean tráthnóna.

Bhí ÁIS os comhair an choiste níos luaithe i mbliana ach deir Cathaoirleach Choiste na Gaeilge agus na Gaeltachta, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, gur cinneadh cuireadh eile a thabhairt don eagraíocht cur i láthair a dhéanamh ó tharla gur tháinig roinnt ceisteanna a bhaineann leo chun cinn le linn na gcruinnithe eile.

“Tá a lán fianaise bailithe ag an gComhchoiste mar chuid dá imscrúdú, agus baineann cuid mhór den fhianaise sin le cúraimí ÁIS, leis an tslí ina bhfeidhmíonn ÁIS, agus leis na rialacha a rialaíonn cad is féidir agus cad nach féidir le hÁIS a dhéanamh. Mar sin, sula gcríochnaíonn an Comhchoiste a imscrúdú ar an ábhar seo, is mian leis an gComhchoiste deis eile a thabhairt d’ÁIS teacht os a chomhair agus an fhianaise sin a phlé leis,” arsa Ó Snodaigh.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin go mbeadh “an-suim” ag an gComhchoiste moltaí a fháil ó ÁIS, moltaí bunaithe “ar a taithí féin agus ar an bhfianaise atá leagtha faoi bhráid an Chomhchoiste ag na páirtithe leasmhara éagsúla cheana féin”.

Tá idir cháineadh agus mholadh déanta ar obair ÁIS acu siúd a labhair os comhair an Choiste go dtí seo.

Bhí ionaduithe ó Chló Iar-Chonnacht agus na siopaí leabhar Hodges Figgis agus Kenny’s ina measc siúd a cháin cur chuige ÁIS ó thaobh na teicneolaíochta de. Dúradh nach raibh suíomh idirlín fiú ag an eagraíocht agus nach bhféadfaí leabhair a ordú ach trí ríomhphost nó ar an teileafón.

Bhí roinnt eile a mhol an obair a bhí á déanamh ach a dúirt go raibh tuilleadh infheistíochta ag teastáil chun dul i gcabhair ar ÁIS. Tugadh le fios, mar shampla, nach bhfuil ach ionadaí díolacháin amháin ag ÁIS agus an eagraíocht ag iarraidh freastal ar 250 siopa in Éirinn.

Dúirt Alun Ceri Jones, stiúrthóir Dalen Éireann, ag cruinniú amháin: “Déanann ÁIS jab iontach i láthair na huaire ó thaobh ábhar a thógáil agus a stóráil sa stór dáileacháin atá acu agus tá ionadaí díolacháin acu ar an mbóthar ach níl ann ach ionadaí amháin.

“Má bhreathnaíonn muid arís ar an mBreatain Bheag, tá b’fhéidir seisear ag Comhairle Leabhar na Breataine Bige ar an mbóthar, tá ionadaithe acu sna scoileanna, tá ionad dáileacháin acu. Tá córas acu a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm anseo.”

Deich gcruinniú a bhí ag Coiste Gaeilge an Oireachtais faoin ábhar ‘Ag Spreagadh Léitheoireacht agus Fhoilsitheoireacht na Gaeilge’. Tá súil ann go mbeidh an tuarascáil réidh le foilsiú roimh an Nollaig.

Fág freagra ar 'Coiste Gaeilge an Oireachtais ag filleadh agus críoch le cur lena bplé faoin bhfoilsitheoireacht'