Cén Ghaeilge atá ar ‘Buzzin’ for the half-dozen’? Ceisteanna ón gcluiche ceannais…

Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na hábhair chainte is mó ó athimirt chluiche ceannais peile na hÉireann idir Áth Cliath agus Ciarraí

Cén Ghaeilge atá ar ‘Buzzin’ for the half-dozen’? Ceisteanna ón gcluiche ceannais…

An ráig faoin gCúig agus ‘Buzzin’ for the half-dozen’

An scríbhneoir ildánach Alan Titley a thug an Ráig faoin gCúig ar an ‘Drive for Five’ agus sin é a bhí á úsáid ag Tuairisc.ie le tamall chun cur síos a dhéanamh ar aistear stairiúil Átha Cliath i gcraobh na hÉireann in 2019. Tá téarma eile ag teastáil anois uainn agus foireann na hardchathrach ag súil leis an gcraobh a bhuachan den séú huair as a chéile an bhliain seo chugainn. ‘Buzzin’ for the half-dozen’ ceann breá tíriúil atá cloiste againn ach cén Ghaeilge a chuirfeá air sin?

Tá an ‘Blitz for Six’ ann freisin, téarma a ndearna na New England Patriots iarratas ar thrádmharc ina leith cúpla bliain ó shin, ach an bhfuil aon mholtaí ag léitheoirí léannta Tuairisc.ie?

Aghaidh Con O’Callaghan ar an gcúl. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tús láidir Átha Cliath

Ní raibh ach 18 soicind imeartha nuair a ghearr Con O’Callaghan trí lár aonad cosanta Chiarraí chun an chéad scór den chluiche a aimsiú. Má bhí daoine den tuairim go raibh an tosach ciúin sa chluiche comhscóir, níor chuir an méid sin as d’fhear Chuala agus bhí tine ar a chraiceann ó thús na hathimeartha.

Bhí an rud céanna fíor faoi Ciarán Kilkenny agus Paul Mannion. Níor aimsigh an triúr ach trí chúilín eatarthu coicís ó shin. D’aimsigh siad 0-12 eatarthu sa chluiche athimeartha.

Bhí sé soiléir go raibh O’Callaghan, Kilkenny agus Mannion i mbarr a maitheasa ó thús na himeartha. Gan ach seacht nóiméad imeartha, bhí cúig iarracht tugtha acu faoi scór agus cúig chúilín aimsithe.

Níor chuir Áth Cliath aon iarracht ar fóraoil sa chéad leath sin agus níor chuir siad ceann ar bith amú go dtí go raibh 43 nóiméad imeartha.

Ní fhéadfadh cosantóirí Chiarraí mórán eile a dhéanamh ach an oiread. Níor ghéill siad aon seans ar chúl d’Áth Cliath go dtí go raibh an cluiche nach mór thart agus níor ghéill siad aon chic saor i bhfoisceacht 45m dá gcúl féin.

Fós, bhí Áth Cliath ag fáil na scóranna. Ba é scór deireanach an chluiche, cic 45m Dean Rock, an t-aon cheann a d’aimsigh na seaimpíní sa chluiche nár tháinig ón imirt.

Gan ach cúl ar intinn Paul Geaney. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Easpa cruinnis Chiarraí

Ar an taobh eile den scéal, beidh aiféala ar Chiarraí arís mar gheall ar na deiseanna a chuir siad amú. Bhí seans acu an chéad chluiche a bhuachan dá mbeadh siad beagáinín níos cruinne agus b’amhlaidh an scéal an lá faoi dheireadh.

Ní raibh mórán de locht orthu sa chéad leath. D’aimsigh siad 78% de na hiarrachtaí a bhí acu ar na postaí ach sa dara leath 27% a bhí acu.

Chuir David Moran, Tom O’Sullivan, Diarmuid O’Connor, Jack Barry, Stephen O’Brien, agus Paul Geaney iarrachtaí amú sa dara leath nuair a bhí an cluiche fós idir dhá cheann na meá agus thit cúpla ceann eile isteach i lámha Stephen Cluxton.

Bhí deis iontach ag Stephen O’Brien ar chúl leath bealaigh tríd an dara leath chomh maith ach bhuail O’Brien a iarracht ró-ghar do Cluxton agus Paul Geaney ag fanacht le pas.

Agus Áth Cliath chomh cruinn sin bhain gach iarracht a chuir Ciarraí amú an ghaoth as a seolta.

Chruthaigh Ciarraí 24 deis scórála ón imirt agus níor aimsigh siad ach 0-11 acu. Ar an taobh eile den scéal, chruthaigh Áth Cliath 28 deis scórála ón imirt agus d’aimsigh siad 1-17. B’in é scéal an chluiche.

Stephen O’Brien agus Stephen Cluxton. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cúil ag teastáil chun Áth Cliath a shárú

Tá sé ráite arís agus arís eile ach nach bhfaighfear an ceann is fearr ar fhoireann Átha Cliath seo gan cúil a scóráil. Is iad Dún na nGall an t-aon fhoireann a fuair an ceann is fearr ar fhir na hardchathrach sa chraobh ó thús 2013 agus bhí ar na Conallaigh trí chúl a aimsiú chun Áth Cliath a chur de dhroim seoil sa chluiche sin i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann 2014.

Cé gur aimsigh Killian Spillane cúl sa chluiche comhscóir, chuir Ciarraí trí nó ceithre sheans ar chúl amú sa chluiche céanna.

Bhí sé soiléir go raibh Ciarraí ag iarraidh cúil a scóráil luath sa chluiche athimeartha. Sna chéad deich nóiméad nó mar sin, bhuail siad cúig chic fada isteach i dtreo na cearnóige ach níor bhuaigh siad aon cheann acu. Níos measa fós, d’éirigh le hÁth Cliath dul suas díreach an pháirc agus cúilín a scóráil tar éis ceithre cinn de na pasanna fada sin.

Ní raibh ach dhá dheis cheart ag Ciarraí ar chúl sa chluiche. Leath bealaigh tríd an gcéad leath, chuaigh Brian Ó Beaglaoich ar ruathar agus thug sé pas do Paul Geaney os comhair an chúil ach bhuail fear an Daingin raspar thar an trasnán.

Is sa dara leath a bhí an seans eile acu ach níor thapaigh Stephen O’Brien an deis. Tabharfaidh Áth Cliath méid áirithe deiseanna ar chúil duit agus caithfidh tú iad a thapú an uair sin.

Shane Ryan. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Moladh do Shane Ryan

Taispeánadh arís sa chluiche athimeartha cén fáth go mbítear ag maíomh gurb é Stephen Cluxton an cúl báire peile is fearr riamh. Bhí a chiceanna amach cruinn, den chuid is mó, rinne sé an-sábháil ó Stephen O’Brien ag pointe tábhachtach sa chluiche agus ní raibh aon fhadhb aige leis na ciceanna fada a chuir Ciarraí isteach ina threo.

Beidh Cluxton, a bheidh 38 bliain d’aois amárach, san iomaíocht do ghradam ‘Peileadóir na Bliana’ arís i mbliana, ach caithfear a chéile comhraic as Ciarraí a mholadh chomh maith.

Roimh thús an chéad chluiche, luadh Shane Ryan mar dhuine a mbeadh Áth Cliath ag iarraidh an-bhrú a chur air. I mbliana a thosaigh an cúl báire ag imirt d’fhoireann shinsir Chiarraí agus measadh go raibh a chuid ciceanna amach ar na laigí ba mhó a bhí ag Ciarraí.

Cé go raibh an oiread sin brú ar fhear na Rátha Móire, sheas sé an fód sa dá chluiche. Chaill Ryan agus Ciarraí sé chic amach an chéad lá, an méid chéanna a chaill Cluxton, ach rinne sé an-sábháil ó iarracht le Con O’Callaghan.

B’fhéidir nár cuireadh an oiread céanna brú ar chiceanna amach Chiarraí san athimirt ach níor chuir Ryan oiread agus ceann amháin ar strae. Bhuaigh Ciarraí gach ceann den 23 cic amach a bhí acu agus arís rinne Ryan sábháil mhaith ó Dhiarmuid Connolly agus ó Con O’Callaghan i dtreo dheireadh na himeartha.

Má bhí amhras faoin gcúl báire ag tús na bliana, níor cheart go mbeadh anois.

Bernard Brogan. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Cé leis a mbeidh muid ag fágáil slán?

Agus cúig chraobh as a chéile buaite ag Áth Cliath, tá seans maith ann go n-éireoidh cuid den fhoireann as agus a ngaisce stairiúil déanta acu.

Is é Bernard Brogan an duine is mó a bhfuil caint faoi go n-éireoidh sé as. Tháinig sé ar ais ó dhrochghortú glúine anuraidh ach níl mórán imeartha aige ar chor ar bith i mbliana. Cé go raibh Brogan, atá 35 bliain d’aois, ar an mbinse d’athimirt chluiche ceannais na hÉireann, níor tháinig sé isteach.

Ba é Michael Darragh Macauley an t-ionadaí deireanach a tháinig isteach. Bhí an cluiche nach mór thart faoin am sin agus gan ach cúpla nóiméad d’am cúitimh fágtha. Bhí an chuma ar Macauley nach róshásta a bhí sé gur fágadh chomh fada sin ar an mbinse é.

Cé nár imir Macauley rómhaith sa chéad chluiche i gcoinne Chiarraí, bhí bliain mhaith aige go dtí sin agus cuirfidh sé as dó nár thosaigh sé i gcluiche an tSathairn. Ba é an cluiche sin an tríú cluiche athimeartha a d’imir Átha Cliath faoi cheannas Jim Gavin agus ba é an tríú huair é ar fágadh Macauley amach san athimirt. Tá an t-imreoir lár páirce 33 bliain d’aois agus b’fhéidir go mbeidh sé ag rá leis féin nach fiú an tairbhe an trioblóid mura bhfuil muinín ag an mbainisteoir as.

Tá Philly McMahon (32), Kevin McManamon (32), Eoghan O’Gara (33), agus Diarmuid Connolly (32) i measc na bhfear a bhfuil cinneadh mór le déanamh acu. Feicfimid an dtiocfaidh Cian O’Sullivan ar ais chomh maith. Níl fear Chill Mochuda ach 31 bliain d’aois ach tá sé cráite ag gortuithe le blianta beaga anuas.

Fág freagra ar 'Cén Ghaeilge atá ar ‘Buzzin’ for the half-dozen’? Ceisteanna ón gcluiche ceannais…'

  • alan titley

    mo bhuíochas leat a Phádraic as an aitheantas ait sin…idir an dá linn luaigh mé ‘an traein chun an leathdhosaein’ in alt liom. Níl chomh deas sin, beagán tuathalach agus amscaí, ach fáilte roimh gach moladh eile….