Ceist bhuiséad Fhoras na Gaeilge le plé den céad uair le ceithre bliana anuas

Agus feidhmeannas Stormont i mbun gnó arís, tá sé i gceist cruinnithe CATT a reáchtáil go gairid agus cás bhuiséad na bhforas trasteorann a phlé

Ceist bhuiséad Fhoras na Gaeilge le plé den céad uair le ceithre bliana anuas

Tá ráite ag an aire sinsearach i Roinn na Gaeltachta go bhfuil ceist bhuiséad Fhoras na Gaeilge le plé go luath.

An Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a cheadaíonn buiséad an Fhorais ach ó tharla nach raibh aon chruinniú acu ó lár 2016 de bharr na sáinne polaitiúla, níor tháinig aon ardú ar bhuiséad na heagraíochta teanga le ceithre bliana anuas.

Agus feidhmeannas Stormont i mbun gnó arís, tá sé i gceist cruinnithe CATT a reáchtáil go gairid agus cás bhuiséad na bhforas trasteorann a phlé.

Dúirt an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta Catherine Martin “go bpléifear gach gné de chúrsaí oibre an Fhorais Teanga, buiséad san áireamh” ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas go luath.

Agus ceist scríofa Dála á freagairt aici, dúirt Catherine Martin go raibh sí “ag súil go mór le bheith ag obair go dlúth leis an bhForas sna blianta amach romhainn chun an teanga a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin”.

Cuireann Roinn na Gaeltachta 75% dá mhaoiniú ar fáil don Fhoras Teanga agus tagann an 25% eile ón Roinn Pobal ó thuaidh.

€11.08 milliún a cheadaigh Roinn na Gaeltachta d’Fhoras na Gaeilge don bhliain 2020. Chomh maith leis sin, chuir an Roinn €1.06 milliún ar fáil don Fhoras do Chlár na Leabhar Gaeilge agus beagnach €118,000 breise a fuarthas do Cholmcille.

Tá ráite ag Catherine Martin go ndéanfaidh sí a dícheall tuilleadh maoinithe a fháil do chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ciorruithe den chuid is mó a bhí i ndán do chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán le deich mbliana anuas.

Fág freagra ar 'Ceist bhuiséad Fhoras na Gaeilge le plé den céad uair le ceithre bliana anuas'