Ciníochas, nó cúis réasúnta imní? B’fhearr an cheist a phlé ná í a sheachaint…

Tá rudaí gránna ráite faoi imircigh ag leithéidí Verona Murphy agus ag Noel Grealish ach b’fhearr iad a chloisteáil

Ciníochas, nó cúis réasúnta imní? B’fhearr an cheist a phlé ná í a sheachaint…

Verona Murphy:Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Níl cinneadh déanta fós ag Verona Murphy an seasfaidh sí mar iarrthóir neamhspleách san olltoghchán i Loch Garman. Bhí gach cosúlacht, áfach, ar a ndúirt sí Déardaoin, tar éis d’Fhine Gael í a dhíroghnú mar iarrthóir, gur mhaith léi seasamh.

Sula bpléitear an t-aighneas a thug ar Fhine Gael í a dhíroghnú agus cad a tharlóidh san olltoghchán, ní foláir cuimhneamh, mar is gnáth, ar na ceithre T-fhocail: tíreolaíocht, Teachtaí Dála a sheasfaidh arís, toradh áitiúil an olltoghcháin in 2016, agus toradh an fhothoghcháin in 2019.

Tíreolaíocht

Tá beirt Teachtaí Dála ag Fine Gael i Loch Garman atá ina gcónaí sa taobh ó thuaidh den dáilcheantar: an tAire Stáit Paul Kehoe a bhfuil cónaí air in Inis Córthaidh agus an tAire Stáit Michael D’Arcy a bhfuil cónaí air i nGuaire. Is as Inis Córthaidh duine de theachtaí Fhianna Fáil, James Browne, agus is as Guaire teachta nua-thofa an pháirtí sin, Malcolm Byrne.

Is as baile Loch Garman Teachta Dála an Lucht Oibre sa dáilcheantar, ceannaire an pháirtí Brendan Howlin.  Is as Droichead Eoin i bhfíordheisceart an chontae Mick Wallace, an teachta eile a toghadh in 2016. Ní bheidh sé san iomaíocht an babhta seo i ndiaidh a thofa mar fheisire Eorpach.

Toradh an olltoghcháin

San olltoghchán deireanach, bhí sciar Fhianna Fáil de na vótaí céad rogha i Loch Garman (26.6%) chun cinn ar chéatadán Fhine Gael (23.3%). Ghnóthaigh Brendan Howlin 14.7% den vóta iomlán, fuair Mick Wallace 11.0%, agus fuair iarrthóir Shinn Féin Johnny Mythen as Inis Córthaidh 10.1%.

Toradh an fhothoghcháin

Sa bhfothoghchán i mí na Samhna, fuair an buaiteoir Malcolm Byrne ó Fhianna Fáil 31.2% de na vótaí céad rogha agus ghnóthaigh Verona Murphy 23.8% d’Fhine Gael. Fuair an comhairleoir George Lawlor (Lucht Oibre) ó bhaile Loch Garman 20%, fuair Mythen (Sinn Féin, ó Inis Córthaidh) 10.2% agus ghnóthaigh Karin Dubsky ón gComhaontas Glas 6.2%.

Ní foláir cuimhneamh nár vótáil ach 35% de thoghthóirí an chontae sa bhfothoghchán sin.

Is léir ó na figiúirí agus ó na sonraí tíreolais thuas go mbeadh seans réasúnta ag Verona Murphy, arb as an nGráinseach in aice le Ros Mhic Thriúin i ndeisceart an chontae í, dá seasfadh sí san olltoghchán. Bheadh sí san iomaíocht le ceathrar Teachtaí Dála (beirt ó Fhine Gael agus beirt ó Fhianna Fáil) ón leath thuaidh den dáilcheantar. Ní bheadh ach Teachta Dála amháin, Brendan Howlin, ag seasamh i gcoinne Verona Murphy i ndeisceart an chontae, agus is i linnte polaitiúla éagsúla a bheadh an bheirt acusan ag iascach. 

Ar ndóigh ní hionann seans réasúnta agus cinnteacht, go háirithe nuair nach léir cé eile a bheas san iomaíocht. Ach dáiríre, is tábhachtaí an cinneadh a dhéanfaidh Verona Murphy ná an tionchar díreach a bheas ag an gcinneadh sin ar an rogha a dhéanfaidh na vótóirí.

Tá briatharchath géar ar bun cheana féin idir Fine Gael agus iar-iarrthóir an pháirtí. Chuir an tAire Sláinte Simon Harris ina leith go raibh sí ag iarraidh eagla chiníoch gan chúis a spreagadh. Shéan Murphy go raibh aidhm dá leithéid aici ach dúirt sí go raibh seans mór ann go raibh go leor imirceach báúil leis an eagraíocht Isis (“there is a possibility that Isis is a big part of the migrant population”).

Is dlúthchuid den chiníochas í tuairimí mar atá thuas a nochtadh, tuairimí nach féidir a chruthú ná a shéanadh. Is léir mar sin féin do gach duine neamhchlaonta go bhfuil tuairimíocht dá leithéid sa tír – mar shampla, i gceantair thuaithe ina gcothaíonn easpa dochtúirí, altraí, múinteoirí agus tithe, chomh maith le ciorrú seirbhísí éagsúla míshásamh nach mbaineann le ciníochas in aon chor.

Tá rudaí gránna nach féidir a chosaint ráite faoi imircigh ag leithéidí Verona Murphy i Loch Garman agus ag Noel Grealish i nGaillimh Thiar. Bheadh an toghchán atá ag teannadh linn níos folláine mar sin féin dá gcloisfí a dtuairimí ionas go spreagfaí iarrthóirí eile chun aghaidh a thabhairt ar an gciníochas agus ar an míshásamh araon. Ní hionann an dá rud.

Nollaig shona!

Fág freagra ar 'Ciníochas, nó cúis réasúnta imní? B’fhearr an cheist a phlé ná í a sheachaint…'

  • Eoin O Murchu

    Agus céard faoi Shinn Féin san olltoghchán? Níor chaill Johnny Mythen ach le seasca vóta nó mar sin. Bhí méadú beag ar a vóta sa bhfotoghchán is tá seans aige ar a laghad.

  • Risteárd

    Is mór an díomá go bhféadfadh an ciníochas a bheith ag méadú in Éirinn. Is soléir go bhfuil an eite dheas ag neartú in Oirthear na hEorpa, agus nach mealladh na dtoghthóirí le ciníochas agus le drochamhras faoi dhaoine ó aiteacha eile a d’éirigh le Trump agus le Boris Johnson? Is cúis imní go bhuil nós ag na ndaoine glacadh le freagraí róshimplí, díreach mar a ghlactaí fadó le comhrá cailleach.

  • Dúirt sí gur féidir go mbeidh iosnaí cosúil leis na cinn ar Droichead Londain ar droichead Loch Gorman, cacamas ar fad, ‘Sé an t aon chineál duine a théann go Droichead Loch Gorman ná an cineál dhuine a bhfuil ar intinn aige é féin a theilgean de, sin an fáth a bhfuil patról ann anois. Is iomaí fadhbanna ab fhear di bheith ag plé, mar shampla sláinte mheabhrach.