Clár faoi Richard Harris ar TG4 a léirigh an teacht aniar a bhí san aisteoir agus fear ragairne

Rinne réalta mór le rá cosúil le Clint Eastwood, Daniel Radcliffe, Robert Duvall agus Ridley Scott paistí cainte faoi Richard Harris ar TG4

Clár faoi Richard Harris ar TG4 a léirigh an teacht aniar a bhí san aisteoir agus fear ragairne

B’fhear é Richard Harris a chaith a shaol ar a chomhairle féin. Luimníoch bródúil, aisteoir den scoth, leábharaic agus fear mór óil, ban is cuileachta. I montáis ag tosach Fear Darb Ainm Harris (TG4, aréir) tugtar roinnt de na taispeántais is suaithinsí dá chuid chun cuimhne: This Sporting Life (1963), Camelot (1967), Mutiny on the Bounty (1962), Unforgiven (1992) agus an ceann is ansa liom féin, The Field (1990).

D’éirigh leis ainmniúcháin Oscar a ghnóthú don chéad cheann agus don cheann deireanach acu sin; ar an drochuair, áfach, níor éirigh leis greim a bhreith ar an deilbhín beag óir riamh. Dar liom féin gur deineadh éagóir air i 1991, mar a bhfuair Jeremy Irons an fear maith air dá ról in Reversal of Fortune, ach fágaimis an scéal sin mar atá.

Is éard a chuireann an saothar seo roimhe ná éachtaint a thabhairt ar an saol eachtrúil a bhí ag an bhfear ar leith seo; rud a dheintear go taitneamhach, éadromchroíoch.

Baintear úsáid mhór as ábhar cartlainne agus cloigne cainte le scéal Harris a chur os ár gcomhair. Cuirtear abhaile orainn gurb í tuairim na coitiantachta go raibh sé ar dhuine de na haisteoirí is cumasaí lena linn ach go mb’fhéidir nár bhain sé barr a chumais amach mar gheall ar é a bheith ar an drabhlás chomh minic sin.

Léirítear dúinn gur scléipire ar an seandéanamh a bhí ann agus é mbun alfraitsíochta lena leathbhádóirí  Richard Burton and Peter O’Toole. Bhí sé cuileachtúil ach thagadh conach air go fuirist ag an am céanna. Níorbh leasc leis dul in adharca na gceann feadhna a bhí sna scannáin chéanna leis agus cuirtear in iúl go raibh nimh faoi leith san aighneas a bhí idir é féin agus Marlon Brando.

Bhí a shaol aisteoireachta faoi lán seoil sna seascaidí agus maítear gurbh é an chéad réalta mhór aisteoireachta as Éirinn. Thosaigh rudaí ag sleamhnú chun ainnise sna seachtóidí agus a chuid pléaráca in airde láin.

D’fhógair sé féin go bródúil in ábhar cartlainne go raibh sé i bpríosún i sé thír éagsúla agus go raibh “marvellous love affairs” aige. “Fucking lunatic”, a bhaisteann Jim Sheridan air go seanbhlastúil.

An scéal is ansa liom féin faoi, agus ceann a dhéanann an fear é féin a reic anseo, ná an uair go n-imigh sé óna thigh i Londain tráthnóna éigin agus é á rá lena bhean chéile go raibh sé ag dul ag triall ar an bpáipéar. Níor fhill sé ar feadh coicíse.

Bhí Harris i mbun aisteoireachta ar feadh 60 bliain, áfach, agus bhí róil aige i 70 scannán éagsúil. Léiríonn an saothar seo an teacht aniar a bhí ann. Chuir The Field ar a bhonnaibh arís é agus deir Jim Sheridian go raibh Harris chomh craiceáilte leis an Bull McCabe. Thug Unforgiven (1992), Gladiator (2000) agus a ról mar Dumbledore in dhá scannán Harry Potter os comhair ghlúin nua lucht féachana é.

Tá moladh ag dul do lucht déanta an chláir as ucht réalta mór le rá cosúil le Clint Eastwood, Daniel Radcliffe, Robert Duvall agus Ridley Scott a fháil le paistí cainte a dhéanamh.

Lena gcois siúd bhí Patrick Bergin, Stephen Rea agus Jim Sheridan na hÉireann. Ba léir go raibh an-chion agus an-mheas acu ar Harris cé go rabhadar den tuairim go raibh sé imithe le craobhacha. Fágtar faoi thráchtaireacht Don Wycherley agus dreasanna cainte le Micheál Ó hAodha, Áine Ní Mhuirí agus Máirtín Jaimsie Ó Flatharta an Ghaeilge a sholáthar.

Ní thugtar aon rud úrnua chun solais ach ina dhiaidh sin féin is clár taitneamhach, snasta é seo a thugann éachtaint ar fhear fiáin agus aisteoir cumasach.

Fág freagra ar 'Clár faoi Richard Harris ar TG4 a léirigh an teacht aniar a bhí san aisteoir agus fear ragairne'