Cén Ghaeilge a chuirfeá ar ‘Spare’ dá mbeadh leabhar an Phrionsa Harry á aistriú agat?

Ní furasta ‘Spare’ a aistriú go teanga ar bith toisc go mbaineann sé go dlúth le cultúr na Breataine

Cén Ghaeilge a chuirfeá ar ‘Spare’ dá mbeadh leabhar an Phrionsa Harry á aistriú agat?

Tá olc ar ghrúpa feachtasaíochta san Iodáil dar teideal ‘Campagna per salvare l’italiano’ (‘Feachtas chun an Iodáilis a shábháil’) nár tugadh tús áite don Iodáilis ar chlúdach an leagain Iodáilise de Spare, cuimhní cinn an Phrionsa Harry. Tá díomá orthu gur sa Bhéarla a fágadh na focail ‘Spare’ agus ‘Prince’ ar an gclúdach, rud nach ndearnadh in aon teanga Eorpach eile inar aistríodh an leabhar. An t-aon fhocal Iodáilise atá ar an gclúdach ná ‘Il minore’ (an mac óg), ach é i gcló beag faoi bhun ‘Spare’ an Bhéarla.

Deir ball amháin den ghrúpa feachtasaíochta go bhfuil ionadh air focal Iodáilise ar bith a fheiceáil ar an gclúdach, más i gcló beag féin é. Dar leis go bhfuil easpa measa ag go leor de lucht léinn na hIodáile ar a dteanga féin, agus nach aon ionadh é dá bhrí sin gur tugadh tosaíocht don Bhéarla.

Is cosúil go dtograíonn roinnt foilsitheoirí Iodálacha an Béarla a chur i dteideal leabhair toisc go gceapann siad go mbeidh cuma níos mealltaí air agus gur mó cóipeanna a dhíolfar má bhíonn an Béarla feiceálach ar an gclúdach.

Cheannaigh mé féin leabhar san Iodáilis tamall ó shin faoi Fidel Castro dar teideal Fidel in Love. In ainneoin an Bhéarla ar an gclúdach, ní raibh an chuid eile den téacs breac leis: is cleas margaíochta de chuid an fhoilsitheora a bhí ann Béarla a úsáid sa teideal, de réir dealraimh. Is dócha nár cheart a bheith ródhian ar aistritheoir Spare as an mBéarla a bheith ar an gclúdach, mar sin – seans nach é an t-aistritheoir ach an foilsitheoir a rinne an cinneadh sin.

Is díol suime é freisin an chaoi ar aistríodh ‘Spare’ go teangacha eile. Tá Le suppléant ag na Francaigh, téarma is gnách a úsáid i gcomhthéacs na scoile (ciallaíonn sé ‘múinteoir ionaid’ sa chomhthéacs sin) nó sa leigheas (ciallaíonn sé ‘dochtúir ionaid’ nó locum sa chás sin). Ní aistriúchán díreach atá sa teideal Spáinnise ná Portaingéilise – is é an nath cainte ‘faoi scáth’ atá acu (En la Sombra agus Na Sombra). Is ‘Cúltacaí’ atá sa Ghearmáinis agus sa Rómáinis (Reserve agus Rezervă). Aistrítear ‘Prince Harry’ i ngach teanga seachas san Iodáilis.

Dá mbeadh an leabhar á aistriú go Gaeilge (rud nach ndéanfar go deo, is dócha), is cinnte go n-aistreofaí an teideal agus nach mbeadh an bunteideal Béarla le feiceáil ar an gclúdach. Óir sílim go dtuigeann scríbhneoirí agus foilsitheoirí na teanga go bhfuil dualgas ar leith orthu dea-shampla a léiriú agus béarlachas a sheachaint – agus dá bhfágfaí an teideal sa Bhéarla, is beag seans gur mó cóipeanna a dhíolfaí dá bharr, ach a mhalairt!

D’fhiafraigh mé ar lucht Twitter cén Ghaeilge ba cheart a chur ar ‘Spare’ agus is iomaí freagra maith a fuair mé.

Taitníonn ‘An Giolla Rua’ agus ‘Mo Bhealach Féin’ liom ach sílim gur gá a bheith níos dílse don bhunteideal ná sin. Tá ‘Cúltacaí’ agus ‘Fear ionaid’ go maith freisin, ach dar liom go bhfuil brí rómhíleata ag ‘cúltacaí’ sa Ghaeilge.

Is idir shúgradh is dáiríre a moladh roinnt aistriúchán eile – ‘Sceach i mbéal bearna’, ‘Croitheadh an tSacáin’, ‘Speár’ (traslitriú de chineál ar an mBéarla), ‘Fuíoll’, ‘Ní Rí Harry’ agus ‘Oifigeach in Arm na hImpireachta is Drochcháiliúla ar Domhan ag Maíomh as 25 Moslamach a Mharú san Afganastáin’. As measc na moltaí go léir, is é ‘An Mac Tánaiste’ an ceann is fearr liom. Seo is ciall le ‘tánaiste’ de réir Fhoclóir Uí Dhónaill: ‘Second in rank or dignity; next in order.’ Agus is féidir é a úsáid mar ghinideach aitreabúideach freisin (‘An fear tánaiste: the second man’ nó ‘Pearsa tánaiste: second person’).

É sin ráite, níl ‘An Mac Tánaiste’ foirfe – tá an chuma air gur teideal oifigiúil é. Agus níl aon bhrí dhíspeagúil ná fonóideach ag ‘tánaiste’, rud atá ag ‘spare’ sa Bhéarla. Ach is cuid lárnach d’fhorbairt teanga bríonna nua a thabhairt d’fhocail nó a mbrí a leathnú beagáinín in imeacht aimsire.

Is dócha gurb é sin atá ag tarlú sa Fhraincis i gcás ‘Le suppléant’, cuir i gcás, focal nár ghnách brí dhíspeagúil a bheith aige roimhe seo.

Ní furasta ‘Spare’ a aistriú go teanga ar bith toisc go mbaineann sé go dlúth le cultúr na Breataine – nath é ‘heir and spare’ a bhaineann go sonrach le teaghlach ríoga Shasana. Ceaptar gurb í an Meiriceánach Consuelo Vanderbilt, duine a phós isteach sa teaghlach ríoga, a chum an nath ag deireadh an 19ú haois agus í ag tabhairt le fios go raibh a ‘dualgas’ déanta aici beirt mhac a sholáthar dá fear céile, an Diúc Marlborough (is cosúil gur thuig sí nach raibh aon ghrá ag an Diúc di – bhí sé ar thóir a spré). Ach téann coincheap an natha i bhfad siar: toisc ráta báis na naíonán a bheith an-ard san am atá thart, bhí tábhacht riamh leis an dara mac a shaolú (agus leis an tríú, srl.) ar eagla go bhfaigheadh an mac is sine bás go hóg.

Ach is ó na 1990idí i leith atá an nath éirithe coitianta sa Bhéarla – sin mar gheall ar na meáin a bheith ag cur síos ar chruachás Diana, is dócha, agus ar na líomhaintí nach raibh suim ag an bPrionsa Charles inti ach mar ghinteoir páistí ar mhaithe le hoidhreacht an teaghlaigh ríoga a chur chun cinn.

Cé go mbíodh an imní chéanna riamh ar theaghlaigh ríoga ar fud an domhain maidir le buanú a n-oidhreachta, braitheann an nath ‘heir and spare’ ar chúrsaí ríme na bhfocal Béarla; sin cuid den chúis gur furasta cuimhneamh air agus go bhfuil sé i mbéal an phobail Bhriotanaigh.

B’fhéidir go n-iarrfadh duine cad is fiú an cheist seo a chíoradh sa Ghaeilge, ós rud é nach mbaineann teaghlach ríoga Shasana linn agus nach bhfuil sé i gceist an leabhar Spare a aistriú go Gaeilge. Ach féach ar an gcaoi ar scaip an focal ‘spare’ sa Bhéarla agus ar iompaíodh é go teangacha eile – nach sampla maith é sin den chaoi a saibhrítear teangacha a bhuí le himeachtaí móra cultúrtha a tharraingíonn go leor cainte agus poiblíochta?

Nach é sin go díreach an rud a bhíonn in easnamh ar mhionteangacha ar nós na Gaeilge? Óir chun go bhfanfadh focal nó nath cainte nua i gcuimhne an phobail, is cúnamh mór é amhrán, scannán, saothar litríochta, mana fógraíochta nó ráiteas ó dhuine cáiliúil chun an focal nó an nath a scaipeadh agus a bhuanú i gcaint na ndaoine.

Faoi mar a dúirt mé thuas, ní raibh ‘heir and spare’ i gcúrsaíocht sa Bhéarla go dtí na 1990idí, cé gur cumadh i bhfad roimhe sin é – ba é cruachás Diana a chuir i mbéal an phobail é. Sa chaoi chéanna, is féidir leis an gCoiste Téarmaíochta téarmaí nua a chumadh sa Ghaeilge, ach mura bhfuil na téarmaí sin in úsáid – nuair a thiteann imeachtaí móra amach, mar shampla – is beag seans go dtiocfaidh siad isteach sa chaint.

Agus sin an dúshlán atá romhainn – focail nua a chur i gcúrsaíocht choitianta in éagmais na n-acmhainní móra cultúrtha atá ag na mórtheangacha. Ar nós cuimhní cinn ón ngiolla rua is cáiliúla ar domhan, arb é an saothar neamhfhicsin is tapúla díol riamh.

Fág freagra ar 'Cén Ghaeilge a chuirfeá ar ‘Spare’ dá mbeadh leabhar an Phrionsa Harry á aistriú agat?'

  • Pat Butler

    Fuílleachán.

    Sin agat é idir dímheas agus ‘le spáráil’ in éineacht.

  • Conchúr

    “Scaiptheach” ar nós “an Mac Scaiptheach”

  • Ruán Ó Gliasáin

    “Mac Spártha” cé nach luífeadh sé le nadúr na teanga b’fhéidir?

  • Tony

    Cliste agus machnamhach. Alt den scoth.

  • Tony

    Manneken-Pis: dealbh sa Bhruiséil de leanbh ag fual.

  • Breathnóir1

    Bhuel sa chomhthéacs áirithe seo, b´fhéidir ´Cur amú páipéir´? :-)

  • Fearn

    Bhal tá damhna rí ann! Cad mar gheall ar “tánaiste rí”?

    Chím gur “En La Sombra” atá air sa Spáinnis : Faoi na Scáile.

    “Throidfinn le mo Scáil” le Annnraoi Bhinsear!

  • Seán Mac Cionnaith

    Boc Breise

  • Pól

    an ceann eile

  • KH

    Ráineodh go bhfuil débhríocht sa teideal: ‘I’m goin’ spare’ = ‘Táim ag dul as mo mheabhair’ / ‘Táim ciaptha cráite’ i mBéarla BhÁC agus i mBéarla Shasana.

  • Colette nì ghallchòir

    Sa bhreis

  • file

    Tá go leor féidearthachtaí don teideal faoi ‘mac’ in FGB … mac mallachta, mac an mhí-áidh, mac mioscaise … ach cad é fá ‘breacoidhre’ lena chás a mhíniú in aon fhocal amháin?

  • Brianeanna

    Ceann le cois.

  • brianeanna

    Leasphrionsa.

  • brianeanna

    An Tánaistín.

  • brianeanna

    An Cuileata.

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    “Sa bhreis” atá ag Collette is fearr liomsa… cuireann sé scéal i gcuimhne dom 7 seanduine i gCeanada (Alba Nua): bhí a ghariníon ag déanamh obair scoile / tí agus d’fhiafraigh sí de: “A Dhaideo, cén Ghàidhlig a chuirfeá ar “twins”? An freagra ná: “Chuirfinn, aon tuilleadh sa bhreis”!