Cliseadh na mboc mór: Buanna gan choinne i gCorn an FA

Cuirfear tús le Babhta 3 de Chorn an FA an deireadh seachtaine seo. Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar na buanna gan choinne is cáiliúla a tharla ag an mbabhta seo sa chomórtas

Harry Redknapp, iarbhainisteoir Bournemouth. INPHOAllsport
Harry Redknapp, iarbhainisteoir Bournemouth. INPHOAllsport

An deireadh seachtaine seo, imreofar babhta 3 den Chorn FA i Sasana. Cé go gcuirtear tús leis na réamhbhabhtaí i mí Lúnasa, is ag an bpointe seo a thagann na foirne ón bPríomhroinn isteach sa chomórtas.

Mar gheall air sin, is ag an tráth seo a fheiceann muid an chuid is mó de na torthaí is iontaí sa chomórtas, nuair a éiríonn le foirne nach bhfuil mórán cáile ná aithne orthu an ceann is fearr a fháil ar fhoirne a bhfuil na milliúin caite acu ar imreoirí. Aréir, níor éirigh le Exeter an ceann is fearr a fháil ar Liverpool sa deireadh ach thuill an comhscór turas go dtí Anfield dóibh. Ar an Domhnach, beidh deis ag Scunthorpe agus iad ag dul go dtí Stamford Bridge chun aghaidh a thabhairt ar Chelsea.

Ach céard iad na torthaí is mó a bhain stangadh as daoine i mBabhta 3 den chomórtas stairiúil seo?

Wrexham 2-1 Arsenal – 1992

Ceann de na cluichí is cáiliúla i stair an Choirn FA a imríodh, nuair a thug Arsenal, curaidh na Chéad Roinne, cuairt ar Wrexham, a bhí sa Cheathrú Roinn ag an am. Agus seachtar imreoirí idirnáisiúnta ag imirt ar fhoireann George Graham, ní haon iontas é go ndeachaigh siad chun cinn nuair a scóráil Alan Smith sa chéad leath. Ba údar mór iontais an méid a tharla sa dara leath, áfach.

Gan ach deich nóiméad fágtha, bronnadh cic saor ar Wrexham agus suas go beo le Mickey Thomas chun é a thógáil. Chaith Thomas 18 mí sa phríosún go luath ina dhiaidh seo as sciúradh airgid, ach ní dhearna sé botún ar bith leis an gcic saor. Dhá nóiméad ina dhiaidh sin, bhí David Seaman buailte arís agus Wrexham imithe chun tosaigh. Steve Watkin a d’aimsigh an cúl a dhíbir Arsenal ón gcomórtas.

Bournemouth 2-0 Manchester Utd – 1984

go bhfuil Bournemouth ag imirt sa Phríomhroinn faoi láthair, 31 bliain ó shin bhí siad ag imirt sa tríú sraith i Sasana. Ina gcoinne an lá áirithe seo bhí Manchester United, a raibh Corn an FA buaite acu an bhliain roimhe agus a raibh laochra ar nós chaptaen Shasana, Bryan Robson ag imirt dóibh.

Bhí bainisteoir óg darbh ainm Harry Redknapp i bhfeighil ar Bournemouth agus gan trí mhí caite sa phost aige. Tá cáil anois ar Redknapp mar chineál rógaire agus ba léir na cleasa uile a bheith aige 30 bliain ó shin nuair a d’inis sé chuid imreoirí nach raibh meas ar bith ag foireann United orthu agus gur ag breathnú ar rásaí capall a bhí siad díreach roimh an gcluiche, rud nach raibh fíor.

Spreag sé seo na himreoirí agus i ndiaidh uair a’ chloig, bhí siad fós ar comhscór le United. Ba iad Milton Graham agus Ian Thompson a d’aimsigh na cúil ina dhiaidh sin a thug bua stairiúil do Bournemouth.

Stevenage 3-1 Newcastle Utd – 2011

Ó bunaíodh an Phríomhroinn i 1992, níor tharla sé ach ceithre huaire gur bhuaigh foireann ón gceathrú sraith i Sasana ar fhoireann ón bPríomhroinn. Ba iad Newcastle Utd an fhoireann is déanaí a tharraing an easonóir sin orthu féin nuair a chaill siad 3-1 in aghaidh Stevenage i 2011. Mar bharr ar an donas, ní raibh sé fiú mar leithscéal ag bainisteoir Newcastle ag an am, Alan Pardew, go raibh sé ag tabhairt sosa do na himreoirí is fearr aige agus leithéidí Tim Krul, Fabricio Coloccini, Kevin Nolan agus Joey Barton ag imirt ó thús.

Chuaigh Stevenage chun cinn sa dara leath nuair a chuir Mike Williamson an pheil ina eangach féin. In olcas a chuaigh rudaí ina dhiaidh sin do Newcastle nuair a scóráil Michael Bostwick cúl eile don fhoireann bhaile agus nuair a cuireadh Cheik Tioté den pháirc. Scóráil Barton cúl in am breise chun seans a thabhairt do Newcastle ach níor mhair an dóchas i bhfad. Ba é Peter Winn a d’aimsigh an tríú cúl do Stevenage.

Burnley 1-0 Liverpool – 2005

nach raibh an bhearna idir na foirne sa chluiche seo chomh mór sin i gcomparáid le cuid de na cluichí eile atá luaite againn – ní raibh ach roinn amháin ag scaradh na bhfoirne – is é an chaoi ar éirigh le Burnley an ceann is fearr a fháil ar Liverpool is mó a fhanann i gcuimhne na ndaoine. Ba é an chéad chluiche ag Rafa Benitez sa chomórtas a bhí ann ach ba é imreoir a cheannaigh iarbhainisteoir Liverpool, Gerard Houllier, is mó a tharraing aird air féin.

Nuair a cuireadh liathróid íseal trasna chearnóg Liverpool, ní raibh brú ar bith ar Djimi Traore agus é ag iarraidh an liathróid a chur chun bealaigh. Faraor do Djimi bocht, rinne sé iarracht fiodrince a dhéanamh agus gan an liathróid faoi smacht fós aige. Ina eangach féin a chríochnaigh sí.

gur bhuaigh Traore Sraith na gCuradh le Liverpool an bhliain chéanna, is túisce a chuimhníonn daoine ar an méid a rinne sé i mBabhta 3 de Chorn an FA.

Fág freagra ar 'Cliseadh na mboc mór: Buanna gan choinne i gCorn an FA'