Deir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump go ndéanfaidh sé taraifí ar chruach agus alúmanam as Ceanada a dhúbláil ó 25% go dtí 50%.
Bhagair Trump chomh maith go gcuirfeadh sé deireadh le tionscal carranna Cheanada. Dúirt sé gurb é an bealach is fearr le deireadh a chur leis an gcogadh trádála ná go mbeadh Ceanada ina chuid de Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Is é fógra Trump an léiriú is déanaí ar a pholasaí cosantaíoch eacnamaíochta, polasaí a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar cainte ag a chruinniú sa Teach Bán leis an Taoiseach Micheál Martin amárach.
Dúirt sé go raibh an taraif nua 50% le fógairt aige mar dhíoltas ar an taraif a d’fhógair Ceanada inné ar leictreachas.
“Bunaithe ar chinneadh Ontario, Ceanada, taraif 25% a chur ar ‘leictreachas’ a thagann isteach go dtí na Stáit Aontaithe, tá treoir tugtha agam do mo Rúnaí Tráchtála 25% BREISE a chur ar an Taraif,” a dúirt Trump ar a ardán meán sóisialta Truth Social.
D’fhógair príomh-aire Ontario Doug Ford taraif 25% ar leictreachas a bhíonn ag dul ó Cheanada go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Dúirt Ford inniu gur breá leis muintir Mheiriceá ach go seasfaidh muintir Cheanada an fód gan stad gan staonadh in aghaidh “ionsaí gan chúis” Donald Trump ar an tír.
Dúirt Ford go mbeadh freagra “cuí” aige ar fhógra Trump faoin taraif bhreise.
D’achainigh sé ar Trump deireadh a chur leis an suaitheadh a raibh teaghlaigh i Meiriceá agus Ceanada thíos leis.
Dúirt Trump go gcuirfear tús leis na taraifí amárach agus go bhfógrófaí “éigeandáil náisiúnta maidir le leictreachas”.
Is ionann taraifí agus cánacha a ghearrtar ar tháirgí a thugtar isteach ó thíortha eile agus is iad na comhlachtaí a thugann an táirge isteach sa tír a íocann an taraif.
Tá faitíos ar dhaoine sa tír seo go bhféadfadh polasaí cosantaíoch an Uachtaráin Trump ó thaobh taraifí an-dochar a dhéanamh do gheilleagar na tíre seo, geilleagar atá ag brath go mór ar infheistíocht sheanbhunaithe chomhlachtaí ilnáisiúnta as na Stáit Aontaithe.
Deir Micheál Martin gurb é an rud is mó a theastaíonn uaidh féin ó chruinniú traidisiúnta na Féile Pádraig, a bheidh ar siúl amárach, ná caidreamh eacnamaíochta na tíre seo leis na Stáit Aontaithe a “dhaingniú”.
Fág freagra ar 'Cogadh trádála idir SAM agus Ceanada ag dul i ndéine, Trump le taraifí a dhúbailt go dtí 50%'