Cill Dara curtha de dhroim seoil ag Áth Cliath ach neart ceisteanna faoi na seaimpíní

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Bhí farasbarr ocht bpointe ag Áth Cliath i gcluiche ceannais Laighean ach is beag a rinne siad a chuirfidh deireadh leis an gcaint gur ar gcúl atá siad ag dul

Cill Dara curtha de dhroim seoil ag Áth Cliath ach neart ceisteanna faoi na seaimpíní

Áth Cliath 0-20 Cill Dara 1-9

Tá Craobh Laighean eile tugtha leo acu ag peileadóirí Átha Cliath – an 11ú ceann as a chéile – ach ní dhearna seaimpíní na hÉireann mórán tráthnóna chun an tuairim go bhfuil siad tite siar go mór i mbliana a bhréagnú.

Farasbarr ocht bpointe a bhí ag Áth Cliath ar Chill Dara i bPáirc an Chrócaigh ach ní bheadh an taispeántas céanna sách maith chun Maigh Eo a shárú i gcluiche leathcheannais na hÉireann faoi cheann coicíse, ná bac le Ciarraí a chloí i gcluiche ceannais.

Deis curtha amú ag Kevin Flynn ©INPHO/Tommy Dickson

Bhí cuma láidir ar fhoireann Átha Cliath a chuaigh chun páirce ach ba léir nach raibh siad istigh leo féin. Bhí sé sin ríshoiléir sa chúl a d’aimsigh Daniel Flynn sa dara leath, an t-aon cheann a scóráladh sa chluiche. Sciob Flynn an liathróid go héasca ó James McCarthy, duine de na himreoirí is mó taithí ar fhoireann Átha Cliath, sular bháigh fear Chill Dara iarracht den scoth san eangach. Bhí neart comharthaí eile gur ag cúlú atá Áth Cliath.

Théis 23 nóiméad, chuir Con O’Callaghan iarracht ó 25m amach isteach i láimhe an chúil báire. Trí nóiméad ina dhiaidh sin, chuir Brian Howard iarracht amú ó 45m, an cineál iarrachta nach dtugann imreoirí Átha Cliath fúthu níos mó de ghnáth.

Ní raibh cúrsaí mórán níos fearr sa dara leath. Ag pointe amháin, bhuail O’Callaghan agus Ciarán Kilkenny in aghaidh a chéile agus iad ag iarraidh scór a chruthú agus théis 43 nóiméad, chuir Brian Fenton, nach raibh san imirt ar chor ar bith, lagiarracht ar fóraoil.

Faraor do Chill Dara, ní raibh siad sách maith chun buntáiste a bhaint as botúin Átha Cliath. Ní raibh ach trí phointe scóráilte acu sa dara leath go dtí go bhfuair Flynn a chúl théis 61 nóiméad. D’fhág an scór sin cúig phointe idir na foirne, 0-16 in aghaidh 1-8, ach bhí an t-am nach mór caite nuair a fuair Cill Dara a gcéad scór eile, cúilín ó Brian McLoughlin. Bhí rás fhoireann Jack O’Connor rite i bhfad roimhe sin.

D’fhéadfadh scéal eile a bheith ann murach go raibh Cill Dara chomh caifeach sa chéad leath. Sa chéad 35 nóiméad féin bhí 20 seans ar scór acu ach níor aimsigh siad ach cúig phointe.

Ba é Jimmy Hyland, a raibh ag éirí go han-mhaith leis sa líne lántosaí, an t-aon fhear ó Chill Dara a scóráil ón imirt sa chéad leath sin ach bhí sé féin agus Daniel Flynn gan cúnamh go leor den am agus Cill Dara ag iarraidh imirt ar an bhfrithionsaí.

Ina ainneoin sin, ní raibh ach pointe amháin idir na foirne théis 23 nóiméad, Áth Cliath chun cinn 0-6 in aghaidh 0-5. Má bhí Cill Dara go dona ó thaobh seansanna a chur amú, ní raibh fir Dessie Farrell mórán níos fearr. 18 deis ar fad a chruthaigh Áth Cliath sa chéad leath ach níor thapaíodar ach leath acu.

Bhí an trí scór as a chéile a fuair Dean Rock, Cormac Costello agus Con O’Callaghan ag deireadh an chéad leath tábhachtach, áfach, agus bearna ceithre phointe curtha idir na foirne acu agus leath ama sroichte, 0-9 in aghaidh 0-5.

Mhéadaigh tionchar Ciarán Kilkenny ar an imirt sa dara leath agus é ag iarraidh cúrsaí a shocrú. Scóráil sé dhá phointe agus chruthaigh sé ceann eile chun Áth Cliath a chur ocht bpointe chun tosaigh ag an sos uisce ach beidh i bhfad níos mó ag teastáil uaidh agus óna leathbhádóirí má tá siad chun a ngreim ar Chorn Mhig Uidhir a choinneáil.

Áth Cliath: E. Comerford; M. Fitzsimons, D. Byrne, J. Cooper; J. Small, B. Howard (0-1), S. McMahon; B. Fenton, J. McCarthy (0-1); P. Small (0-1), C. Kilkenny (0-4, 0-1 ó mharc), N. Scully (0-2, 0-1 ó mharc); C. Costello (0-4), C. O’Callaghan (0-1), D. Rock (0-5, 0-3 ó chiceanna saora). Fir Ionaid: E. Murchan in áit J. Small (41 nóim), C. Basquel in áit D. Rock (52 nóim), S. Bugler in áit P. Small (60 nóim) T. Lahiff in áit J. Cooper (68 nóim), R. Basquel (0-1) in áit C. O’Callaghan (70 nóim), E. Ó Conghaile in áit C. Kilkenny (72 nóim).

Cill Dara: M. Donnellan; M. Depmsey, M. O’Grady, D. Malone; R. Houlihan, D. Hyland, K. Flynn; L. Flynn, A. Masterson; S. Ryan, F. Conway, N. Flynn (0-1); B. McCormack, D. Flynn (1-2, 0-1 ó chic saor), J. Hyland (0-4, 0-1 ó chic saor, 0-1 ó mharc). Fir Ionaid: A. Beirne (0-1) in áit F. Conway (45 nóim), N. Kelly in áit R. Houlihan (45 nóim), D. Kirwan in áit J. Hyland (58 nóim), B. McLoughlin (0-1) in áit N. Flynn (61 nóim), S. O’Sullivan in áit B. McCormack (64 nóim).

Réiteoir: Martin McNally.

Fág freagra ar 'Cill Dara curtha de dhroim seoil ag Áth Cliath ach neart ceisteanna faoi na seaimpíní'