Cluichí móra spéisiúla club ar siúl ar fud na tíre

Tá cluichí móra club á n-imirt an deireadh seachtaine seo i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus in Uíbh Fháilí

Cluichí móra spéisiúla club ar siúl ar fud na tíre

Mark Schutte (Cuala) agus Rory Pocock (Naomh Uinsionn). Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Ní fada anois go mbeidh comórtais club na gcúigí á n-imirt. An deireadh seachtaine seo tá roinnt cluichí ceannais contae eile á n-imirt ar fud na tíre.

San ardchathair beidh Cuala agus Naomh Bríd á fhéachaint lena chéile amárach i gcluiche a bheidh á thaispeáint iarbheo ar TG4. 

Bhí an-chéad leath ag Naomh Bríd i gcoinne Chraobh Chiaráin agus iad ocht gcúilín chun tosaigh ag leath ama. Bhí an farasbarr sin acu, den chuid is mó, go dtí an deireadh. Ach tá fathach mór rompu anois agus Cuala ag imirt ina gceathrú cluiche ceannais in imeacht cúig bliana. Dar ndóigh taobh istigh den achar ama céanna tá trí chraobh contae, dhá chraobh Laighean agus dhá chraobh na hÉireann buaite acu. Sin mianach duit. Sa chluiche ceannais bhí laoch mór na peile Con O’Callaghan ar ais agus uimhir 14 ar a dhroim. Tá foireann thar a bheith láidir ag Cuala le leithéidí Oisín Gough, Cian O’ Callaghan, Sean Moran, Paul agus Mark Schutte, Darrragh O Connell, Seán agus David Treacy, Jake Malone agus Colm Cronin. I mbeagán focal tá foireann acu atá inchurtha le foireann idirchontae agus ní fheicim ach toradh amháin sa chluiche seo.

Anseo i gCorcaigh tá an fhoireann dúiche Uí Mac Coille ar thóir a dtríú craobh chontae i ndiaidh a chéile, gaisce nár deineadh ó thosach na n-ochtóidí nuair a rinne mo chlub fhéin, Cumann Barra Naofa, an beart. Agus níl aon dabht ach go mbeidh sé deacair Uí Mac Coille a stopadh amárach. Tá painéal láidir ábalta curtha le chéile ag an mbainisteoir Fergal Condon. Ina measc tá captaen fhoireann shinsir an chontae Seamus Harnedy agus an réalta lár páirce Bill Cooper. Lena chois sin, tá go leor imreoirí eile acu a bhfuil taithí idirchontae acu, bíodh sin le foirne faoi aois, leis na sóisear nó leis na sinsear.

Ach tá a gcuid réalta féin ag an nGleann agus a spiorad agus a stair agus a mbród féin acu leis. Ar ndóigh tá mórghaiscíoch scórála Chorcaí Patrick Horgan acu chomh maith leis an gcosantóir cumasach Stephen McDonnell. Cuimhnigh freisin gur iad an Gleann a bhuaigh an dá chraobh deireanach roimh thréimhse cheannasaíochta Uí Mac Coille. Bunaithe ar na cluichí a chonaic mise i mbliana ceapaim gurb é Stephen Harnedy a bheidh ag ardú Chorn Seán Óg Murphy tráthnóna amárach.

In Uíbh Fháilí is iad Naomh Raghnach agus Biorra a bheidh ar thóir Chorn Seán Robbins. D’imríodar a chéile sa chluiche ceannais in 2016 chomh maith agus ba iad Naomh Raghnach a thug an lá leo. Dar ndóigh bhí Biorra ina ríthe ar an gcontae agus ar Éirinn go léir tráth agus bhuaigh siad ocht gcraobh chontae i dtús na mílaoise. Níl aon cheann buaite acu ó 2008, áfach. I gcás Naomh Raghnach, bhuel, seo a gcúigiú huair sa chluiche ceannais le deich mbliana anuas agus gan ach chraobh amháin, in 2016, buaite acu. Ní dóigh go mbeidh mórán eatarthu amárach. 

I gcluiche ceannais chontae Laoise beidh Rath Domhnaigh-Eiréil, seaimpíní 2014 agus club nach bhfuil ar an bhfód ach le cúig bliana anuas, ag tabhairt aghaidh ar Bhuiríos Mór Osraí-Coill Choitín , seaimpíní 2016 agus club nuabhunaithe eile. Dar ndóigh, tá an suim atá ag daoine sa chontae seo athmhúscailte de bharr ghaisce na foirne contae i mbliana. Táthar ag súil le slua mór.

Fág freagra ar 'Cluichí móra spéisiúla club ar siúl ar fud na tíre'