Ciarraí ag cloí leis an dtraidisiún maidir le ceist an chaptaein

Níor éirigh le rún ag cruinniú de bhord an chontae aréir a mhol gurb iad an fhoireann bhainistíochta a roghnódh an captaen ar fhoirne sinsir an chontae feasta

Ciarraí ag cloí leis an dtraidisiún maidir le ceist an chaptaein

David Clifford. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá cinneadh déanta gan an cur chuige atá i bhfeidhm faoi láthair chun captaen ar fhoireann shinsir pheile Chiarraí a athrú. Fágann sé sin gurb iad seaimpíní Chraobh Shinsir Peile Chiarraí a roghnóidh an captaen i gcónaí.

Rinneadh plé ar an gceist seo ag cruinniú míosúil Bhord CLG Chiarraí aréir. Cuireadh rún chun cinn a mhol gurb iad foireann bhainistíochta na bhfoirne a roghnódh a gcaptaen féin.

Vótáil 50 de na toscairí ar son an rúin, i gcomparáid leis an 48 a chaith vóta ina choinne, ach níor éirigh leis an rún toisc go raibh tromlach dhá thrian ag teastáil sula nglacfaí leis.

Fágann an vóta gurb iad Ciarraí agus Cill Chainnigh an t-aon dá chontae a chloíonn leis an gcóras traidisiúnta go fóill.

Ainmníodh David Clifford mar chaptaen ar fhoireann shinsir Chiarraí don bhliain 2020 an mhí seo caite. Bhí Clifford ar fhoireann Chiarraí Thiar a bhuaigh Craobh Shinsir Peile Chiarraí mí na Samhna seo caite.

Úsáidtear an córas céanna chun captaen a roghnú ar fhoireann shinsir iomána Chiarraí chomh maith.

Fág freagra ar 'Ciarraí ag cloí leis an dtraidisiún maidir le ceist an chaptaein'