Ceist faoi Thráth na gCeist

Léirigh dhá bhabhta ceistiúcháin an tseachtain seo fiúntas agus easpa fiúntais na Dála. Cuimhnigh gur tusa a íocann as (1) seafóid agus (2) plé fiúntach

Enda kenny
Enda Kenny: Pictiúr Photocall Ireland

(1) Seafóid – Ceisteanna na gCeannairí, Dé Céadaoin

D’fhiafraigh Michéal Martin d’Enda Kenny an raibh aonaid phráinne na n-ospidéal sábháilte. Rinne sé cur síos ar shíneadh na liostaí feithimh. Mhol sé go gcuirfí ciorruithe ar leapacha agus ar mhaoiniú ‘Fair Deal’ ar ceal.

Ach bhí a bhuncheist soiléir: an bhféadfaí othair a chur ar a suaimhneas agus a chur ina luí orthu go bhfuil na haonaid phráinne sábháilte?

Dúirt Enda Kenny le Mícheál Ó Máirtín gur fhiosraigh sé a thréimhse mar aire sláinte, idir 2000 agus 2004. Nuair a tharla a leithéid cheana, a dúirt sé, shéan Ó Mairtín go raibh géarchéim ann.

“We are talking about now,” a dúirt Michael Healy-Rae leis an Taoiseach.

 “Come into the present,” a dúirt Mattie McGrath.

Dúirt anTaoiseach gur gheall Micheál Ó Mairtín fadó go mbeadh deireadh leis na liostaí feithimh faoi cheann dhá bhliain.

 “This is the present,” arsa Billy Kelleher.

Is ina dhiaidh sin a thug an Taoiseach aghaidh ar an gceist, más ar éigean é. Dúirt sé go raibh tascfhórsa bunaithe chun liostaí feithimh a chiorrú, agus 25m sa bhreis curtha ar fáil ag an rialtas. Ach níor fhreagair sé an cheist a cuireadh air. Rinne Micheál Ó Mairtín iarracht eile. An ndéarfadh Enda le hothair go raibh na haonaid phráinne sábháilte?  

Dúirt an Taoiseach nár admhaigh Ó Mairtín riamh go raibh se freagrach as liostaí fada feithimh fad a bhí na billiúin euro á gcur amú ag an rialtas a raibh sé páirteach ann.

“This is not a history lesson. We are dealing with the here and now,” a dúirt Michael Healy Rae leis.

Ní fiú a thuilleadh a rá faoin mbabhta ceistiúcháin seo, ach amháin a rá nach bhfuair Micheál Ó Máirtín mar fhreagra ach ráiteas ón Taoiseach nach raibh na haonaid chomh sábháilte agus ba chóir dóibh a bheith. ‘Freagra slíodóra’, a thug Ó Máirtín ar a ndúirt an Taoiseach.

B’ionann tráth seo na gceist agus na mílte babhta eile dá leithéid a chualathas rómhinic roimhe seo le linn tréimhsí rialtais na bpríomhpháirtithe go léir.

Síorchaint rialtais ar ar tharla i bhfad siar.

Seachaint ceisteanna. Magadh agus masla. Polaitíocht ar an sean-nós.

(2) Plé fiúntach – Ceisteanna faoi Chúrsaí Reatha, Dé Céadaoin

Chuir Richard Boyd Barrett, Finian McGrath, Derek Nolan agus Jonathan O’Brien ceisteanna faoin ábhar céanna ar Leo Varadkar. 

Rinne siad go léir cur síos gonta ar na deacrachtaí agus ar mholtaí leighis. Níor thagair an tAire sláinte do chúrsaí staire in aon chor. Thug sé freagra díreach ar fhormór na gceisteanna. Níor mhaslaigh ceachtar taobh Teachtaí ar an taobh eile. Níor bhac said le magadh.

Mhair an babhta ceistiúchain seo thart ar 20 nóiméad. Bhí an chuid is mó den chaint tomhaiste agus dírithe ar réiteach na faidhbe.

Má léann tú an tuairisc ar an bplé i www.oireachtas.ie, beidh breis eolais agat. Tuairimíocht, moltaí réitigh, ceisteanna, agus freagraí. Bhí an plé réasúnta, béasach agus fiúntach.

An dá thaobh den pholaitíocht in aon lá amháin. Agus trí ceist le meá, b’fhéidir.

Cén fáth a gcuireann polaiteoirí an oiread ama amú ar bhaothchaint? Cén fáth a gcuirfimidne, iriseoirí, an oiread ama amú ag cur síos ar bhaothchaint? Agus an dtugann aon duine ar bith aird dáiríre ar bhaothchaint?

Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Ceist faoi Thráth na gCeist'

  • Séamas Mac Coitir

    Cinnte dearfa, is baothchaint agus geallúintí gan chomhlíonadh a bhíonn ar siúl ag formhór na bpolaiteoirí go síoraí seasta! Geallann siad na hoirc agus na hairc nuair a bhíonn siad ag stocaireacht! Is é an dearcadh a bhíonn acu nuair a bhíonn siad tofa, táimse in áit na cumachta,
    bíodh an fheamainn ag an gcuid agaibh! Tá sé ráite riamh go dtruaillíonn cumhacht, ach go

    dtruaillíonn lánchumhacht gan bhréag gan amhras! Sin é mo thuairimse ar an ábhar seo. .

  • Mise Åine

    An Modh Seachanta in úsáid acu, ní an Aimsir Láithreach… Ceist GrAmaidí, b’fhéidir… :-)