Claí eile le sárú ag Sasana ach ba cheart go mbeadh leo

Imreoidh An Danmhairg in aghaidh Phoblacht na Seice tráthnóna roimh chluiche Shasana i gcoinne na hÚcráine

Claí eile le sárú ag Sasana ach ba cheart go mbeadh leo

Harry Kane. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Poblacht na Seice v An Danmhairg – 5pm

Tar éis dóibh tús uafásach a chur leis an gcomórtas, tá an Danmhairg ag dul ó neart go neart. Tá siad anois aitheanta mar rogha na coitiantachta don chluiche ceathrú ceannais seo in aghaidh Phoblacht na Seice tar éis dóibh ocht gcúl a scóráil le cúpla cluiche anuas.

Thug na Danmhargaigh taispeántas ceannasach uathu in aghaidh na Breataine Bige an deireadh seachtaine seo caite. Cinnte, bhí na Breatnaigh an-lag ach ní dhearna na Danmhargaigh a dhath as bealach agus bhí a mbua 4-0 tuillte go maith acu.

Tá foireann na Danmhairge an-eagraithe agus tá siad an-láidir sa chosaint le Andreas Christensen, Simon Kjær agus Jannik Vestergaard i lár an aonaid chosanta agus Pierre-Emile Højbjerg agus Thomas Delaney ag tabhairt cúnaimh dóibh ó lár na páirce.

Níor imir an tosach Youssef Poulsen sa chluiche in aghaidh na Breataine Bige agus é gortaithe agus cé go mbeidh fáil air arís tráthnóna, scóráil an té a d’imir ina áit, Kasper Dolberg, dhá chúl an deireadh seachtaine seo caite.

Bhí bua iontach ag Poblacht na Seice in aghaidh na hÍsiltíre sa bhabhta deireanach. Is beag a bhí idir na foirne d’fhormhór an chluiche ach nuair a cuireadh Matthijs de Ligt den pháirc sa dara leath, spreagadh na Seicigh agus fuair Tomáš Holeš agus Patrik Schick na cúil dóibh.

B’in an ceathrú ceann atá scóráilte ag Schick go dtí seo sa chomórtas agus má tá aon duine de na Seicigh chun an beart a dhéanamh in aghaidh na Danmhairge seans gurb eisean a dhéanfaidh é.

Sasana v An Úcráin – 8pm

Bainisteoir Shasana, Gareth Southgate. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tá go leor de lucht tacaíochta Shasana ag déanamh talamh slán de go mbeidh an fhoireann i gcluiche ceannais EURO 2020, gan trácht ar chluiche leathcheannais. Tá dhá chluiche le buachan acu roimhe sin ach ba cheart go mbeadh siad rómhaith don Úcráin sa chéad cheann acu tráthnóna.

Ní róthaitneamhach ná spreagúil atá stíl imeartha Shasana, ach tá an beart déanta ag Gareth Southgate agus na himreoirí go dtí seo.

Stíl an-chosantach atá in úsáid ag an mbainisteoir agus cúigear cosantóirí agus beirt imreoirí lár páirce cosantacha á roghnú ag Southgate. Tá an chuma ar an scéal go mbíonn sé ag iarraidh a chinntiú go mbeidh Sasana fós sa choimhlint agus thart ar 30 nóiméad fágtha. Is ansin a chuireann sé leithéidí Jack Grealish chun páirce chun buntáiste a bhaint as pé bearnaí atá á nochtadh féin i gcosaint a gcéilí comhraic.

Beidh Southgate ag súil go músclóidh an cúl a scóráil Harry Kane in aghaidh na Gearmáine rud éigin i gcaptaen na foirne mar is beag eile a rinne sé sa chluiche sin nó sa chomórtas go dtí sin. Bhí gach cuma ar an scéal go mbeadh Sasana níos fearr gan Kane, ach is é captaen na foirne é agus is léir go bhfuil Southgate chun gach seans a thabhairt dó barr a mhaitheasa a bhaint amach.

Níor aimsíodh mórán cúl i gcluichí Shasana go dtí seo agus ná bí ag súil le slám acu sa cheann seo, fiú más iad na Sasanaigh rogha láidir na coitiantachta.

D’athraigh bainisteoir na hÚcráine, Andriy Shevchenko, an córas imeartha a bhí in úsáid acu go dtí seo sa chomórtas sa chluiche a d’imríodar in aghaidh na Sualainne. Córas 4-3-3 a bhíodh in úsáid acu ach d’imir an Úcráin le córas 3-5-2 sa bhabhta deireanach agus béim níos mó acu ar an gcosaint.

B’fhéidir go raibh leathshúil ag Shevchenko ar an gcluiche seo agus é den tuairim go mbeadh stíl níos cosantaí ag teastáil in aghaidh Shasana, nó in aghaidh na Gearmáine má bhíonn an bua acu.

Níorbh aon chabhair d’imreoirí na hÚcráine an t-am breise a imríodh sa chluiche sin in aghaidh na Sualainne, áfach. B’iontach an spreagadh cúl Artem Dovbyk ag fíordheireadh am breise ach beidh níos mó tuirse orthusan ná mar a bheidh ar imreoirí Shasana.

Bhí na hÚcránaigh faoi mhíbhuntáiste mar a bhí, níor theastaigh uathu go gcuirfí leis.

Fág freagra ar 'Claí eile le sárú ag Sasana ach ba cheart go mbeadh leo'