CLUASTUISCINT: Ardteist

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

CLUASTUISCINT: Ardteist

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • Cén post atá ag Norma Foley?
  • Cén bhaint atá ag €116 leis an scéal?
  • Céard is brí leis an abairt seo: “An scrúdú traidisiúnta a bhfuil cleachtadh againn air gach Meitheamh a bheidh againn i gcead don Covid-19 agus cúrsaí sláinte.”
  • Céard a tharla díreach i ndiaidh an fhógra?
  • Céard a rinne Emer Neville?
  • Cad is brí leis an bhfigiúr 18,000?
  • Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.

dóchais go bhfuil daoine Ba mhór tuisceanaí ná iadsan sa tír an t-údar dom mar sin níos

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad dhá abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht an dá abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an dá abairt dheireanacha arís. Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir chaite agus aidiacht bhriathartha.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos píosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
  1. agus tuiscint ba thábhachtaí, a dúirt an bhean óg agus sin a fuaireadar ón Aire Foley. Aitheantas ón Aire a
  2. bhí sa rogha bhreise sna scrúduithe agus níos lú ceisteanna a bheith le freagairt gur chaill na daltaí laethanta scoile
  3. go leor agus go raibh múinteoirí agus daltaí as láthair go rialta ag Covid. Ghlan an tAire an imní
  4. a bhí ann go mbeadh pointí arda 2021 ag cosc áit CAO ar dhaltaí 2022 mar cloífear le tabhartas na bliana seo caite. 
  5. Ba go deas stuama a labhair Emer Neville faoi chinneadh an Aire Foley, cé nár glacadh le moladh an eagrais féin.
  6. Thuig an bhean óg seo nach bhfuil namhaid is contúirtí ag aon duine, an duine óg go háirithe,
  7. ná an éiginnteacht is tá ár seacht ndóthain di sin againn le dhá bhliain. Is deacair díriú ar sprioc mura bhfuil tú an-chinnte den sprioc sin. Cinnteacht, éisteacht

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Ardteist'