Cinneadh an bhliain seo chugainn maidir le hachomharc faoi chead pleanála d’fhorbairt chonspóideach sa Ghaeltacht

Tá achomharc déanta ag comhlacht forbraíochta faoi chinneadh Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge diúltú d’iarratas ar chead pleanála chun eastát nua a thógáil ar shuíomh i gceartlár na Rinne

Cinneadh an bhliain seo chugainn maidir le hachomharc faoi chead pleanála d’fhorbairt chonspóideach sa Ghaeltacht

Gheofar amach an bhliain seo chugainn ar éirigh le hachomharc atá á dhéanamh ag comhlacht forbraíochta in aghaidh cinneadh gan cead pleanála a thabhairt d’fhorbairt chonspóideach tithíochta sa Ghaeltacht.

Tá achomharc déanta ag an gcomhlacht Shinebright Limited faoi chinneadh Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge diúltú d’iarratas ar chead pleanála chun 46 teach nua a thógáil ar shuíomh i Maoil an Choirnigh i gceartlár na Rinne.

Ag diúltú don iarratas, dúirt an Chomhairle nach raibh gá le forbairt chomh mór chun freastal ar riachtanais tithíochta phobal labhartha na Gaeilge sa cheantar agus, dá bharr sin, gur dócha go mbeadh drochthionchar ag an bhforbairt ar chúrsaí teanga agus cultúrtha sa Rinn.

Bhí cúrsaí fuíolluisce, uisce stoirme, an tionchar a bheadh ag an bhforbairt ar thithe eile gar di agus fadhbanna leis an mbealach isteach go dtí an eastát i measc na nithe eile a luaigh an Chomhairle agus an t-iarratas diúltaithe aici.

Tá achomharc á dhéanamh ag Shinebright Limited leis an mBord Pleanála faoin diúltú sin, áfach.

Deir an Bord Pleanála go bhfógrófar cinneadh faoin gcás roimh an 26 Eanáir, 2022.

Bhí an-chuid de mhuintir na háite glan i gcoinne na forbartha a bhí beartaithe agus imní orthu faoin tionchar a bheadh aici ar an nGaeilge sa cheantar.

Bhí an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, Lorraine Clifford-Lee, ina measc siúd a chuir aighneacht faoi bhráid na Comhairle ag cur i gcoinne na forbartha agus chuir sí fáilte roimh an gcinneadh gan cead pleanála a thabhairt.

Bhain conspóid le cinneadh an tSeanadóra, arb as an gceantar sin a muintir, cur i gcoinne na forbartha agus géarchéim tithíochta ann.

Dúirt Clifford-Lee nach gcuireann sí in aghaidh forbairtí tithíochta ar chor ar bith de ghnáth, ach gur cás speisialta a bhí anseo mar gheall ar an tionchar a bheadh ag an bhforbairt ar chúrsaí teanga.

Tá sé leagtha amach i bPlean Forbartha Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge go gcaithfear 60% de na tithe i bhforbairt phríobháideach tithíochta i gceantar Gaeltachta a dhíol le cainteoirí líofa Gaeilge, ach is beag muinín a léirigh cuid den phobal áitiúil go gcloífí leis an bhforáil sin dá dtabharfaí cead don fhorbairt nua.

Dúradh gur “buille an bháis” don Ghaeilge sa Rinn a bheadh ann dá dtabharfaí cead pleanála leis na tithe nua a thógáil.

Fág freagra ar 'Cinneadh an bhliain seo chugainn maidir le hachomharc faoi chead pleanála d’fhorbairt chonspóideach sa Ghaeltacht'