‘Coinnigh an scéal faoi rún ar eagla go mbainfeadh na meáin casadh diúltach as’ – achainí ar Bhord Fhoras na Gaeilge

Tuigtear do Tuairisc.ie gur impigh ceannasaí Fhoras na Gaeilge ar Bhord na heagraíochta trasteorann an scéal go bhfuil an dara comhlacht le fostú chun athbhreithniú a dhéanamh ar na sé cheanneagraíocht Ghaeilge agus córas 'comhpháirtíochta' an Fhorais a choimeád faoi rún ar eagla go mbainfí ‘casadh diúltach’ as

‘Coinnigh an scéal faoi rún ar eagla go mbainfeadh na meáin casadh diúltach as’ – achainí ar Bhord Fhoras na Gaeilge

D’iarr Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge ar bhaill bhord na heagraíochta eolas faoi athbhreithniú ar chóras na gceanneagraíochtaí teanga a choimeád faoi rún ar fhaitíos go mbainfeadh na meáin Ghaeilge ‘casadh diúltach’ as an scéal.

Chuir Príomhfheidhmeannach an Fhorais Seán Ó Coinn an fhainic sin ar bhaill an bhoird i litir a chuir sé chucu níos túisce an mhí seo inar chuir sé in iúl go raibh an dara comhlacht le fostú chun an t-athbhreithniú a chur i gcrích.

Tugadh le fios do bhaill an bhoird go rabhthas tagtha ar shocrú le Seirbhísí Pleanála Teanga maidir le deireadh a chur leis an gconradh a bhí ag an gcomhlacht sin athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras nua a tugadh isteach d’earnáil dheonach na Gaeilge cúig bliana ó shin.

Dúradh gur brú oibre agus ama ba chúis le deireadh a bheith á chur le conradh Sheirbhísí Pleanála Teanga agus gur ghá comhlacht nua a fhostú leis an athbhreithniú a chur i gcrích.

D’impigh an Príomhfheidhmeannach ar bhaill Bhord an Fhorais a bheith “discréideach” faoin gcor seo i scéal an athbhreithnithe ó tharla go raibh spéis léirithe cheana ann ag na meáin.

Meastar gur tagairt a bhí ansin d’eagrán den chlár 7Lá a craoladh ar TG4 le déanaí inar pléadh conas mar a bhí ag éirí leis an gcóras nua maoinithe a tugadh isteach in 2014 nuair a socraíodh gan maoiniú a thabhairt ach do shé eagraíocht teanga.

D’iarr an Príomhfheidhmeannach ar bhaill an bhoird an scéal a choinneáil faoi rún ar fhaitíos go mbainfeadh na meáin Ghaeilge “casadh diúltach” as. Tugadh le fios do na comhaltaí boird chomh maith go raibh sé aontaithe ag Foras na Gaeilge agus Colm Ó Cinnseala (Seirbhísí Pleanála Teanga) nach ndéanfadh an Foras ná an comhairleoir teagmháil ar bith leis na meáin faoin scéal.

Dúradh leis na comhaltaí boird gur aontaigh an dá dhream nach chun a leas féin ná chun leas an phróisis athbhreithnithe a bheadh sé dá mbeadh na meáin ar an eolas faoin scéal.

D’iarr Tuairisc.ie ar Fhoras na Gaeilge ráiteas a chur ar fáil faoi cén fáth go raibh imní orthu go mbainfeadh na meáin ‘casadh diúltach’ as an scéal agus faoi cad a bhí i gceist le ‘casadh diúltach’ sa chás seo. Iarradh orthu chomh maith ráiteas a dhéanamh faoi cén fáth go gceapfaí nár chóir eolas a chur ar fáil faoi phróisis athbhreithnithe atá ar siúl ag foras poiblí.

Mar fhreagra ar an iarratas sin, dúirt Foras na Gaeilge:

“Bíonn teagmháil rialta ann idir baill éagsúla Fhoras na Gaeilge, go hinmheánach, idir feidhmeannas agus comhaltaí Boird agus le páirtithe leasmhara eile. In amanna, agus nuair a bhíonn idirbheartaíocht fós ar siúl ní scaipeann muid an t-eolas go forleathan.

“Nuair a bheidh próiseas an athbhreithnithe thart cuirfidh Foras na Gaeilge eolas ábhartha ar fáil do na páirtithe leasmhara cuí.”

Fág freagra ar '‘Coinnigh an scéal faoi rún ar eagla go mbainfeadh na meáin casadh diúltach as’ – achainí ar Bhord Fhoras na Gaeilge'

  • Críostóir

    Maith an rud é go bhfuil faitíos ag na heagraíochtaí seo roimh na Meáin Gaeilge.

  • Béarla teanga an stáit

    An té an íocann an píobaire a ghlaonn an port.

    Nárbh fhearr do Ghaeilgeoirí stuama fuinneamh a chaitheamh le heagraíochtaí nemhspleácha ar nós Misneach agus Teacht Aniar.

  • Mac a' Bhacaigh

    Ní canna péiste go canna péiste Gaelach…

  • Liam Ó Maolaodha

    A chara,
    Ar mhaithe le soiléiriú, ní tuairisc ar obair na gCeanneagaíochtaí a bhí á scríobh ag SPT ach measúnú ar an gcur chuige chomhpháirtíochta- ról Fhoras na Gaeilge san áireamh.
    Le meas
    Liam Ó Maolaodha