Ceisteanna le freagairt agus an teannas iarBhreatimeachta ag géarú

Tá teannas idir na páirtithe ag géarú agus imní faoina bhfuil i ndán do Stormont

Ceisteanna le freagairt agus an teannas iarBhreatimeachta ag géarú

An bhfuil rialtas na Breataine toilteanach an margadh a rinne sé leis an Aontas Eorpach i mí na Nollag a chur i bhfeidhm? Arb é a mhian rialacha áirithe a lúbadh go ceann tamaill, iad a chur as a riocht go buan nó an t-iomlán a chaitheamh i dtraipisí? 

Nó an beart réasúnta é an margadh sin a shárú de bharr na ndeacrachtaí atá cothaithe ag an bPrótacal iarBhreatimeachta? 

Tá liodán ceisteanna ann faoina bhfuil ar siúl i dtaca leis an mBreatimeacht agus an Prótacal agus tá a líon ag dul i bhfad. Ceisteanna iad do rialtas na Breataine, don Aontas Eorpach, do na páirtithe aontachtacha abhus, an DUP go háirithe, agus do na dílseoirí, idir pharaimíleataigh agus eagraíochtaí dleathacha. 

An bhfuil baol ann ó pharaimíleataigh dhílseacha? Agus an contúirt do Stormont í an ghuagacht pholaitiúil faoin bPrótacal?

Baineadh geit as na húdaráis sa Bhruiséil agus in Éirinn nuair a d’fhógair Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis sa Pharlaimint in Westminster go raibh cinneadh aontaobhach déanta ag rialtas na Breataine síneadh leathbhliana ar an tréimhse chairde faoin bPrótacal a cheadú. Go dtí le gairid bhí an Státrúnaí diongbháilte de nach raibh teorainn curtha i Muir Éireann ar chor ar bith ach anois sé a údar iomrá gur fhógair sé faoi dhó go sáródh a rialtas dlíthe idirnáisiúnta. 

Níor ghlac an Príomh-Aire Johnson leis gur shárú ar an gconradh ná ar an dlí idirnáisiúnta a bhí sa mbeart aontaobhach. Céim theicniúil a bhí ann ar sé, mar a dúirt Brandon Lewis anuraidh nuair a mhol sé bille a tháinig salach ar an gconradh aistarraingthe ón AE. Deir Lewis áfach go seasfaidh an Prótacal. D’ainneoin bhreithiúnas Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha, agus foinsí sa Bhruiséil nach raibh rialtas na Breataine iontaofa, mhaígh Johnson go réiteofaí an chonspóid seo go héasca.

Chothaigh an Prótacal fadhbanna maidir le hearraí ag teacht go Tuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór le linn na tréimhse cairde a bhí aontaithe leis an AE – go dtí deireadh na míosa seo. Ní hiontas mar sin go raibh síneadh ama á éileamh ag lucht gnó. Níl comhlachtaí faoi réir don réimeas a bhí le tosú ar an 1 Aibreán.

Tuigeadh go forleathan go raibh na héilimh go gcuirfí síneadh ar an tréimhse chairde á scrúdú ag an gcomhchoiste um fheidhmiú an mhargaidh agus go maolófaí na srianta in am. Cén fáth nár fhan an Bhreatain seachtain nó dhó eile féachaint leis an bhfaoiseamh a aontú? An raibh an Bhruiséil a bhíonn an-tógtha leis an ‘próiseas’ ag gluaiseacht rómhall? An bhfuil cuid den locht ar an dá thaobh?

Nó an raibh cúis eile le tobainne na Breataine? Taispeántas nirt – teachtaireacht don Aontas Eorpach agus d’iar-chomhghleacaithe Aontachtacha agus Caomhacha? Ar theastaigh ón bPríomh-Aire a sheanchomrádaithe san ERG a shuaimhniú agus a leaschathaoirleach ag éileamh go ndéanfaí ‘neodrú go haontaobhach’ ar an bPrótacal? 

An sop in áit na scuaibe don DUP atá ag iarraidh go gcuirfí an Prótacal ar ceal scun scan? 

Dé Luain seo caite tháinig an Tiarna David Frost i gcomharbacht ar Michael Gove mar chomhchathaoirleach le Maroš Šefčovič ar choiste feidhmithe an mhargaidh idir an Ríocht Aontaithe agus an Bhruiséil. Ba é Frost idirbheartaí a rialtais ar an mBreatimeacht ach bhí tuairimíocht ó ceapadh san ról nua é go mbeadh sé níos diúltaí ná mar a bhí Gove. Cibé, tharla an beart conspóideach ar a thríú lá in oifig.

Abhus baineadh geit as daoine nuair a d’fhógair Comhairle na nDílseoirí, an LCC, i litir chuig an bPríomh-Aire Boris Johnson go raibh a dtacaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta á haistarraingt acu go dtí go réiteofaí an fhadhb faoin bPrótacal. Scáthghrúpa dleathach do na heagraíochtaí mídhleathacha – an UVF, UDA agus RHC – is ea an LCC a bunaíodh in 2015 chun cuidiú leis na paraimíleataigh “imeacht den stáitse”. De réir na tuairisce is deireanaí ó mhonatóirí tá paraimíleataigh dhílseacha sáite sa choiriúlacht, mangaireacht drugaí, sracadh airgid, striapachas agus eile.

Sa litir, a seoladh ag an Taoiseach freisin, dúirt Cathaoirleach an LCC, David Campbell, go ndearna an Prótacal leatrom ar aontachtaithe agus go raibh teorainn i Muir Éireann dochosanta. Dúirt sé gur bhain an socrú an bonn den chúis a bhí ag na Dílseoirí lena sos comhraic i 1994 – ba é sin go raibh an t-aontas (leis an mBreatain) slán. 

Dúirt Príomh-Chonstábla an PSNI Simon Byrne go ndearna póilíní measúnú slándála de bharr an ráitis ón LCC, ach nár léir go raibh dílseoirí ag bagairt foréigin. 

Bhí an ghuagacht pholaitiúil follasach, áfach. D’fháiltigh an DUP roimh bheart na Breataine agus teastaíonn uathu go ngabhfadh Johnson níos faide; táthar ag fanacht le scéala faoina ndúshlán cúirte don bPrótacal. Táthar ag fanacht chomh maith le soiléiriú faoi chinneadh aire de chuid an DUP, Gordon Lyons, stop a chur le forbairt na n-ionad custaim ina bhfeidhmeodh an Prótacal.

Maíonn airí eile gur sháraigh Lyons a chumhacht agus tá dúshlán cúirte beartaithe ina choinne sin freisin. Tá Sinn Féin, SDLP agus Alliance meáite gurb é an Breatimeacht crua a theastaigh ón DUP faoi ndear an Prótacal agus na deacrachtaí a eascraíonn uaidh. Tá teannas idir na páirtithe ag géarú agus imní faoina bhfuil i ndán do Stormont.

Fág freagra ar 'Ceisteanna le freagairt agus an teannas iarBhreatimeachta ag géarú'