Cluichí, ceol agus scannáin is mó a mheallann lucht féachana chuig TG4

Nuair a chuirtear cláracha spóirt agus ceoil agus scannáin Bhéarla as an áireamh, sé chlár ar fad a mheall meánlucht féachana níos mó ná 50,000 chuig TG4 in 2023

Cluichí, ceol agus scannáin is mó a mheallann lucht féachana chuig TG4

Cláracha ceoil nó scannáin Bhéarla a bhí i bhformhór mór na gcláracha eile is mó a mheall daoine go dtí an stáisiún.

De réir figiúirí a chuir TG4 ar fáil do Tuairisc, nuair a chuirtear cláracha spóirt agus ceoil agus scannáin Bhéarla as an áireamh, sé chlár ar fad a mheall meánlucht féachana níos mó ná 50,000 in 2023.

Ba iad na cláir sin ná an clár faisnéise Grace Kelly – Banphrionsa Mhaigh Eo, ar fhéach 61,000 duine air, dhá eagrán den chlár taistil Hector – Ó na Phillippines go dtí na Solomons, ceann ar fhéach 60,000 air agus ceann ar fhéach 55,000 air, clár conspóideach faoi thubaiste an Chraoslaigh a craoladh sa tsraith Iniúchadh (57,000), eagrán den tsraith Contractors (53,000) agus feasachán de chuid Nuacht TG4.

77,000 a d’fhéach ar an gclár nuachta sin, rud a d’fhág gurbh é an clár ba mhó a mheall lucht féachana nár chlár spóirt nó ceoil nó scannán Béarla é.

Eisceacht a bhí san eagrán sin de Nuacht TG4, áfach, ó tharla gur craoladh é sa bhriseadh idir dhá chluiche leathcheannais na hÉireann i bPeil na mBan.

Bhí lucht féachana 49,000 ag eagrán eile de Nuacht TG4 a craoladh anuraidh, eagrán a chuaigh amach sa bhriseadh idir dhá chluiche mhóra rugbaí san URC.

Tuigtear go mbíonn an meánlucht féachana a bhíonn ag an gclár nuachta i bhfad níos ísle ná sin, ach níl TG4 sásta na figiúirí sin a chur ar fáil.

Cluiche Ceannais Peile na Sraithe Allianz idir Gaillimh agus Maigh Eo an clár ba mhó lucht féachana anuraidh. 250,000 duine a d’fhéach ar an gcluiche sin ag tús mhí Aibreáin agus sciar 33% den lucht féachana ag an am aige. Ba é Cluiche Ceannais Pheil na mBan idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí an dara clár ba mhó ar breathnaíodh air in 2023. Bhí meánlucht féachana 202,000 duine aige sin, sciar 26.5% den lucht féachana ag an am sin.

Bhí trí chluiche rugbaí i measc an 20 clár ba mhó ar TG4 in 2023, ina measc an cluiche idir Cúige Mumhan agus Cúige Laighean i mí na Samhna, cluiche a raibh meánlucht féachana 153,000 aige.

Cluichí peile agus iomána a bhí sa 17 clár eile ba mhó lucht féachana.

Nuair a chuirtear na cluichí agus cláracha spóirt as an áireamh, cláracha ceoil agus scannáin Bhéarla is mó a mheall lucht féachana.

Bhí an clár The Three Amigos Live in Concert, sa chéad agus sa dara háit ar an liosta nuair a cuireadh cluichí spóirt as an áireamh agus lucht féachana 89,000 agus 87,000 aige.

Sa tríú háit bhí an scannán Die Hard, ar fhéach 79,000 duine air Oíche Nollag. Nuair a cuireadh na cluichí as an áireamh, bhí sé eagrán den tsraith cheoil Opry le Daniel ar an liosta den 20 clár is mó a mheall lucht féachana do TG4 in 2023.

Tháinig ardú 7% ar fhigiúirí féachana TG4 anuraidh agus meánsciar níos mó den lucht féachana meallta ag an stáisiún ná mar a mealladh aon bhliain ó 2009.

Bhí TG4 ar an seachtú cainéal is mó lucht féachana anuraidh.

Sciar 2.09% den lucht féachana in Éirinn a bhí ag TG4 in 2023, ardú ón 1.96% a bhí i gceist in 2022 agus an céatadán is mó ó 2009 nuair a bhí sciar 2.6% ag an stáisiún.

2023 an chéad bhliain ó 2010 gur mheall TG4 sciar níos mó den lucht féachana ná 2%.

D’fhág an t-ardú in 2023 gur tháinig ardú ar an sciar den lucht féachana a bhí ag an gcainéal don cheathrú bliain as a chéile.

Fág freagra ar 'Cluichí, ceol agus scannáin is mó a mheallann lucht féachana chuig TG4'